Fianna Fáil agus Páirtí an Lucht Oibre in adharca a chéile don cheathrú suíochán i gCorcaigh Thoir

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

Fianna Fáil agus Páirtí an Lucht Oibre in adharca a chéile don cheathrú suíochán i gCorcaigh Thoir

Dáilcheantar: Corcaigh Thoir

Líon na suíochán: 4

Cuóta mar % den vóta: 20%

Leagan amach an dáilcheantair: An chuid thoir de chontae Chorcaí, ina bhfuil na bailte Mala, Eochaill, Mainistir Fhear Maí, Baile Mhistéala agus Mainistir na Corann

Teachtaí Dála ag seasamh: Pat Buckley (SF), David Stanton (FG), Seán Sherlock (LO) agus Kevin O’Keefe (FF)

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán  2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 24.3 33
Fine Gael 28.5 31
Lucht Oibre 13.2 7
Sinn Féin 10.2 9
Clé 6.4 2
Eile* 17.4 18

* Comhaontas Glas agus Renua san áireamh.

Anailís: Beidh suíochán amháin ag Fine Gael agus suíochán amháin ag Fianna Fáil sa dáilcheantar seo agus seans ar an dara ceann ag Fianna Fáil ach na vótaí a roinnt go cothrom idir iarrthóirí an pháirtí.  Is as tuaisceart an dáilcheantair thart ar Bhaile Mhistéala do Kevin O’Keefe (FF) a bhí sa 32ú Dáil, mac leis an iarTheachta Ned O’ Keefe (FF). As deisceart an dáilcheantair thart ar Eochaill an dara hiarrthóir, an Comhairleoir James O’Connor (FF) a fuair 1,535 vóta sna toghcháin áitiúla mí Bealtaine seo caite.

Chaill Fine Gael suíochán anseo in 2016. Níor chabhraigh sé leis an bpáirtí go ndeachaigh an Seanadóir Paul Bradford san iomaíocht sa dáilcheantar tar éis dó éirí as Fine Gael faoi cheist an ghinmhillte. An uair seo tá Pa O’Driscoll (FG) ar an ticéad le David Stanton (FG). Is iarrthóir láidir é O’Driscoll ó Mhainistir Fhear Mhaí. Fuair sé 5,000 san olltoghchán in 2011, ach níor sheas sé in 2016. D’fhéadfadh sé brú a chur ar Stanton (FG), arb as Mainistir na Corann dhó. 

Agus an ghaoth i seolta Shinn Féin ba cheart go mbeadh Pat Buckley (SF) in ann a shuíochán a choinneáil.  Ar bhonn tíreolaíochta ba cheart go mbeadh sciar maith de vótaí aistrithe aige ó Mary Lenihan-Foley (NS), má bhíonn sé chun cinn uirthi, agus ó Liam Quaide (CG).

Beidh brú mór ar Sheán Sherlock (LO) a shuíochán a choinneáil. Ní raibh ach 7% den vóta ag Páirtí an Lucht Oibre anuraidh sna toghcháin áitiúla. Tá vóta maith ar bhonn pearsanta aige thart ar Mhala agus  fuair sé go leor vótaí aistrithe in 2016 ó iarrthóirí Fhine Gael. Má dhíbrítear roimhe Pa O’Driscoll (FG), as Mhainistir Fhear Maí, ba cheart go bhfaigheadh Sherlock (LO) sciar maith dá vótaí. Má bhíonn O’Driscoll (FG) chun cinn ar Sherlock (LO), beidh seans ag Fine Gael ar dhá shuíochán. 

Ní féidir an Comhairleoir Lenihan-Foley (NS) as Eochaill a chur as an áireamh. Fuair sí 2,699 vóta anuraidh agus í ag seasamh sna toghcháin áitiúla den chéad uair. Is bean í a bhfuil scéal le hinseacht aici, mar gur rugadh í in Bessborough House, an t-ionad máithreacha agus leanaí.   An cheist mhór ná seo – cá dtiocfaidh an vóta a bheas aici má chuirtear as an áireamh í?  Ba cheart go rachadh cuid mhaith acu i dtreo Pat Buckley (SF) mar gurb as an gceantar céanna an bheirt acu. Bheadh sciar maith acu chomh maith ag James O’Connor (FF), an dara hiarrthóir ag Fianna Fáil.

Beidh vóta réasúnta, thart ar 2,000, le roinnt ag an gComhairleoir Liam Quaide (CG). Fuair sé 1,024 vóta sna toghcháin áitiúla agus rachaidh slám deas acu sin chuig Pat Buckley (SF) freisin.

Tá an chuma ar an scéal gur idir Seán Sherlock (LO) as Mala agus James O’Connor (FF) as Eochaill a bheidh an ceathrú suíochán. Má thoghtar Buckley (SF) agus Stanton (FG) as deisceart an dáilcheantair, ba chóir go mbeadh an bua ag Sherlock (LO).

Ar na hiarrthóirí eile tá na neamhspleáigh Shane O’Grady (NS) agus Thomas Kiely (NS). Tá Frank Shinnick ag seasamh don Irish Freedom Party atá ar son imeacht as an Aontas Eorpach, agus tá Conor Hannon ag seasamh d’Aontú.

Tuar: O’Keefe (FF), Stanton (FG), Buckley (SF) agus Sherlock (LO)

Fág freagra ar 'Fianna Fáil agus Páirtí an Lucht Oibre in adharca a chéile don cheathrú suíochán i gCorcaigh Thoir'