Fear cúisithe as dúnmharú fir as Ros Muc i gConamara

Gabhadh Noel Lenihan ag a theach cónaithe ar Bhóthar an Chairdinéil Cushing sa Mhuirbheach sa Ghaillimh agus é curtha ina leith gur mharaigh sé Christopher McGrath

Fear cúisithe as dúnmharú fir as Ros Muc i gConamara

I gCúirt Dúiche na Gaillimhe inniu, cúisíodh fear, atá sna seascaidí, as dúnmharú Christopher McGrath, arbh as Ros Muc i gConamara ó dhúchas dó.

Gabhadh Noel Lenihan ag a theach cónaithe ar Bhóthar an Chairdinéil Cushing sa Mhuirbheach sa Ghaillimh agus é curtha ina leith gur mharaigh sé Christopher McGrath, a bhí 38 bliain d’aois, sa Mhuirbheach ar an 12 Márta 2017.

Bhí aithne mhór ar Christopher McGrath i measc lucht lúthchleasaíochta agus go leor duaiseanna buaite ag an leibhéal sóisir agus sinsir.

Cheadaigh an Breitheamh Mary Fahy saorchúnamh dlí do Noel Lenihan inniu toisc gur pinsinéir é ach dhiúltaigh sí é a scaoileadh ar bhannaí toisc a thromchúisí agus atá an cás.

Tá Lenihan ar a choinneáil i bpríosún an Chaisleáin Riabhaigh mar a ndéanfaidh sé ceangal físe leis an gcúirt dúiche i nGaillimh Dé Luain seo chugainn.

 

Fág freagra ar 'Fear cúisithe as dúnmharú fir as Ros Muc i gConamara'