Breandán Ó hEithir (18 Eanair 1930 – 26 Deireadh Fómhair 1990)
‘Faraor gan Ó hEithir anseo chun déileáil leis an scéal’. ‘Nach é Breandán a dhéanfadh jab ar an ealaín seo?’. Liosta le háireamh iad na huaireanta a chluintear a leithéid i dtaca le heachtra pholaitiúil nó spóirt, go háirithe.
Teistiméireacht ar a ghrinneas, a chumas agus a dhíograis agus é sa tóir ar an bhfírinne é go gcuirtear cronú ann ceathrú céid tar éis a bháis in aois a thrí scór.
Iriseoir nuachtáin, raidió agus teilifíse ab ea é, úrscéalaí agus údar mhórshaothair eile. Gan dabht, tá cur amach ag léitheoirí ar na húrscéalta Lig Sinn i gCathú agus Sionnach ar Mo Dhuán, a raibh an-ráchairt orthu.
Leabhar gleoite cuimhní cinn is ea An Nollaig Thiar, tá The Begrudger’s Guide to Irish Politics fós ar cheann de na leabhra is greannmhaire agus is géarchúisí faoin bpolaitíocht agus tá Over the Bar i measc na sárshaothar faoi Chumann Lúthchleas Gael. Obair in ‘am saor’ a ghin na saothar sin den chuid is mó, áfach, mar is le hiriseoireacht a shaothraigh sé a bheatha.
Ba é fathach iriseoireacht na Gaeilge é le mo bheathasa. Chaith sé tréimhse ag obair i Scéala Éireann (Irish Press, nach maireann), scríobh sé colún san Irish Times; bhí sé ina eagarthóir ar Comhar is é óg – agus conspóideach, amannta – agus rinne sé lear mór oibre ar RTE, idir raidió, teilifís agus Raidió na Gaeltachta. Chuir sé saothar ar fáil freisin don National Geographic agus foilseacháin eachtracha eile.
Ní raibh póirse ná clúid in Éirinn nár shiúil sé agus cluas le héisteacht air. Cé gur fíor go n-aithneodh sé cur i gcéill agus fimínteacht míle slí uaidh agus go mbeadh sé easurramach, míthrócaireach faoi lucht na fimínteachta, ba é an t-éisteoir ab fhearr é dá bhfaca mé ariamh. Chuir sé daoine ar a suaimhneas, scaoil siad eolas leis nach bhfaigheadh duine eile. Bhí a intinn aibí in ann a raibh cloiste aige a mhiondealú.
Ansin, mórán ar nós Studs Terkel, an t-iriseoir Meiriceánach a raibh ardmheas aige air, bhí sé in ann an scéal aonair a shuíomh mar chuid de scéal an phobail i gcoitinne agus a chur in iúl le stíl phaiteanta, shimplí. Cheil an tsimplíocht sin cé chomh snasta is a bhí. Bhí sé thar a bheith deaslabhartha i nGaeilge agus i mBéarla ach anuas air sin, chaith sé dúthracht le saothrú na teangan.
Ag druidim le deireadh na seachtóidí, tráth a raibh seal caite aige ag obair i saol na teilifíse, go háirithe ar an gclár cúrsaí reatha Féach, scríobh sé faoi shaothrú na Gaeilge ar mheáin úra. Dúirt sé in alt san Irish Times gur chuir sé roimhe a theanga féin a ionramháil agus a lúbadh chun í a chur in oiriúint don obair faoi ghnéithe uile an tsaoil reatha.
Bheadh toradh a shaothair soiléir don té a mbeadh fáil aige ar chartlann Féach chun é a chur i gcomparáid leis an obair a rinneadh roimhe. Tá gach duine againn atá i mbun na ceirde inniu faoi chomaoin aige mar rinne sé obair cheannródaíoch in iriseoireacht na Gaeilge go ginearálta ach sa scríbhneoireacht don teilifís go háirithe.
Thaitin tuairisceoireacht don teilifís go mór leis mar gurb é a bhua a bheith ag obair i measc an phobail, nó ag scríobh scripteanna le haghaidh scannáin. Bhí an ghráin ag Breandán ar chur i láthair sa stiúideo agus ní raibh sé ar a chompord ann, murab ionann agus a leathbhádóir ar Féach, Proinsias Mac Aonghusa, a bhí thar cionn aige.
Tá cuid mhór dá shaothar iriseoireachta le fáil sna bailiúcháin as Comhar, i gcartlann an Irish Times agus Scéala Éireann. Tá samplaí dá shaothar agus cuntais ar a charaíocht leis an teanga in Iomramh Aonair, beathaisnéis Uí Eithir a scríobh Liam Mac Con Iomaire agus léargas air freisin in Sairséal agus Dill, Scéal Foilsitheora le Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt.
B’fhiú do gach ábhar iriseora – agus do gach iriseoir – iad a scrúdú. ‘Tús feasa fiafraigh’ an mana a shamhlaím leis, fiosracht chun an fhírinne a aimsiú, a bheith dáiríre faoin obair ach gan a bheith dairíre faoi féin.
D’fhág sé oidhreacht luachmhar againn.
Uinsionn Mac Dubhghaill
Bhí an t-ádh orm beagán aithne a chur ar Bhreandán i 1989 agus 1990 agus mé ag tosú amach ar chosán na hiriseoireachta. Bhíodh bealach nádúrtha cairdiúil leis a chuaigh i gcionn orm go mór, agus ní chaillinn a chuid colún san Irish Times gach seachtain… b’é an t-iriseoir is fearr in Éirinn é ag an am, in aon teanga. An rud sin a luaigh Póilín, ábhar casta a mhíniú i bhfocail shimplí, comhthéacs a thabhairt ach é a dhéanamh ar scála daonna, bhí sé aige go smior agus ní raibh a shárú ar fáil.
sean@hotmail.com
‘Lig sinn i gcathú’ an leabhar is mó sa Ghaeilge a thaitníonn liom féin.
Seán Mag Leannáin
I mo thuairimse is é An Nollaig Thiar an saothar litríochta is fearr a scríobh sé. Leabhar beag draíochtúil ina ndéantar cur síos ar an gcaoi ina gcaití an Nollaig in Árainn le linn a óige.