Thiar sa Tréimhse Neoiliteach nuair a bhí cromleaca, carraigeacha agus clocha i ngach aon bhall agus Sisyphus ar a chroídhícheall ag iarraidh bollán a rolladh aníos go barr an chnoic ionas go rollfadh sé anuas arís, bhíos ag freastal ar an mbunscoil. Laethanta geala agus laethanta dorcha. Ar ámharaí an tsaoil, bhí a bhformhór acu geal im’ chás féin. A bhuíochas san cuid mhaith do Phádraig Ó Siochfhradha ón Daingean nó An Seabhac mar is fearr aithne air.
Ba é siúd an duine a scríobh An Baile Seo ‘Gainne agus Jimín a foilsíodh sa bhliain 1919. Bhí caibidil as Jimín inár leabhar scoile. Caibidil faoin Nollaig agus sampla maith ann den diabhlaíocht a bhíodh ar siúl ag Jimín Mháire Thaidhg le linn a óige. San eachtra áirithe seo ba é an gandal a tharraing a aird agus phrioc an diabhal é chun an ‘buidéal a raibh trí réiltíní air’ (agus an braon cruaidh istigh ann, ar ndóigh!) a thógaint amach as an gcupard agus steancán maith de a mheascadh le dorn mine buí i bpláta agus é a fhágaint amuigh sa bhuaile don ghandal.
D’ith agus d’ól an gandal a sháith agus níorbh fhada go raibh an inchinn sa leathcheann aige!
Mar dúirt Jimín, ‘chuirfeadh sé na cait ag gáirí’ leis an ngeáitsíocht a bhí ar bun aige de bharr a raibh ólta aige. Chuaigh an scéilín sin i bhfeidhm orainn go léir ag an am agus ba bheag buachaill inár rang (a raibh géanna agus gandail ag a dtuistí sa bhaile) nár dhein aithris ar Jimín. D’inis mé féin an scéal dom’ thuismitheoirí agus bhíodar sna trithí ar fad. Ní ba thábhachtaí fós, bhí sé ina ábhar grinn againn amuigh sa chlós go deireadh na scoilbhliana sin.
Alt a léas trí thimpiste ar na mallaibh a spreag mé leis an alt seo a scríobh. Alt a scríobhadh ag tús an chéid seo. Bhí údar an ailt ag gearán faoin ‘gannchúis grinn (atá) orainn i saol na Gaeilge’ i gcoitinne agus an géarghá atá le greann sna meáin chumarsáide agus sa litríocht.
Aontaím le gach a bhfuil ráite aige san alt sin agus braithim go bhfuil sé dochreidte go mbeadh faillí mar seo déanta ar cheann de na hacmhainní is nádúrtha agus is dúchasaí dá bhfuil againn mar Ghaeil. Thug An Seabhac tús áite don ngreann sa leabhar eile atá luaite agam, An Baile Seo ‘Gainne. Tá an-ghreann ag baint leis na scéalta ‘Leite Dhonncha Pheig’, ‘Liam na Giúise’ agus ‘Triúr Bacach agus Molt’ gan ach trí cinn a lua.
Bheifeá den tuairim sa lá atá inniu ann go bhfuil eagla agus náire ar lucht labhartha agus scríofa na Gaeilge dul i muinín an ghrinn. Cosc ar ghreann! Fiú ar Lá na nAmadán is beag greann a bhíonn le feiscint ná le clos sna meáin agus i measc an phobail.
Arís ‘sa tseanaimsir’ ní fhéadfadh éinne éalú gan bob a bheith buailte air/uirthi nó cleas a bheith imeartha air/uirthi. An ea go bhfuilimid éirithe ródháiríre ar fad ar na saolta seo nó róghnóthach chun ár gcuid ama a chur amú le pleidhcíocht agus le hamadántaíocht? Is cinnte go bhfuil tionchar nach beag ag ‘rás na bpointí’ ag an dara leibhéal ar an easpa grinn i gcúrsaí oideachais.
Is cuimhin liom gur cuireadh agallamh ar chailín a ghnóthagh seacht gcinn de ghrádanna A1 san Ardteist roinnt mhaith blianta ó shin agus nuair a cuireadh ceist uirthi faoi conas ar éirigh léi é sin a dhéanamh dúirt sí “nuair a insíonn múinteoir jóc nó nuair a théann ar seachrán ón téacs, cuirim mo lámh suas agus fiafraím ‘bhfuil sé seo ar an gcúrsa, a mhúinteoir’?’’
