Tá fear agus bean básaithe tar éis tine i dteach cónaithe i gConamara.
Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála ag thart ar fhiche tar éis a sé ar maidin faoin tine sa teach i nGleann Mhac Muirinn, baile fearainn ar Bhóthar Sheanadh Phéistín idir Crosbhóthar Ros an Mhíl agus Uachtar Ard.
Ní raibh sa teach scoite ach an fear agus an bhean a bhásaigh. D’fhreastail trí aonad de chuid Bhriogáid Dóiteáin na Ceathrún Rua agus chathair na Gaillimhe ar an tine agus thángthas ar an dá chorp sa teach. Tá an láthair á caomhnú ag an nGarda Síochána agus scrúdú teicniúil le déanamh ar an teach aon stóir le húdar na tine a aimsiú. Tugadh na coirp chuig an marbhlann in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe agus tá scrúduithe iarbháis le déanamh orthu ann.
Cuireadh an cróinéir áitiúil ar an eolas faoin eachtra agus tá na Gardaí ar an gClochán ag iarraidh ar fhinnéithe teacht chun tosaigh. Iarrtar ar aon duine a bhfuil aon eolas acu faoin tine mharfach teagmháil a dhéanamh le stáisiún an Chlocháin ar 095 225500, le Líne Rúnda an Gharda Síochána 1800 666 111, nó le haon stáisiún Gardaí.
Fág freagra ar 'Fear agus bean básaithe tar éis tine i dteach i gConamara'