Fearg gan chúis agus ceisteanna ar mhaithe le giotáin Twitter – nós imeachta na gcoistí Oireachtais

Teastaíonn ord agus eagar agus dea-bhéasa ó gach coiste – coistí Oireachtais go háirithe

Ní bheadh an colún seo cothrom gan coinníoll tábhachtach a bheith curtha leis. Tá sé chomh maith againn mar sin an caveat riachtanach a chur ag an tús, ionas nach ndéanfaí éagóir ar scata beag Teachtaí Dála agus Seanadóirí.

Ní thugann na meáin aird ar an gcuid is mó den obair a dhéanann coistí an Oireachtais. Mar shampla, nuair a bhíonn sonraí bille á gcíoradh go mion, ní bhíonn i láthair i mbun na hoibre ó thús go deireadh de ghnáth ach idir triúr agus cúigear Teachtaí Dála, an t-aire atá freagrach as an mbille, agus dornán státseirbhíseach.

Ó am go ham, molann Teachta Dála leasú ar bhille a tharraingíonn aird na meán, ach baineann an chuid is mó den phlé le sonraí nó le téarmaíocht nó le ceisteanna casta nach mbeadh spéis ag ár mbunáite iontu. Scaití ní bhíonn aon toradh soiléir ar an bplé ag deireadh an chruinnithe. Tugann airí le fios gur mhaith leo na pointí a chualadar a mheá roimh an gcéad chruinniú eile.

Cuireann cur agus cúiteamh dá leithéid feabhas ar fhorálacha billí ar go leor bealaí. Aimsítear laigí agus débhríocht, ceartaítear botúin, agus cuirtear isteach forálacha breise a réitíonn fadhbanna nár cuireadh san áireamh iad agus an chéad leagan de bhille á dhréachtú. 

Is le linn chomhrá faoin obair a bhí idir lámha ag coiste amháin a rinne an cathaoirleach an gearán seo cúpla bliain ó shin faoi thuairisceoireacht na meán:

‘Má chaithimid trí huaire an chloig agus sonraí bille á bplé againn go cúramach, ní chraolfar oiread agus focal ina thaobh. Má phléimid fadhb éigin go tomhaiste le saineolaí nó le hionadaí ó eagraíocht náisiúnta éigin, de ghnáth ní chuirfear tuairisc ar bith faoi i gcló.

“Ach má thugaim ‘náire shaolta’ ar chinneadh rialtais, nó má deireann comhalta eile den choiste gur ‘ceap magaidh’ é aire éigin, nó má thugann siad ‘seafóid’ ar a ndúirt sé, is féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh ár n-ainmneacha sna ceannlínte.”

Bhí údar lena ghearán. “Journalists love fights,” a dúirt Brendan Nyhan ollamh le polaitíocht in Ollscoil Michigan le gairid agus ár neamhshuim i scéalta fiúntacha á cáineadh aige. Sin ráite, níl Teachtaí Dála gan locht ach oiread. Rómhinic a bheathaíonn siad gáifeacht mhífhreagrach na meán le háibhéil, le maslaí, agus le cáineadh iomarcach.

Cheistigh comhaltaí an Choiste um Chaiteachais Phoiblí an Dochtúir Gabriel Scally tar éis dó scannal na dtástálacha ceirbheacsacha a iniúchadh (beidh tuairisc eile ar ar tharla á foilsiú aige go luath).  Dúirt sé le gairid go raibh bulaíocht ar bun ag comhaltaí an choiste agus finnéithe éagsúla á gceistiú acu. Chuir iarphríomhfheidhmeannach an HSE Tony O’Brien ina leith go raibh dochar á dhéanamh ag an gcoiste don saol poiblí mar gheall ar cheistiú mífhreagrach.

Ar ndóigh bhí sé réasúnta gur chuir an scannal alltacht agus fearg ar mhórán. Theastaigh go géar go gcuirfí ceisteanna agus go n-aimseofaí eolas. Ba léir áfach nach aimsiú eolais ach cáineadh cheal eolais a bhí ar bun ag Teachtaí Dála éagsúla le linn chruinnithe an choiste.

Ní bhaineann na cúiseanna imní seo leis an gCoiste um Chaiteachais Phoiblí amháin. Mar is eol do dhuine ar bith a choinníonn súil ar chruinniú coiste ar bith beo ar líne ag www.oireachtas.ie ní hionann cruinnithe i dTeach Laighean agus gnáthchruinnithe. Seo iad na difríochtaí idir gnáthchruinniú agus cruinniú i dTithe an Oireachtais.

  1. Ní bhíonn ach mionlach de na comhaltaí i láthair ó thús go deireadh na gcruinnithe i dTithe an Oireachtais.
  2. Ní ceisteanna ach óráidíocht a bhíonn ar bun ag formhór na dTeachtaí Dála.
  3. Cuirtear ceisteanna faoi dhó nó faoi thrí mar gheall ar a laghad daoine a bhíonn i láthair.
  4. s léir go minic nach mbíonn go leor de na comhaltaí i láthair ach chun giotáin chainte a thaifeadadh le scaipeadh níos deireanaí ar Facebook, ar Youtube nó ar Twitter.
  5. Cuirtear fearg nó míshásamh in iúl uaireanta sular léir aon chúis chinnte feirge nó mhíshásaimh.

Tá 31 coiste san Oireachtas. Níl dóthain ama ag formhór ár dTeachtaí Dála lena gcuid oibre a dhéanamh go sásúil ar choistí, i nDáil Éireann, ina n-oifigí agus ina ndáilcheantair.

Tá córas Meiriceánach coistí curtha ar bun i dTeach Laighean. B’fhéidir go mb’fhearr líon na gcoistí a laghdú agus/nó cur le líon na foirne a chuidíonn le cúraimí coiste na dTeachtaí Dála.

Idir an dá linn, bheadh toradh níos fearr ar chruinnithe na gcoistí dá mbeadh féinsmacht, stuaim agus dea-bhéasa i réim níos minice. 

Fág freagra ar 'Fearg gan chúis agus ceisteanna ar mhaithe le giotáin Twitter – nós imeachta na gcoistí Oireachtais'