‘Fearg agus frustrachas’ i nGaeltacht Dhún na nGall faoi easpa Gaeilge sna botháin vótála

Tá achainí déanta ag Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt ar na húdaráis a chinntiú go mbeidh Gaeilge feasta ag oibrithe na mbothán vótála aimsir thoghcháin

‘Fearg agus frustrachas’ i nGaeltacht Dhún na nGall faoi easpa Gaeilge sna botháin vótála

Tá gearán déanta leis na húdaráis faoi dheacrachtaí a deirtear a bhí ag daoine sa Ghaeltacht a gcúram a dhéanamh trí Ghaeilge sna toghcháin áitiúla.

Tá gearán déanta ag Oifigeach Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair le hOifig an Choimisinéara agus le hoifig an Cheann Comhairimh i nDún na nGall faoi easpa daoine le Gaeilge a bheith ar dualgas i mbotháin vótála i nGaeltacht Dún na nGall.

Líomhnaítear chomh maith go raibh deacrachtaí ag daoine a bhfuil ainmneacha Gaeilge orthu vóta a chaitheamh Dé hAoine seo caite.

Dúirt Oifigeach Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair Dónall Ó Cnáimhsí go raibh “fearg” agus “frustrachas” ar mhuintir na Gaeltachta i nDún na nGall toisc, a dúirt sé, go bhfuil “neamhiontas” á dhéanamh ag Oifig an Cheann Chomhairimh don éileamh go mbeadh daoine a bhfuil Gaeilge acu ar dualgas sna botháin vótála sa Ghaeltacht.

Thug sé le fios chomh maith go raibh gearáin faighte ag oifig Mheitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt faoi dheacracht a bheith ag daoine le vóta a chaitheamh Dé hAoine seo caite toisc nach raibh oifigeach i mbothán vótála ábalta a n-ainmneacha, arb ainmneacha Gaeilge iad, a aimsiú ar an gclár vótála.

Dúirt Dónall Ó Cnáimhsí go raibh achainí á déanamh aige ar son phobal labhartha na Gaeilge i nDún na nGall go dtabharfaí ‘polasaí scríofa’ isteach le go mbeadh daoine a bhfuil Gaeilge acu fostaithe sna botháin vótála feasta aimsir thoghcháin chun seirbhís “chothrom agus cheart” a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

Thug Oifig an Choimisinéara Teanga le fios do Tuairisc.ie nach dtagann oifigí na gceann comhairimh faoin reachtaíocht teanga mar nach bhfuil siad luaite ar sceideal an Achta Teanga, an liosta de chomhlachtaí poiblí a thagann faoina scáth.

Níl aon uasdátú déanta ar sceideal an achta ó 2006.

Tá ceist curtha ag Tuairisc.ie ar Roinn na Gaeltachta faoi cathain a bhfuil sé i gceist uasdátú a dhéanamh ar sceideal an achta agus faoi an bhfuil sé i gceist oifigí na gceann comhairimh a chur faoin sceideal.

Tá ráiteas faoin scéal seo iarrtha againn chomh maith ar Oifig an Cheann Comhairimh i nDún na nGall.

Fág freagra ar '‘Fearg agus frustrachas’ i nGaeltacht Dhún na nGall faoi easpa Gaeilge sna botháin vótála'