Fear a chonacthas go deireanach ar an Spidéal fós ar iarraidh

Bhí Hayden Jones ar cuairt ar chairde leis i nGaeltacht Chonamara sula ndeachaigh sé ar iarraidh

Fear a chonacthas go deireanach ar an Spidéal fós ar iarraidh

Hayden Jones, atá ar iarraidh. Pictiúr: Oifig Phreasa na nGardaí

Níl aon tuairisc faighte go fóill faoi fhear as an Nua-Shéalainn a chonacthas go deireanach ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara Dé Domhnaigh.

Thug na Gardaí i mBóthar na Trá le fios do Tuairisc.ie go bhfuil cúnamh an phobail á lorg i gcónaí acu agus iarrachtaí ar bun acu teacht ar Hayden Jones a chuaigh ar iarraidh ó cheantar an Spidéil ag an deireadh seachtaine.

Ní fhacthas an Nua-Shéalannach, atá 49 bliain d’aois, ón Satharn an 10 Lúnasa.

Sa chur síos ar Jones atá tugtha ag na Gardaí deirtear gur fear téagartha é, atá tuairim is sé troithe ar airde. Gruaig fhionn atá air agus tá súile liatha aige.

Nuair a chonacthas go deireanach é bhí seaicéad liath, jíons dúghorm, bróga liatha agus hata dubh á gcaitheamh aige agus bhí mála droma air. 

Canúint láidir na Nua-Shéalainne atá ag Jones, a raibh cónaí air le scór bliain san Eilvéis.

Bhí sé ar cuairt ar chairde leis ar an Spidéal sula ndeachaigh sé ar iarraidh.

Aon duine a bhfuil eolas ar bith acu faoi Hayden Jones, iarrtar orthu teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí i nGaillimh ar 091 538000.

Fág freagra ar 'Fear a chonacthas go deireanach ar an Spidéal fós ar iarraidh'