Cuireann na scéalta ó fhiosrúchán an RHI cuma ‘Fawlty Towers’ ar Stormont

I bhfianaise a bhfuil cloiste go dtí seo ag fiosrú an RHI is geall le heachtraí Fawlty Towers iompar Stormont

Cuireann na scéalta ó fhiosrúchán an RHI cuma ‘Fawlty Towers’ ar Stormont

Níor léigh sí an reachtaíocht a chuir sí faoi bhráid an Tionóil ag moladh an RHI.

Níor thuig sí go raibh costas na scéime ró-ard agus go raibh gá le srianta ar fhóirdheontais in 2013 mar nár leag feidhmeannaigh béim air nuair a chuir siad í ar an eolas.

Ní raibh a fhios aici cén costas a bhain leis an scéim nuair a shínigh sí an cháipéis oifigiúil ag rá gur luach maith ar airgead é an RHI.

Ní raibh a fhios aici nach ndearnadh an t-athbhreithniú a bhí riachtanach ar an scéim in 2014 mar nár inis éinne é sin di.

Ní raibh baint aicise le cinneadh an DUP eolas míchruinn a eisiúint i dtaca le gearánaí a thug foláireamh di faoi mhí-úsáid na scéime.

Sin dornán de na freagraí a thug Arlene Foster, ceannaire an DUP ar cheisteanna Bhinse Fiosraithe an RHI faoina tréimhse mar Aire Fiontair, Trádála agus Infheistíochta. Faoina ceannas a bunaíodh an scéim fuinnimh inathnuaite a d’imigh chomh mór sin ó smacht gur áiríodh go mbeadh costas leathbhilliún punt (£500,000,000) air thar fiche bliain.

Nuair a thosaigh an chonspóid faoin róchaiteachas i ndeireadh na bliana 2016, shéan Arlene Foster as éadan go raibh sise freagrach as na heasnaimh thubaisteacha a bhí ar riaradh na scéime. Dúirt sí in agallamh nuachtáin ag an am nach bhféadfadh sí a bheith eolach faoi “every jot and tittle” a bhí faoina cúram agus bhí an port céanna aici ar feadh na gceithre lá a chaith sí ag tabhairt fianaise don Fhiosrú Poiblí faoi chathaoirleacht an Tiarna, an t-iarBhreitheamh Patrick Coghlin.

Is dual do bhreithiúna agus baill a gcuid painéal cuma fhuarchúiseach a bheith orthu ach ba mhinic le cúpla seachtain nár cheil lucht fiosraithe an RHI a n-ionadh faoi riar Stormont.

Ag trácht ar an ngearánaí a chuir ríomhphoist chuig Arlene Foster ag tabhairt foláirimh di faoi mhí-úsáid an RHI ach ar shéan an DUP gur foláireamh a bhí ann, d’fhiafraigh an Breitheamh Coghlin an ndearnadh í a íobairt le Foster a chosaint. Níor deineadh, arsa ceannaire an DUP. Shéan sí freisin gur ritheadh an scéim ar mhaithe le lucht leanúna a páirtí féin. Cheistigh an Breitheamh Coghlin an raibh an roinn a raibh Arlene Foster ina feighil mífheidhmiúil.

Ar státseirbhísigh a chuir Arlene Foster an milleán, go seasta. Nuair a ceistíodh í faoi ról a comhairleora ón DUP, an Dochtúir Andrew Crawford, dúirt sí go raibh díomá uirthi gur chuir sé a ghaolta féin ar an eolas roimh ré go rabhthas chun srianta a chur ar chaiteachas ar deireadh thiar thall. Botún ab ea é sin, dar léi. D’éirigh seisean as a phost i Stormont (ar thuarastal £80,000 ón sparán poiblí) i ngeall ar an gconspóid ach tá sé fostaithe arís ag an DUP. Dúirt Arlene Foster gur fhulaing sé go leor agus nár cheart é a fhágáil sa bhfásach.

Rinne an Breitheamh Coghlin agus baill eile den Bhinse diancheistiú ar Crawford féin agus ar an iarChéad-Aire Foster faoi ról an chomhairleora. Díol suntais acu ab ea nár léigh sé cáipéisí teicniúla chun a bheith in ann comhairle a chur ar a Aire. B’iontas leo nár chuir sé ceist ar státseirbhísigh faoi chostas réamh-mheasta nuair a bhí cáipéis gan na sonraí á síniú ag an Aire. Dúirt an Dr Crawford nár fhiafraigh sé cad é an costas a bhí áirithe.

Beidh Arlene Foster ar ais os comhair an fhiosraithe níos deireanaí sa bhliain nuair a scrúdófar eachtraí a bhain le srianadh na scéime agus na leaganacha contráilte den scéal sin a thug sise agus a hiar-chomhghleacaí Jonathan Bell. Nuair a bhí an seisiún deiridh dá fianaise don gheábh seo ag druidim chun deiridh chuir abhcóide an fhiosraithe David Scofield brú uirthi faoin liodán lochtanna agus easnaimh a bhí admhaithe aici a bheith ar an scéim. Tar éis na lochtanna sin a liostáil, ar sé: ‘de réir d’fhianaise féin bhí tú i gceannas ar roinn nár chomhlíon na caighdeáin a mbeifeá ag súil leo; an fíor sin’? ‘Sílim gur fíor,’ an freagra a thug sí air.

Thagair Scofield ansin do ráiteas a rinne Foster sa Tionól i mí Eanáir anuraidh, agus í ag iarraidh a post a chosaint, inar dhúirt sí gur ghlac sí freagracht as obair na roinne. ‘Cad a bhí i gceist agat le freagracht a ghlacadh? An ortsa, sa deireadh a thiteann an t-ualach as imeachtaí sa roinn fiú mura raibh baint dhíreach agat leo?’ arsa Scofield. A freagra: ‘Is deacair a shamhlú conas is féidir liom a bheith freagrach as nithe nár insíodh dom. Is faoin mBinse cinneadh a dhéanamh’.

Is ea ar ndóigh. Tá go leor fianaise fós le clos ag an mBinse agus drochsheans go bhfoilseofar a chinneadh taobh istigh de bhliain. Tá an pobal ag faire ar an mBinse, áfach, agus ag déanamh a mbreithiúnas féin faoi conas a ritheadh Stormont.

Easpa miontuairiscí, státseirbhísigh nach raibh saineolas acu ar thionscnamh chostasach, SPAD (comhairleoirí speisialta), comhairleoir páirtí nár léigh cáipéisí agus aire nár léirigh fiosracht dá laghad faoin obair ba nuálaí a bhí idir lámha ag Stormont; an tAire ag rá gur mhó an tsuim a bhí aici i dturasóireacht agus sa tóir ar infheistíocht ón iasacht. Má bhí na ranna eile chomh trína chéile is a bhí an roinn atá faoi scrúdú ag an bhfiosrú seans gur beag idir ‘an teach mór ar an gcnoc’ agus an t-óstán cáiliúil faoi stiúir Basil Fawlty.

Fág freagra ar 'Cuireann na scéalta ó fhiosrúchán an RHI cuma ‘Fawlty Towers’ ar Stormont'