Is cosúil go bhfuil Fianna Fáil i sáinn.
Léiríonn pobalbhreitheanna an lae inniu nach bhfuil an páirtí ag dul i bhfeidhm ar an bpobal agus nach bhfuil aon dul chun cinn á dhéanamh acu.
Cé gur éirigh leis an bpáirtí an chéad áit a bhaint amach sna toghcháin áitiúla, theip orthu aon mhaith mórán a dhéanamh sna toghcháin Eorpacha ná sna fothoghcháin nuair a chaill siad suíochán i Ros Comáin ba chóir a bheith acu.
Cé go bhfuil biseach beag ar an bpáirtí sna pobalbhreitheanna anois i gcomparáid le holltoghchán 2011, tá sé le léamh sna pobalbhreitheanna céanna nach féidir leis an bpáirtí a bheith ag súil le dul mórán níos airde ná 20% nó 25% – figiúirí a cheapfadh an páirtí a bheith go hainnis ag tús an chéid.
Deir Éamon Ó Cuív, iar-leascheannaire an pháirtí, agus teachta Dála do Ghaillimh Thiar, nach féidir leis an bpáirtí neamhní a dhéanamh de na torthaí seo.
Agus táthar ag tuairimiú sna meáin go mbeidh athrú ceannaireachta ann, sin má tá einne ann a bheadh ábalta jab Micheál Martin a dhéanamh.
Ach tá fadhb i bhfad níos bunúsaí ag an bpáirtí ná pearsantacht an cheannaire.
‘Sea, samhlaíonn daoine Martin i gcónaí leis na polasaithe a thug isteach sa ghéarchéim muid, ach is í an fhadhb is mó atá acu ná nach léir cá seasann an páirtí nó cén fhealsúnacht atá aige a dheighleann ó pháirtithe eile é.
Céard lena aghaidh a bhfuil Fianna Fáil ann?
Nuair a tháinig an tubaiste i 2010 a chuir d’iachall ar Bhrian Cowen éirí as an gceannaireacht, dúirt Mícheál Martin go raibh sé ag seasamh chun go bhfillfeadh Fianna Fáil ar a chuid préamhacha raidiciúla. (Bhí feachtas den chineál céanna ag Éamon Ó Cuív, freisin, ar ndóigh).
Céard iad na préamhacha raidiciúla sin?
Ins na tríochaidí chuir Fianna Fáil tús le tionscalú na tíre trí ról lárnach a thabhairt don stát sa bhforbairt eacnamaíochta; thug siad beartais éagsúla isteach a bhain le cosaint sóisialta; agus rinneadar iarracht neamhspleáchas a bhaint amach i gcúrsaí eacnamaíochta agus polaitíochta araon.
Ag eascairt as sin, bhí Fianna Fáil ar feadh na mblianta in ann freastal ar an dá thrá: leas lucht gnó a dhéanamh agus leas na ndaoine gan mhaoin a chosaint cuid mhaith freisin.
Ach mar thoradh ar an tubaiste eacnamaíochta, ról Fhianna Fáil sa tubaiste sin, agus na polasaithe déine a chuir siad chun cinn le tabhairt faoin tubaiste, chaill Fianna Fáil tacaíocht an lucht oibre sna cathracha nach mór ar fad.
Léiríonn na figiúirí toghchán is pobalbhreitheanna nach bhfuil ag éirí leo an tacaíocht sin a fháil ar ais, ná tacaíocht na ndaoine beaga faoin tuath ach an oiread más comhartha réadúil é toradh Ros Comáin.
Sin í an tsáinn: ní féidir leo teacht amach go hiomlán in aghaidh na déine gan a admháil go raibh siad mícheart glacadh le déine ar ordú na hEorpa ar an gcéad dul síos, agus glacadh leis go gcaithfí scaradh le saint an lucht ghnó agus le polasaithe a oireann don lucht gnó.
Nó, ní féidir leo tacú leis an rialtas, cé gur polasaithe Fhianna Fáil atá dhá gcur i bhfeidhm ag an rialtas seo.
Tá deacracht mhór ag Martin sa mhéid seo.
Is leithéidí Mhichael McGrath agus Dara Calleary a tháinig chun cinn sa bpáirtí ón olltoghchán, agus níl rian de phréamhacha raidiciúla an pháírtí le tabhairt faoi deara sa méid a deireann siadsan.
Agus cosúil gur focal sa ngaoth atá ag Ó Cuív sna cúrsaí seo.
Fág freagra ar 'Fianna Fáil i sáinn – conas éalú?'