Faoiseamh ó anró bliantúil na bparáidí oráisteacha tuillte ag muintir Ard Eoghain

Tá na céadta paráid oráisteach ag druidim linn, ach is í máirseáil chonspóideach an 12 Iúil thar cheantar náisiúnach Ard Eoghain i dtuaisceart Bhéal Feirste an chúis bhuartha is mó i gcónaí

orange order

’Sé an séasúr é. Cé gur faoi Bhreatimeacht a bhí daoine ag argóint, roinnt acu ríméadach agus a thuilleadh díomách feargach, meabhraíodh dúinn go bhfuil tráth na dtrioblóidí logánta buailte linn. Na céadta de pharáidí na nOráisteach ag druidim linn, a bhformhór mór síochánta ach imní faoi dhornán díobh. ’Sí máirseáil chonspóideach an 12 Iúil thar cheantar náisiúnach Ard Eoghain i dtuaisceart Bhéal Feirste an chúis bhuartha is mó.

B’údar díomá é gur theip ar iarracht réitigh ag tús na seachtaine chun deireadh a chur leis an aighneas a tharraing círéibeacha fuilteacha go minic. Tá doicheall ag áitritheoirí náisiúnacha Ard Eoghain roimh mháirseálacha na nOráisteach ach tá cuid de bhaill an oird diongbháilte gurb é a gceart máirseáil san áit nach bhfuil fáilte rompu.

De réir an mhargaidh a bhí déanta ag eadránaithe le cuid de na grúpaí ón dá thaobh cheadófaí paráid bheag trí Ard Eoghain Dé hAoine i gcuimhne an Somme agus scorfaí campa agóide dílseach Twaddell atá lonnaithe in aice le hArd Eoghain le trí bliana, geall leis.

Tá £20 milliún caite ar phóilíneacht an champa ó bunaíodh é i ndiaidh na gcíréibeacha in 2013 nuair a dhiúltaigh Coimisiún na Mórshiúlta cead a thabhairt do na máirseálaithe oráisteacha filleadh trí Ard Eoghain tráthnóna an 12 Iúil. Ceadaíodh an pharáid ar maidin ach is údar imní é nuair a fhilleann lucht leanúna agus iad ólta.

Ba í an fhadhb leis an iarracht réitigh nach raibh gach dream atá sáite san aighneas páirteach sna comhráite. Bhí Ord Oráisteach an chontae agus cumann áitritheoirí náisiúnach CARA sásta leis na moltaí ón Urramach Harold Good agus Jim Roddy. Níor shásaigh na moltaí lucht an lóiste Oráisteach i mBaile na Saileán i dtuaisceart na cathrach; tacaíonn siad le lóiste Lag an Aoil atá i mbun agóide ag iarraidh, ó pharáid 2013, go ligfí dóibh máirseáil abhaile. Nuair a dhiúltaigh an lóiste don mhargadh rinne CARA an rud céanna. Anuas air sin, tá an dara heagraíocht áitritheoirí in Ard Eoghain, GARC. Cumann é seo atá luaite le heasaontóirí agus ní bheidís sin toilteanach glacadh le paráid oráisteach ar bith. Mhaígh siad gur mhargadh doghlactha idir Sinn Féin agus an UVF a bhí ann.

Fágann sin éiginnteacht arís faoina bhfuil i ndán don cheantar i mbliana. Tá lucht an champa agóide meáite go bhfanfaidh siad i gcampa Twaddell atá ar an taobh eile den bhóthar ó na siopaí in Ard Eoghain, agus níl GARC toilteanach glacadh le comhghéilleadh de chineál ar bith. Is léir, áfach, go mbeadh CARA sásta lena thuilleadh cainteanna réitigh agus is é an scéal céanna é ag ceannairí na nOráisteach. Is cosúil go dtuigeann na hOráistigh is sinsearaí, ar deireadh thiar thall, gur droch-cháil agus drochmheas ar an eagraíocht a thuill a ndiúltú do chainteanna le háitritheoirí.

Seans go bhfuil léas dóchais ann fad is a bhaineann sé leis na háitritheoirí i CARA agus le ceannasaíocht an Oird Oráistigh, ach tá obair mhór le déanamh i dtaca leis an lóiste áitiúil agus leis an eagraíocht GARC.

Chonacthas le linn chíréibeacha eile nach raibh éifeacht ná smacht ag Sinn Féin ar dhaoine a tháinig amach faoi scáth GARC agus beifear san airdeall fúthusan.

Tá moladh tuillte ag iarracht an Urramach Good (a rinne monatóireacht leis an Athair Alex Reid ar dhíchoimisiúnú an IRA) agus Jim Roddy a bhí páirteach sa mhargáil i nDoire a réitigh ceist na máirseálacha ansin. Cibé bealach a athrófar leagan amach GARC agus lóiste Bhaile na Saileán, más le hiarrachtaí deonacha den saghas sin é nó le réiteach i Stormont, tar éis i bhfad an iomarca moille.  Tá faoiseamh ón teannas agus ón anró bliantúil tuillte ag muintir Ard Eoghain go háirithe, ach ag an bpobal trí chéile chomh maith.

Fág freagra ar 'Faoiseamh ó anró bliantúil na bparáidí oráisteacha tuillte ag muintir Ard Eoghain'

  • padraig

    Nach atuirseach, nach baoth, nach ainnis an gniomh e seo bliain i ndiaidh bliana ag grathain seo re na gcloch? Teidis ag snamhacan ar ais isteach ina bpluaiseanna in ainm Chroim agus deanaidis codladh na gceadta bliain agus ligidis duinn fein agus don saol teacht in inmhe mar shibhialtaigh agus mar dhaoine daonna. An mbeidh aon fheabhas orthu faoin trath sin fein?