An clár ar fáil d’Fhéile na bhFlaitheartach 2018 ar Inis Mór

Tá an clár imeachtaí foilsithe anois i gcomhair Fhéile na bhFlaitheartach a bheas in Inis Mór, Árainn, ar an 25-26 Lúnasa

An clár ar fáil d’Fhéile na bhFlaitheartach 2018 ar Inis Mór

Féile í Féile na bhFlaitheartach a dhéanann comóradh ar an dá scríbhneoir mhóra as Árainn, Liam agus Tomás Ó Flaithearta.

Bhí eolas forleathan idirnáisiúnta ar scríbhneoireacht Liam i gcónaí ach go dtí gur thosaigh an fhéile seo is beag a deirtí faoi Thomás, cé go bhfuil scéal a bheatha siúd thar a bheith spéisiúil freisin.

Fear a bhí ann a chaith tamall ag iascach ina óige agus a chuaigh ar imirce ansin go Meiriceá.

Níorbh fhada a bhí sé thall nuair a bhí sé báite go domhain i gcúrsaí polaitíochta.

Cumannach a bhí ann. Go deimhin bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Pháirtí Cumannach Mheiriceá.

Cuireadh téarma príosúnachta air uair amháin tar éis ruathair a rinneadh ar chruinniú rúnda a bhí ag an bPáirtí i Michigan.

Scríobh Tomás an t-uafás ag cur an Chumannachais chun cinn agus é ag coinneáil súil ghéar i gcónaí ar chúrsaí polaitíochta in Éirinn.

Nuair a bhunaigh an Páirtí Cumannach nuachtán laethúil ceapadh Tomás ina cholúnaí air.

Tháinig sé abhaile sa deireadh agus thosaigh sé ag scríobh don nuachtán Gaeilge An tÉireannach. Scríobh sé cúpla leabhar freisin faoin saol in Árainn. Cailleadh go hóg é.

Ar cheann de na hócáidí a bheas ag Féile na bliana seo beidh siúlóid ó theach Uí Fhlaithearta go dtí Scoil Fhearann an Choirce ar na róidíní a shiúil an bheirt dearthár.

Sa scoil sin a bhí Tomás lá ar tháinig Ruairí Mac Easmainn ar cuairt chucu. Chuir an Príomhoide, Dáithí Ó Ceallacháin, Tomás ag léamh na Gaeilge do Mhac Easmainn. Bhí Mac Easmainn chomh bródúil as an mbuachaillín óg gur thug sé bronntanas dó.

Bíonn léachtóirí cumasacha ag Féile na bhFlaitheartach chuile bhliain. Le léacht dhátheangach a chuirfear tús leis an bhFéile an iarraidh seo. Is é Declan Kiberd a thabharfas an léacht sin.

In Ollscoil Notre Dame a bhíonn sé ag léachtóireacht go hiondúil.

Fear é Kiberd a bhfuil tuiscint mhór aige ar chúrsaí litríochta i nGaeilge agus i mBéarla.

Tá tuiscint faoi leith aige ar shaol Árann freisin ón taighde a rinne sé ar scríbhinní John Millington Synge.

Bhí drámaíocht, ceol, filíocht agus léamh sleachta próis ina gcuid d’Fhéile na bhFlaitheartach ón tús. Beidh aríst i mbliana.

Tá leagan drámatúil déanta ag Máirín Mhic Lochlainn den ghearrscéal Going Into Exile le Liam Ó Flaithearta. Cuirfidh sí féin, Aisteoirí Chois Fharraige agus Comhaltas Ceoltóirí Inis Mhóir i láthair é.

Léifidh Fionnghuala Ní Choncheanainn ‘An Capall Bán’, gearrscéal neamhfhoilsithe a scríobh Tomás Ó Flaithearta.

I nGairdín Cuimhneacháin na bhFlaitheartach i nGort na gCapall a bheas an ócáid sin.

Tabharfar ómós faoi leith ag Féile na bliana seo don fhile as Árainn Máirtín Ó Direáin. Tríocha bliain ó shin a cailleadh é.

‘Fathach File Árann: Súil Siar Ar Fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin’ an teideal atá ar an bpíosa cainte a dhéanfas Síobhra Aiken as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Bhí snáithe polaitíochta na heite clé ag rith trí chuile abairt dár scríobh Liam agus Tomás Ó Flaithearta. Déarfá leat féin nach mar sin a bhí an Direánach ach mar a léirigh Síobhra Aiken in alt breá san iris Comhar le gairid bhí seisean freisin ar thaobh an lucht oibre agus chruthaigh sé sin i roinnt de na dánta a scríobh sé.

Tóg mar shampla an dán a scríobh sé ag moladh Shéamais Uí Chonghaile. Ní thabharfaidh mé ach véarsa amháin de anseo:

Ach caithfidh Gaeil feasta choíche,

An córas mallaithe a bhriseadh is a réabadh;

A chreach ó thús is a chuir in ísle brí sinn

     Is córas nua a chur in uachtar in Éirinn

Is í Kathleen McMahon atá ina Stiúrthóir ar Fhéile na bhFlaitheartach 2018. Seo é a seoladh ríomhphoist: kathleenmcmahon100@gmail.com

Fág freagra ar 'An clár ar fáil d’Fhéile na bhFlaitheartach 2018 ar Inis Mór'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Ba mhaith liom a bheith i láthair ach ní thig liom – ach guím rath oraibh! An féidir liom aistiúchán a chur le seo? Seo é…

    An t-Earrach Siar
    Fear a’ glanadh crè
    De dh’fhaobhar spaide
    Sa chiùine shèimh
    Ann am bruthainneachd latha:
    Binn an fhuaim
    San Earrach Shiar.
    Fear a’ caitheamh
    Cliabh dhe dhruim
    Is an fheamainn dhearg
    A’ deàlradh
    Ann an solas na grèine
    Air dòirlinn bàn.
    Lainnireach an radharc
    San Earrach Shiar.
    Mnàthaibh ann an linntean
    Ann an ìochdar ìsle-mhara
    An còtaichean cnabte,
    Faileasan shìos fodhpa:
    Sealladh tàmhach sìtheil
    San Earrach Shiar.
    Buillean fàsa fannlag
    Aig ràimh a’ bhàta
    Curach lan èisg
    A’ tighinn gu cladach
    Air òr-mhuir mhall
    Aig deireadh latha
    San Earrach Shiar.