‘Fathach i saol na teanga’ – Tomás Mac Ruairí, iriseoir agus iaruachtarán ar Chonradh na Gaeilge, tar éis bháis

‘B’fhathach Tomás i saol na Gaeilge agus i saol na hÉireann,’ a dúradh i ráiteas ó Chonradh na Gaeilge tráthnóna

‘Fathach i saol na teanga’ – Tomás Mac Ruairí, iriseoir agus iaruachtarán ar Chonradh na Gaeilge, tar éis bháis

Tá an t-iriseoir agus iaruachtarán ar Chonradh na Gaeilge, Tomás Mac Ruairí, ar shlí na fírinne.

Bhí Tomás (PT) Mac Ruairí ar dhuine de Ghaeil mhóra a linne agus d’oibrigh sé go dúthrachtach ar son na teanga i gcaitheamh a shaoil.

“B’fhathach Tomás i saol na Gaeilge agus i saol na hÉireann,” a dúradh i ráiteas ó Chonradh na Gaeilge tráthnóna.

Tuairisceoir go smior a bhí ann agus 14 bliain a bhí sé nuair a foilsíodh sa Dundalk Democrat an chéad alt nuachta óna pheann.

Seachas seal a thug sé ag obair le Gael Linn is ag plé leis an iriseoireacht a bhí sé ar feadh a shaoil.

Leis an Irish Press a chaith sé cuid mhór dá shaol oibre agus d’oibrigh sé leis an nuachtán sin ó 1968 go dtí gur dúnadh é i 1995.

Thug sé go leor ama ina thuairisceoir cúirte agus nuair a dhún an Irish Press bhunaigh sé seirbhís tuairisceoireachta cúirte.

Bhíodh sé ag scríobh don nuachtán Inniu agus foilseacháin eile chomh maith.

Ba as Baile Mhic Cullach in Ard Mhacha ó dhúchas dó ach i mBaile Átha Cliath, áit a raibh siopa ag a mhuintir, a chónaigh sé ó bhog siad ansin i 1959. Bhí sé pósta le Síle agus cúigear clainne orthu.

Chláraigh sé mar bhall de Chonradh na Gaeilge i 1955 agus bhí sé ina uachtarán ar an eagraíocht idir 1998-2003. Chuir sé roimhe mar uachtarán an Conradh a chur in oiriúint don saol nua ó thaobh íomhá agus teicneolaíochta de.

Bhunaigh sé Craobh Bhréanainn de Chonradh na Gaeilge i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath agus bhí sé gníomhach san Ardchraobh agus ar Choiste Ceantair Bhaile Átha Cliath.

Bhunaigh sé Coláiste Samhraidh faoi choimirce a chraoibhe i dTír an Fhia i nGaeltacht Chonamara. Chaith sé seal mar Oifigeach Preasa agus mar Thimire leis an gConradh sna 1960idí, tráth a raibh sé ina eagarthóir ar an iris Rosc. Ba é a bhí i gceannas ar Chomóradh 50 Bliain Chonradh na Gaeilge ar Éirí Amach na Cásca i 1966.

Bhí sé ina Uachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge idir 2004-2010.

Bhí spéis mhór sa ghaeloideachas aige chomh maith.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Gaelscoileanna Teo agus thug sé seal ina rúnaí náisiúnta ar an eagraíocht sin. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Scoil Neasáin i mBaile Átha Cliath agus bhí sé ina bhainisteoir deonach ar an scoil sin idir 1970-1974.

Chaith sé tréimhsí éagsúla ar Bhord Sheachtain na Gaeilge agus bhí sé ina Chathaoirleach ar Choiste Oireachtas na Gaeilge ó 1995 go dtí 1996.

Bhí sé 25 bliain ar Bhord Stiúrtha Fhéile Interceltique Lorient.

Bhíodh sé ag craoladh ar Raidió na Life ón uair a bunaíodh é agus chaith sé 16 bliain ar bhord an stáisiúin.

Dúradh i ráiteas ó Bhord Raidió na Life gur “mór an t-ábhar bróin” bás Thomáis.

Bhí sé ina Chathaoirleach ar An Siopa Leabhar ó 2017.

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur “méala mór do chairde Chonradh na Gaeilge agus do phobal na teanga ar fad” bás Thomáis Mhic Ruairí.

 “Tá fuinneamh ar leith tógtha aige i ngluaiseacht na teanga le Conradh na Gaeilge agus táimid ar fad faoi chomaoin aige as,” arsa Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Fathach i saol na teanga’ – Tomás Mac Ruairí, iriseoir agus iaruachtarán ar Chonradh na Gaeilge, tar éis bháis'

  • Pádraig O'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam uasal.

  • John

    Beannacht Dé leis. Fathach Fir.

  • Tiarnan de Fréine

    Fathach i measc na nGaeil agus i saol na Gaeilge imithe ar shlí na fírinne. Fear uasal. Bhuail mé leis i mí Deireadh Fómhair seo caite ag Aifreann sochraide mo mháthair, agus cé nach raibh sé feicithe agam le blianta fada, bhí sé comh cáirdiúil is a bhí riamh. Suaimhneas síoraí dá anam uasal!

  • John Maguire

    Laoch eile na Gaeilge ar lár. Comhbhrón ó chroí.

  • An Teanga Bheo

    Beannacht Dé lena anam