Ar ámharaí an tsaoil níorbh ann do chóras na bpointí agus mise sa mheánscoil agus b’fhaoiseamh mór dom é nuair a chuaigh múinteoir ‘ar strae’ ón ábhar nó nuair a d’inis jóc nó nuair a thit ina chodladh. Dheineamar staidéar ar Hard Times de chuid Charles Dickens don Ardteist. Bheadh an cailín thuasluaite an-tógtha go deo le Tomás Gradgrind, an múinteoir bhí faoi chaibidil ann. Tá an t-úrscéal lonnaithe sna blianta deireanacha den Réabhlóid Tionsclaíochta i Sasana. Ní raibh ó Gradgrind ach fíricí. É sceimhlithe ina bheatha roimh an tsamhlaíocht.
‘Sa saol seo, níl uainn ach Fíricí, a dhuine, faic eile ach Fíricí!’
Is cuimhin liom gur thosnaigh ár múinteoir Béarla ag croitheadh a cinn agus ag gáirí agus an abairt sin á léamh aici agus bhí an rang ag gáirí ina teannta. N’fheadar an músclódh sé an fhreagairt chéanna anois. Mar mhúinteoir, chuas i muinín an ghrinn mé féin ach ní rómhinic mar ba bheag ábhar grinn a bhí ar fáil ar an siollabas Gaeilge a bhí á mhúineadh agam, is oth liom a rá.
Foilsíodh úrscéal grinn de mo chuid ag tús an chéid seo ina bhfuil rógaire de pháiste aonair amaideach mar phríomhphearsa ann. An Saol i Sladbhaile is teideal dó. Aoir fhonóideach é a dhéanann scigmhagadh ar dhírbheathaisnéisí traidisiúnta agus tá an greann agus an scigmhagadh lárnach ann, dar liom féin ar aon chaoi. Píosa spraoi. Seo mar a thosnaíonn sé:
“Ní cuimhin liom mé a bheith ar bhrollach mo mháthar ná mé ar bhrollach aon mháthair eile ach an oiread.”
Chuireas isteach ar Chomórtas an Oireachtais é. Bhuel, dá bhfeicfeá an racht a chuir moltóir meánaosta amháin dá croí sa tuairisc a scríobh sí. Bí ag caint ar sciolladóireacht agus lascadh agus scalladh. In ionad gáire a bhaint aisti b’amhlaidh a mhúscail an saothar racht feirge agus gangaide inti go raibh ionadh orm nár thit sí as a seasamh le taom croí.
Agus mise ag ceapadh go raibh macasamhail Pairlimint Chloinne Tomáis tugtha ar an saol agam. Mo léan géar! Is léir go bhfuil an-chuid daoine i saol na Gaeilge ná fuil féith an ghrinn dá laghad iontu agus ná féadfadh an bhean/fear grinn is fearr amuigh gáire a bhaint astu.
Ach chun filleadh ar an alt a léas agus a spreag mé chun an t-alt seo a scríobh (caithfidh go bhfuil gaol éigin le Jimín Mháire Thaidhg ag údar an ailt?!), fágfaidh mé na focail dheireanacha aige:
‘… bímis ag gáire faoina chéile. Bímis ag gáire fúinn féin. Comhartha sláinte teanga agus pobail is ea an íoróin agus an magadh.’
Áiméan, a deirimse.
Panu Höglund
Níl “féith an ghrinn lucht na Gaeilge” ceart ar aon nós. Tá alt breise ann. B’fhearr “féith ghrinn lucht na Gaeilge”. Agus muise, níl féith ghrinn ar bith agam fad is atá ceartchomhréir na Gaeilge i gceist.
Mícheál Ó Ruairc
Áthas orm, a Phanu, gur léigh tú m’alt is gur léirigh tú do thuairim ina thaobh. Maidir le ceartchomhréir na Gaeilge, guím gach rath ort ar d’aistear.
Fearn
Tá mé ag gabháil do Deargadaol le Pádraig Breathnach ar ala na huaire agus sílim go bhfuil sé foirgthe le greann, más greann dóite an duine fásta é ar uaire. Is annamh bearna mhór idir Alan Titley agus a chuid grinn, gach ach duine eile a lua. Níor bhraith mé teirce grinn riamh sa Ghaeilge, idir lucht a labhartha agus lucht litríochta cé go gcuirfinn suas le tuilleadh agus fáilte. B’fhéidir gur greann ar leith, atá i dtreis agat, a Mhicheál, greann glan na chéadóige. Máisea, tagaim leat, braithim uaim é! Cluinim freisim go mbíonn clubanna ann anois do fhuirseoirí le Gaeilge agus ráchairt orthu. B’fhéidir nach bhfuil caighdeán Niall Tóibín sroiste acu go fóill, ach, d’éireodh sé. Seans gur fíor an seanfhocal a chum mé: Gach duine agus a ghalar grinn fhéin air!