Fear Gaeltachta ceaptha ina bhainisteoir ar fhoireann ban na Gaillimhe

Tá Maghnus Breathnach agus Fiona Wynne, as Eanach Dhúin, roghnaithe ina gcomhbhainisteoirí ar fhoireann peile ban na Gaillimhe

Fear Gaeltachta ceaptha ina bhainisteoir ar fhoireann ban na Gaillimhe

Maghnus Breathnach. ©INPHO/Evan Logan

Tá fear as Conamara ceaptha ina chomhbhainisteoir ar fhoireann peile ban na Gaillimhe.

Is é Maghnus Breathnach as an Spidéal, agus Fiona Wynne atá ceaptha ina gcomhbhainisteoirí ar fhoireann na Gaillimhe don séasúr seo.

Bhí an bheirt i gceannas ar Ghaillimh don chéad bhabhta den tsraith an deireadh seachtaine seo caite tar éis do Gerry Fahy an ról a fhágáil mí Eanáir ach tá Breathnach agus Wynne anois roghnaithe ag bord an chontae chun dul i gceannas ar an bhfoireann an chuid eile den bhliain.

Iar-chúl báire ar fhoireann shinsir na Gaillimhe é Breathnach. Bhí sé ar fhoireann bainistíochta mhná na Gaillimhe anuraidh.

Bhí Wynne, as Eanach Dhúin, ina leas-chaptaen ar fhoireann na Gaillimhe nuair a bhuadar Craobh na hÉireann den uair dheireanach in 2004.

Bhí foireann ban na Gaillimhe d’uireasa bainisteoir le roinnt seachtainí agus é fógartha go tobann ag Gerry Fahy go raibh sé ag éirí as an gcúram. Chuaigh Gaillimh chomh fada le babhtaí ceathrú ceannais Chraobh Shinsir na hÉireann anuraidh.

Chaill Gaillimh in aghaidh Dhún na nGall sa chéad bhabhta den tsraith náisiúnta Dé Sathairn seo caite. Imreoidh siad in aghaidh Mhaigh Eo i dTuaim sa dara babhta Dé Domhnaigh beag seo.

Tá imreoirí Chill Chóirín/Chluain Bheirn fós le teacht ar ais ar fhoireann na Gaillimhe tar éis dóibh Craobh Shinsir na gClubanna a bhuachan an mhí seo caite.

 

Fág freagra ar 'Fear Gaeltachta ceaptha ina bhainisteoir ar fhoireann ban na Gaillimhe'