Fear Gaeltachta i ngrúpa atá ag cur isteach ar bhainistíocht fhoireann peile na Ríochta

Tá Dara Ó Cinnéide, craoltóir agus iar-imreoir caide, luaite le ceann de thrí iarratas atá á ndéanamh ar bhainistíocht fhoireann shinsir peile Chiarraí

Fear Gaeltachta i ngrúpa atá ag cur isteach ar bhainistíocht fhoireann peile na Ríochta

Tá an craoltóir aitheanta Gaeltachta agus iarchaptaen ar Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, ar dhuine de na daoine atá luaite le hiarratas ar bhainistíocht fhoireann shinsir peile Chiarraí.

Tuairiscítear gur trí cinn d’iarratais atá á ndéanamh ar an bhfolúntas atá ann ó tháinig deireadh le téarma Peter Keane mar bhainisteoir, iarratas ó Keane féin ina measc.

Tá iarratas á dhéanamh chomh maith ag iarbhainisteoir na foirne, Jack O’Connor, as Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, a bhí i bhfeighil na Ríochta nuair a bhuaigh siad craobh na hÉireann in 2004, 2006 agus 2009.

Tuairiscíodh ar an Irish Examiner tráthnóna go bhfuil Dara Ó Cinnéide, Bainisteoir Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall agus colúnaí le Tuairisc.ie, luaite leis an tríú hiarratas.

An t-iarimreoir le Ciarraí, Stephen Stack, atá luaite mar bhainisteoir ag lucht an iarratais sin. Bhuaigh Stack craobh na Mumhan mar bhainisteoir ar chumann Aibhistín de Staic in 2014.

Triúr iarchaptaen ar Chiarraí a bhuaigh Corn Sam Mhig Uidhir atá luaite leis an iarratas, Dara Ó Cinnéide, Seamus Moynihan agus Mickey Ned O’Sullivan, a bheadh mar roghnóirí na foirne. Tuairiscítear go bhfuil beirt eile sa ghrúpa, Donie Buckley, an cóitseálaí aitheanta ó Oileán Ciarraí, agus Joe O’Connor, cóitseálaí nirt agus aclaithe ó Ráth Caola in iarthar Luimnigh.

D’oibrigh O’Connor agus Buckley le foireann Chiarraí cheana agus d’oibrigh O’Connor le hiománaithe chontae an Chláir nuair a bhuaigh siad craobh na hÉireann in 2013 agus le foireann Luimnigh a bhuaigh an chraobh in 2018.

Tá fochoiste ceaptha ag Bord an Chontae i gCiarraí chun teacht ar fhoireann nua bainistíochta don fhoireann shinsir.

Fág freagra ar 'Fear Gaeltachta i ngrúpa atá ag cur isteach ar bhainistíocht fhoireann peile na Ríochta'