Fear Gaeltachta a rinne ‘an babhla seamróige’ a bhronnfaidh an Taoiseach ar Donald Trump

Deir Eamonn Terry, úinéir Criostal na Rinne, go bhfuil súil aige go gcabhróidh an coimisiún le borradh a chur faoina cheird agus tuilleadh daoine óga a mhealladh chuici

Fear Gaeltachta a rinne ‘an babhla seamróige’ a bhronnfaidh an Taoiseach ar Donald Trump

PICTIÚR: Marcin Lewandowski/soundofphotography.com

Ceardaí Gaeltachta a rinne an babhla criostail ina mbronnfaidh an Taoiseach seamróg ar Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump sa Teach Bán i Washington Déardaoin.

Ba é an comhlacht Gaeltachta, Criostal na Rinne, atá lonnaithe i nGaeltacht Phort Láirge, a roghnaigh Oifig an Taoisigh i mbliana chun an babhla criostail a dhéanamh.

Ba é Eamonn Terry, úinéir Chriostal na Rinne, a dhear agus a ghearr an babhla de láimh.

An babhla a bhronnfar ar Donald J. Trump, Uachtarán SAM. PICTIÚR: Marcin Lewandowski/soundofphotography.com

Dúirt sé go raibh dearadh an bhabhla bunaithe ar Leabhar Cheanannais.

“Don phíosa speisialta seo atá fréamhaithe sa traidisiún, bhíos ag iarraidh na traidisiúin cheardaíochta áitiúla atá againn a chur os comhair an phobail trí tharraingt ar ár n-oidhreacht shaibhir.

“Tá súil agam nuair a chífidh daoine an babhla seamróige go mbeidh fonn orthu cuairt a thabhairt ar an stiúideo chun léargas a fháil ar an gceardaíocht a bhaineann leis an gcriostal snoite lámhdhéanta,” a dúirt Eamonn Terry.

Eamonn Terry i mbun oibre ar an mbabhla. PICTIÚR: Marcin Lewandowski/soundofphotography.com

Bhí súil aige, a dúirt sé, go gcabhródh an coimisiún seo le borradh a chur faoina cheird agus tuilleadh daoine óga a mhealladh chuici.

D’fhoghlaim Terry a cheird sa chomhlacht Waterford Crystal agus faoin am a bhunaigh sé a chomhlacht féin i 1987 bhí sé ina mháistircheardaí.

Tá píosaí criostail coimisiúnaithe déanta cheana ag Eamonn Terry d’Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, don iarUachtarán Mary McAleese, do Richard Daly, iarMhéara Chicago agus don Phrionsa Edward, Diúc Kent Shasana.

Ba i 1952 a bronnadh babhla seamróige ar uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá den chéad uair, nuair a bhí Harry Truman sa Teach Bán.

Fág freagra ar 'Fear Gaeltachta a rinne ‘an babhla seamróige’ a bhronnfaidh an Taoiseach ar Donald Trump'

  • Gearóid

    Lean @criostalnarinne nó feach ar criostal.com le tuilleadh eolas