Fealsamh bundúchasach agus Spider-Man ag carnabhal na leabhar

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: thug ár gcolúnaí cuairt ar oll-aonach leabhar sa Bhrasaíl

Fealsamh bundúchasach agus Spider-Man ag carnabhal na leabhar

Cuirigí i gcuimhne dom gan dul chuig an Bienal do Livro arís.

An Bienal do Livro, sin í an fhéile litríochta is mó i gcathair Salvador sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm. Gach re bliain a eagraítear í, ach ar chúiseanna éagsúla – ionad comhdhála a thit go talamh, moill ar thógáil ionaid nua, agus paindéim – ní raibh sí ar siúl ó bhí 2013 ann.

Ní raibh cuimhní iontacha agam ar eagrán na bliana sin ná ar na cinn roimhe ach oiread.

Ní hionann agus go leor féilte litríochta, ní dhéanann an Bienal do Livro aon iarracht bunaidhm na féile a cheilt: oiread leabhar a dhíol agus is féidir. 20 reais atá ar thicéad lae, sin €4 in airgead na hEorpa. Gheofá dinnéar ar an luach sin sa Bhrasaíl, ach taobh istigh bíonn sladmhargadh ar fáil: lascainí de suas go 50 faoin gcéad ag seastáin na bhfoilsitheoirí agus na siopaí leabhar. Agus tá cead isteach agat freisin chuig na himeachtaí a chuirtear ar siúl d’fhonn cuma na féile liteartha a chur ar an oll-aonach leabhar.

Is maith a thuig mé céard a bheadh romham: a dhá oiread daoine agus a bhíonn ag an Oireachtas, in ionad comhdhála atá níos lú ná an Gleneagle.

Ach bheadh Ailton Krenak faoi agallamh, fealsamh bundúchasach agus scríbhneoir faoi chúrsaí aeráide a bhfuil an-tóir air sa Bhrasaíl. Scríobh mé faoi ar na leathanaigh seo uair nó dhó cheana.

Ar mo rothar liom, mar sin, agus thug mé aghaidh ar an ionad comhdhála. Níl a fhios agam céard is mó a chuir díomá orm: nach raibh ar fáil, ag ionad comhdhála nua as an bpíosa, ach deich seastáin do rothair – nó nach raibh ach trí cinn acu sin gafa faoin am ar bhain mise amach iad.

Ach bhí an carrchlós ollmhór lán go béal agus bhí an t-ionad féin ag cur thar maoil. Níl de shamhail agam ach an Carnabhal féin: ní raibh an spás a bhí curtha i leataobh do na himeachtaí liteartha ach 100 méadar ón bpríomhdhoras, ach thóg sé deich nóiméad orm é a bhaint amach, ag déanamh mo bhealaigh idir na colainneacha agus na málaí lána. Tá leabhair sách daor sa Bhrasaíl, go háirithe má thógann tú san áireamh nach mbíonn an meántuarastal ró-ard. Bhí daoine anseo a raibh fúthu lón léitheoireachta dhá bhliain a cheannach, ba léir.

Bhí mé uair an chloig róluath, ach cheana féin bhí chuile shuíochán sa spás ina gcuirfí Krenak faoi agallamh gafa agus bhí slua diongbháilte bailithe timpeall ar an mbacainn a scar an spás ón bpríomhhalla. Sheas mé sa slua sin agus súil agam go n-éireodh liom corrfhocal de chuid Krenak a chloisteáil nuair a thosódh an t-imeacht.

Ní raibh aon mhaith ann. Ní hamháin go raibh cúrsaí fuaimíochta an ionaid chomhdhála nuathógtha go holc ach díreach ar mo chúl bhí slua páistí ag béicíl, iad ag iarraidh grianghraf a thógáil le fear a bhí gléasta suas mar Spider-Man.

Fair play do Krenak, a labhair in ard a ghlóir agus a d’fhiafraigh gach re nóiméad an raibh gach duine in ann é a chloisteáil, agus a chuaigh chomh fada le cóipeanna dá chuid leabhar faoi chúrsaí aeráide a chaitheamh sa slua a bhí taobh thiar de na bacainní. Ba léir gur fear a bhí anseo a thuig an chaoi le pobal a bhí i gcruachás a mhealladh.

B’aoibhinn liom dá bhféadfainn seoid nó dhó dá shaíocht a roinnt anseo, ach ní bheadh sé ceart ná cóir athrá a dhéanamh ar chaint nár chuala mé ach a leath di. Tar éis leathuair an chloig, pian in íochtar mo dhroma ó bheith i mo sheasamh sa spota céanna ar feadh uair an chloig go leith, chuaigh mé abhaile, i bhfad sular chríochnaigh caint Krenak.

Aisteach go leor, bhí ardú croí orm. Ní fhaca mé slua chomh mór sin ag imeacht liteartha riamh i mo shaol. Oiread daoine agus spéis acu sa litríocht! Fuair mé amach ina dhiaidh sin gur thug 90,000 duine cuairt ar an Bienal do Livro in achar cúig lá. Sin níos mó ná daonra iomlán chathair Dhoire.

Fág freagra ar 'Fealsamh bundúchasach agus Spider-Man ag carnabhal na leabhar'