Féasta iontach rugbaí romhainn arís agus na cúigí réidh chun catha

Táthar ag súil go gcuirfear tús spleodrach leis an mbliain agus na cúigí ag tabhairt aghaidh ar a chéile arís inniu

Féasta iontach rugbaí romhainn arís agus na cúigí réidh chun catha

Díreach mar a cheap muid bhí an Bóthar Beag agus Páirc Thuamhan lán go doras don dá chluiche idirchúige i mBabhta 11 den Pro 14. Ní hamháin sin ach bhí na céadta míle ag breathnú ar na cluichí céanna ar an teilifís agus nach iad a fuair féasta iontach rugbaí?  16 úd idir an dá chluiche agus d’éirigh leis na Connachtaigh sé cinn acu siúd a aimsiú agus dochar mór déanta acu do sprid agus cáil na nUltach. Bhí bearna 28 pointe idir na foirne ag deireadh an chluiche sin (44- 16) bua a chuir tús ceart le ceiliúradh na Nollag thiar i nGaillimh.

D’éirigh le fir an iarthair a gcéad úd a aimsiú tar éis dhá nóiméad  agus níor stop siad ag ionsaí na nUltach gur thrasnaigh Ultan Dillane an líne bhán chun an séú húd a fháil dá fhoireann agus gan ach trí nóiméad fanta ar an gclog.

Bhí sárchluiche eile i Luimneach ar Lá Fhéile Stiofáin nuair a chuaigh an chéad fhoireann ag Cúige Mumhan chun páirce i gcoinne foireann dara rogha, den chuid ba mhó, Chúige Laighean. Is minic ráite againn go mbeadh dara foireann Chúige Laighean in ann ag go leor de na foirne atá ag imirt sa bPro 14 agus i gCorn na gCuradh fiú ach ní raibh fianaise againn go raibh fírinne ar bith sa ráiteas sin go dtí gur éirigh le hógánaigh na Laighneach an ceann is fearr a fháil ar fhoireann fíor-láidir ó Chúige Mumhan (43 – 24) i bPáirc Thuamhan féin.

Cuimhnigh nár chuir Leo Cullen, bainisteoir Chúige Laighean, leithéidí  Cronin, Fardy, O’Brien, McGrath, Sexton, Ringrose, Nacewa, McFadden ná Kearney chun páirce.

Ach tá neart cluichí le himirt fós agus Cúige Laighean agus Cúige Chonnacht san RDS inniu Lá Caille.

Is cinnte go mbeidh an staid sin lán de lucht leanta dílis ón dá thaobh, iad ag súil go bhfeicfear an cur chuige céanna a chonaic muid i mBabhta 11. Beidh na Connachtaigh lán de dhóchas agus muinín ach beidh fios acu freisin go mbeidh siad ag cur chun páirce i gcoinne rogha na coitiantachta don Pro 14 agus do Chorn na gCuradh freisin.  Beidh sárchoimhlint go deo againn sa gcluiche seo ach ba dheacair bua a thuar do na cuairteoirí.

Inniu freisin a bheas na Muimhnigh ag cur chun páirce thuas i mBéal Feirste i gcoinne foireann Ultach a bheas ar bís ar thóir bua baile chun an náire a bhain lena gcuairt ar Ghaillimh roimh an Nollaig a chur de leataobh. Seans nach mbeidh sé ró-éasca acu an sprioc sin a bhaint amach.

Beidh na Muimhnigh iad féin ar thóir maithiúnais agus iadsan freisin náirithe an tseachtain seo caite. Braitheann go leor ar na himreoirí a bheas ar fáil ag an mbeirt bhainisteoirí. Seans maith go gcuirfear imreoirí céad rogha chun páirce mar go bhfuil bua agus cúis ghleo ag teastáil go géar ón dá thaobh.

Fág freagra ar 'Féasta iontach rugbaí romhainn arís agus na cúigí réidh chun catha'