Feachtas reifrinn béasach, measartha agus sibhialta? Caolseans…

Ní bhíonn comhréiteach ar fáil i reifreann ar bith. Ní fiú a bheith ag caint mar sin ar mheasarthacht…

Feachtas reifrinn béasach, measartha agus sibhialta? Caolseans…

Vótáil an Dáil ar dhá ábhar chonspóideacha i rith na seachtaine: an reifreann ar ghinmhilleadh agus Aonad Straitéiseach Cumarsáide an rialtais.

Léirigh a ndúirt teachtaí Dála roimh agus tar éis an dá vóta an difríocht idir gnáthcheist pholaitiúil agus an cheist ar a vótálfar sa reifreann.

Thug móramh láidir (110/32) tacaíocht don bhille faoina reáchtálfar an reifreann ar aisghairm an Ochtú Leasú ar an mBunreacht. Vótáil móramh níos lú (85/49) i bhfabhar an rúin go gcuirfí deireadh leis an Aonad Straitéiseach Cumarsáide – ar féidir Aonad Rialtais Scéalaíochta Éireann (ARSE) a thabhairt air freisin, más fearr leat caint dhíreach.

Ba léir láithreach nach gcuirfí an dara rún i bhfeidhm, mar a mhol Sinn Féin agus Fianna Fáil agus an Lucht Oibre ag vótáil ina dteannta. Dúirt urlabhraí rialtais tar éis na vótála Déardaoin nach bhfuil smacht ag an Dáil ar struchtúir riaracháin sna ranna rialtais. I bhfocail eile, thug sé le fios, agus an ceart aige, nach raibh sé de cheart ag an Dáil scor nó bunú forais rialtais a ordú.

Ní hionann sin agus a rá nach n-athrófar cur chuige nó teideal an Aonaid (cé gur dócha nach mbaistfear ARSE air). Pléifear athbhreithniú a rinne Ard-Rúnaí Roinn an Taoisigh Martin Fraser ag cruinniú an rialtais Dé Mairt. Déan talamh slán de go bhfógrófar athrú éigin i ndiaidh an chruinnithe, cé go mb’fhéidir nach bhfógrófar na sonraí go mbeidh Leo Varadkar á cheistiú os comhair choiste airgeadais an Oireachtais.

Is dlúthchuid den saol polaitiúil é an fód a sheasamh ar feadh scaithimh agus géilleadh de shaghas éigin tar éis tamaill. Bíonn drochmheas ag mórán ar sholúbthacht dá leithéid. Feictear polaiteoirí á chleachtadh go minic, roimh thoghchán nó ina dhiaidh. Ar ndóigh, go minic ní ar bhonn prionsabail a thagann siad ar mhalairt intinne.

Mar sin féin, ní thuilleann athrú intinne drochmheas i gcónaí. Más léir nach bhfuil an pobal ar aon tuairim, agus mura bhfuil mórphrionsabal i gceist, teastaíonn solúbthacht agus comhghéilleadh. Ní thiocfar ar réiteach dá n-uireasa.

Faraor, níl aon chosúlacht idir ceist an Aonaid Cumarsáide agus ceist an reifrinn. Ní réiteach í an tsolúbthacht ar cheist dénártha (‘binary’) ar bith – is é sin le rá, ceist nach féidir a fhreagairt ach le dhá fhreagra. I bhfabhar nó i gcoinne. Tá nó Níl. Dubh nó Bán.

Dúirt Teachtaí Dála ar an dá thaobh den díospóireacht ar an mbille faoina reáchtálfar an reifreann ar aisghairm an Ochtú Leasú go raibh súil acu go mbeadh an plé atá romhainn idir seo agus lá na vótála measartha, béasach, tomhaiste. Ba bhreá lenár bhformhór gan dabht dá dtabharfaí aird ar a n-iarratas, ach ní thabharfaidh go leor daoine aird dá laghad ar achainíocha dá leithéid. Is leor tagairt do dhá shampla ón díospóireacht Dála.

Dúirt Imelda Munster ó Shinn Féin go mbeadh córas “barbartha” i réim sa tír dá gcoinneofaí an tOchtú Leasú sa Bhunreacht. Dúirt Peadar ó Tóibín ó Shinn Féin go ndéanfar cinneadh sa reifreann a sheasfaidh ar feadh leathchéad bliain agus a shocróidh cé acu bás nó beatha a bheidh i ndán do dhaoine sa tír seo.

Cuimhnigh gur bheirt ón bpáirtí céanna a bhí ag caint. Thagair Teachtaí Dála eile do mhná a gcuirfí iachall orthu leanacht lena dtoircheas tar éis éignithe, do ghinmhilleadh ar bhonn inscne, don suaitheadh náireach a bhain le taisteal thar lear i gcomhair ginmhillte, agus do ghinmhilleadh i gcásanna Shiondróm Down.

Ní bhíonn comhréiteach ar fáil i reifreann ar bith. Ní fiú a bheith ag caint mar sin ar mheasarthacht, toisc nach féidir éalú ón gceist, ná teacht ar réiteach i lár báire. Dá chinniúnaí an cheist, is mó an chontúirt nach díospóireacht bhéasach a spreagfar ach comórtas crua idir dhá thaobh nach dtugann aird in aon chor ar thuairimí ar bith seachas a dtuairimí féin.

Ní bheidh faoiseamh againn go mbeidh an reifreann thart. Más aisghairm ar an Ochtú Leasú a roghnófar, tosóidh an t-achrann an athuair, fiú sula gcuireann an Pápa comhairle ar mhuintir na hÉireann mí Lúnasa.

Fág freagra ar 'Feachtas reifrinn béasach, measartha agus sibhialta? Caolseans…'