Fearg agus olc ar lucht an ghaeloideachais ó thuaidh faoi easpa maoinithe

Dúirt Iontaobhas na Gaelscolaíochta gur cheart don Aire Oideachais Peter Weir athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh gan pingin de chiste £156 milliún a bhronnadh ar scoil lán-Ghaeilge

Fearg agus olc ar lucht an ghaeloideachais ó thuaidh faoi easpa maoinithe

Tá iarrtha ag lucht an ghaeloideachais ar an Aire Oideachais i dTuaisceart Éireann míniú a thabhairt maidir leis an gcinneadh gan pingin de mhaoiniú £150 milliún a thabhairt do scoileanna lán-Ghaeilge.

D’fhógair an tAire Peter Weir maoiniú £156 milliún do scoileanna i dTuaisceart Éireann an tseachtain seo caite chun foirgnimh nua a thógáil ach ní raibh gaelscoil ar bith i measc na scoileanna atá chun leas a bhaint as an airgead.

Dúirt Karen Mullan, MLA agus urlabhraí oideachais Shinn Féin, gur bocht an scéal a bhí ann gan maoiniú ar bith a chur ar fáil do scoileanna lán-Gaeilge, go háirithe agus infheistíocht ag teastáil go géar uathu agus tá Iontaobhas na Gaelscolaíochta anois ag lorg míniú ar an scéal.

Dúirt Pilib Mistéil, cathaoirleach na heagraíochta, nach dtuigeann sé cén fáth nár cuireadh aon mhaoiniú ar fáil, go háirithe agus go leor gaelscoileanna lonnaithe i bhfoirgnimh shealadacha.

Agus é ag labhairt leis an Irish News, dúirt Mistéil go raibh fearg agus olc ann nach raibh aon scoil lán-Ghaeilge chun leas a bhaint as an maoiniú.

Dúirt Mistéil go raibh beagnach £200 milliún curtha ar fáil ag an tAire Weir ó cheapadh mar aire é agus nach mbeadh ach tuairim 1.5% den mhaoiniú sin ag teastáil chun foirgneamh nua a thógáil do Ghaelscoil Éadain Mhóir i gcathair Dhoire, atá lonnaithe i bhfoirgneamh réamhdhéanta ó bhunú na scoile beagnach 25 bliain ó shin.

“Tá trí scoil lán-Ghaeilge i gcathair Dhoire agus tá siad uile lonnaithe i bhfoirgnimh shealadacha. Níl sé sách maith,” arsa Mistéil.

Dúirt sé nach raibh ann ach an ceart is an chóir go ndéanfadh an tAire Weir athmhachnamh ar a chinneadh agus maoiniú a thabhairt do ghaelscoileanna.

Fág freagra ar 'Fearg agus olc ar lucht an ghaeloideachais ó thuaidh faoi easpa maoinithe'