Fear Ghaoth Dobhair i measc na laochra i sraith nua TG4

Cuirfear tús leis an 19ú sraith den chlár iomráiteach ar an 7 Eanáir

Fear Ghaoth Dobhair i measc na laochra i sraith nua TG4

Beidh an sárpheileadóir as Gaoth Dobhair, Kevin Cassidy, ar dhuine de na himreoirí a bheidh faoi chaibidil sa tsraith nua de Laochra Gael.

Fillfidh an tsraith aitheanta ar TG4 don 19ú séasúr sa bhliain nua agus beidh Cassidy ar dhuine den seisear peileadóirí agus iománaithe a ndíreoidh an tsraith nua orthu.

Chaith Cassidy blianta fada ag imirt do Dhún na nGall agus bhuaigh sé dhá ghradam All Star ach bhí conspóid mhór ann ag deireadh na bliana 2011 nuair a chuir an bainisteoir Jim McGuinness ruaig ar Cassidy tar éis d’fhear Ghaoth Dobhair labhairt le hiriseoir do leabhar a bhí á scríobh aige. Beidh agallamh le húdar an leabhair, Declan Bogue, sa chlár chomh maith. Ar ndóigh, ba iad Dún na nGall a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2012 agus Cassidy fágtha ar an trá fholamh.

Chomh maith leis an eachtra sin, déanfaidh Cassidy, a rugadh i nGlaschú, cur síos ar a óige agus ar fhilleadh a mhuintire ar Ghaoth Dobhair, áit a raibh teanga agus spórt nua le foghlaim ag an gCaiseadach.

An clár faoi Kevin Cassidy an chéad cheann a chraolfar sa tsraith nua Laochra Gael a chuirfear tús léi ar an 7 Eanáir.

I measc na ndaoine eile a bheidh le feiceáil sa tsraith nua beidh Ryan O’Dwyer, fear a d’imir d’fhoirne iomána Thiobraid Árann agus Átha Cliath ar feadh i bhfad; Thérèse Maher, duine de na peileadóirí is fearr a bhí ag Gaillimh riamh; Shane Curran, iarchúl báire Ros Comáin; Johnny Pilkington, a bhuaigh Craobh na hÉireann faoi dhó le hUíbh Fhailí; agus Dermot Earley, fathach Chill Dara a d’imir dóibh i gcluiche ceannais na hÉireann agus a tháinig slán ón ailse le linn a laethanta imeartha.

Tá na daoine a bheidh faoi chaibidil sa 20ú sraith fógartha ag TG4 chomh maith – Eoin Larkin, Pete McGrath, Briege Corkery, Bernard Flynn, Seán Cavanagh agus Liam Griffin. Cuirfear tús leis an tsraith sin sa Mhárta.

Is é an comhlacht léiriúchán NemetonTV a dhéanann Laochra Gael.

Fág freagra ar 'Fear Ghaoth Dobhair i measc na laochra i sraith nua TG4'