GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Imeachtaí do theaghlaigh ag Féile na Gealaí

Beidh imeachtaí trí Ghaeilge ag tarlú i leabharlann Ráth Chairn an Satharn beag seo mar chuid de lá teaghlaigh d’Fhéile na Gealaí.

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Imeachtaí do theaghlaigh ag Féile na Gealaí

Beidh go leor imeachtaí trí Ghaeilge ag tarlú i gContae na Mí i leabharlann Ráth Chairn an Satharn beag seo, 8 Meitheamh ó 10:00r.n. – 3:00i.n. mar chuid de lá teaghlaigh d’Fhéile na Gealaí.

Tosaíonn imeachtaí ag 10:00r.n. le seisiúin ceardaíochta atá oiriúnach don aois 3-6 bliana. Ansin beidh am scéalaíochta agus ceoil leis an scéalaí Dónal Ó Maoláin ag 11:00r.n. Agus ná déan dearmad ar an seó mór Draíocht an Dúlra a bheas ar siúl idir 1:00 – 2:00 i.n. Seó 50 nóiméad do theaghlaigh le scéalaíocht, amhránaíocht, ceol agus damhsa.

Seo cur síos ar an seó seo:

Tá roth na bliana ag tiontú i gcónaí ach anois tá sé i mbaol agus d’iarr na sióga ar ‘Ceann Cait’ agus a cairde ceolmhara cuidiú a fháil ó ‘na daoine’ chun an roth a chur i gceart. Tá Ceann Cait, Fiachra, Síofra, Seán agus Briain ag iarraidh sibh a thabhairt ar thuras fríd na séasúir le go dtig libh Draíocht an Dúlra a fheiceáil, a chluinstin  

Tá an seisiún ceardaíochta, an seisiún scéalaíochta le Dónal agus an seó Draíocht an Dúlra saor in aisce agus cuirfimid fáilte mhór roimh theaghlaigh freastal ar na himeachtaí seo.

Bígí Linn i Leabharlann Ráth Chairn an Satharn 8 Meitheamh!

Ní mór áirithintí a dhéanamh roimh ré trí ríomhphost a sheoladh chuig:

gaeilge@meathcoco.ie

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Imeachtaí do theaghlaigh ag Féile na Gealaí'