Féilte na nGael in Éirinn agus in Albain á bplé ar an gCeathrú Rua

Díol spéise ar leith ócáid na míosa seo ag Cumann Béaloidis Chonamara

Féilte na nGael in Éirinn agus in Albain á bplé ar an gCeathrú Rua

Is iontach go deo mar a éiríonn le coistí is grúpaí beaga díograiseacha ar fud na tíre imeachtaí is ócáidí spéisiúla a eagrú go rialta.

Is amhlaidh scéal ag Cumann Béaloidis Chonamara a mbíonn oícheanta seanchais is comhluadair acu uair sa mí i rith an airneáin.

Díol spéise ar leith ócáid na míosa seo – a bheidh ar siúl amárach, Déardaoin – mar a mbeidh bean as Inse Ghall na hAlban a rinne a bealach anall Sruth na Maoile go dtí Ceantar na nOileán i gConamara ag cur síos ar na féilte a bhíonn ag an dá phobal Gael agus na cosúlachtaí atá eatarthu.

Rugadh agus tógadh Máirín NicFhionghuin in Oileán Leodhais in Albain. Is cainteoir dúchais Gàidhlig í atá ag cur fúithi i gConamara le fiche bliain agus Gaeilge na háite ar a toil aici. Tá taighde iarchéime ar siúl aici in Ollscoil na Gaillimhe ag déanamh anailís chomparáideach ar fhocail agus ar fhrásaíocht na Gaeilge agus na Gàidhlig. Gan dabht, ní foclaíocht amháin a thagann chun cinn i dtaighde ar theangacha. Faightear léargas ar shaol an phobail tríd an teanga labhartha – eolas ar chúrsaí staire, cúrsaí oibre, nósanna, cultúr agus traidisiúin an phobail teanga.

Beidh Máirín ag caint faoi Fhéilte na nGael – na féilte a raibh áit lárnach acu i saol an phobail, agus na bealaí éagsúla ina ndearna an pobal ceiliúradh agus comóradh ar na féilte sin. Tabharfaidh sí léargas ar na cosúlachtaí maidir le féilte móra na bliana i nGaeltacht na hÉireann agus na hAlban, agus na tagairtí cultúrtha atá beo go fóill sa teanga, cé go bhfuil na cleachtais a bhain leo imithe i léig.

Beidh an chaint seo ‘Na cosúlachtaí idir Féilte na nGael i nGaeilge na hÉireann agus na hAlban’ ar siúl in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua ag a 8.00pm oíche Déardaoin, an 14 Nollaig. Fáilte roimh an bpobal chuig ócáid dheireanach an chumainn in 2023.

Fág freagra ar 'Féilte na nGael in Éirinn agus in Albain á bplé ar an gCeathrú Rua'