Faoi gheasa ag ‘Bongo Flava’ na Tansáine

‘Tá tú ceart go leor an dóigh atá tú,’ sin í an teachtaireacht a bhain ár gcolúnaí as na físeáin cheoil ón Tansáin nár stop sé ag breathnú orthu le seachtain anuas. Ach...

Faoi gheasa ag ‘Bongo Flava’ na Tansáine

Ceann de na pléisiúir a bhaineann le haimsir fhliuch an fhómhair ná an fhlúirse ama a bhíonn agat chun dul ar seachrán ar an idirlíon. An lá cheana chuaigh mé síos i bpoll coinín agus chríochnaigh mé suas sa Tansáin, tír na n-iontas, an Bongo Flava.

Stíl cheoil é an Bongo Flava, ach ba í an dornálaíocht a thug go hoirthear na hAfraice mé – go digiteach, pé scéal é. Dornálaí é Twaha Kassimu (nó Twaha Kiduku, mar is fearr i bhfad aithne air) a bhfuil spéis agam ann toisc go mbíonn sé san iomaíocht i réimse an trom-mheánmheáchain, an réimse a mbeinn inti ann dá nglacfainn páirt i gcomórtais.

Oíche fhliuch éigin an tseachtain seo caite agus mé ag breathnú ar chluichí Kiduku ar líne, féachaint an bhféadfainn rud nó dhó a fhoghlaim uaidh a chuirfeadh feabhas ar mo stíl dornálaíochta féin, thug mé faoi deara go raibh físeán nár bhain le cúrsaí dornálaíochta in aon chor á bhrú orm ag YouTube. Ar ghluaisrothar a bhí Kiduku i mioníomhá don fhíseán sin, agus bhí a smig ar a ghualainn ag spéirbhean. Chliceáil mé air – agus isteach liom i saol an Bongo Flava.

Amhránaí é Twaha Kiduku chomh maith le dornálaí, ach tá sé sách nua sa cheird sin: níl aige ach dhá thraic go dtí seo. Ach níl siad go holc; go deimhin, tá siad go maith – piachán mealltach ina ghlór a chuirfeadh i gcuimhne duit, ní hamháin gaiscí sa chró dornálaíochta ach sa leaba, leis.

Tá go leor i gcoitinne ag an Bongo Flava le Hip-Hop Mheiriceá, agus níl sa bhéim ar mhustar na n-amhránaithe ach sampla amháin de na cosúlachtaí sin. Ach seánra ann féin é, agus ní hamháin toisc gur sa Svahaílis a chastar mórchuid na liricí. Ar an bpointe boise, d’aithneofá ar na foinn go bhfuil traidisiún ceoil éagsúil taobh thiar den Bongo Flava – chomh maith le rud éigin tochtmhar, tnúthánach, ach brionglóideach ag an am céanna, agus a chloiseann tú, thar aon áit eile, i bhfuaim na ngiotár cruach.

Níl tuiscint ar an Svahaílis agam agus b’fhéidir dá bharr sin, ghabhfainn chomh fada lena rá go bhfuil an Bongo Flava níos éasca ar an gcluas ná an Hip-Hop Meiriceánach, ach tá rud eile ann a dhealaíonn stíl na Tansáine óna leathdheirfiúr sna Stáit.

Ní hé nach bhfuil aon gháifeacht ag baint leis an Bongo Flava nó go bhfuil sé saor ón gcliché; sa chéad fhíseán sin aige, Marhaba, sin é ceann an ghluaisrothair, osclaíonn Kiduku buidéal seaimpéin ar bhealach nach bhféadfá cur síos a dhéanamh air ach ‘go gáirsiúil’. Agus cé go dtéann an físeán céanna i ngaireacht don phornagrafaíocht bhog in áiteanna eile, leis, spéirbhean chneasta go maith atá sa bhean ar chúl an ghluaisrothair, gúna fada uirthi sa radharc sin agus blús neamhshuntasach le muinchillí fada i radharc an tseaimpéin. Rogha margaíochta é seo, gach seans: an cholainn fhireann atá ar taispeáint anseo, ná bíodh aon dul amú orainn faoi sin.

Ach seo é an áit a dtarlaíonn casadh gan choinne, gan choinne don tsúil Iartharach, pé scéal é. Fear breá é Kiduku, níl aon dabht faoi sin, ach i gcead dó, ní hí seo an áilleacht fhireann mar a léirítear í go hiondúil sna físeáin a bhfuil cleachtadh againne orthu, is é sin le rá, físeáin Hip-Hop Mheiriceá. Bíonn a chliabhrach nochtaithe ag Kiduku ó thús deireadh an fhíseáin, ach níl aon sé-phaca le feiceáil anseo; más dornálaí trom-mheánmheáchain thú agus mura mbíonn agat ach airde 174cm, tá tú, abraimis, téagartha – nó, i gcomhthéacs na dornálaíochta, rud beag ramhar. Má roghnaíonn tú spéirbhean ansin atá i bhfad níos airde ná thú chun páirt a ghlacadh i d’fhíseán, tá pointe á dhéanamh agat.

Tá sé ráite agam roimhe seo agus déarfaidh mé arís é: níl rud ar bith chomh leamh agus an fhoirfeacht agus is maith a thuigeann Twaha Kiduku é sin. Ní mé an smitín nó trasdorn sa phus ba chúis leis nó rud éigin iomlán éagsúil, ach tá ceann dá fhiacla tosaigh ar iarraidh agus san áit a mbeadh fiacail óir nó b’fhéidir fiche curtha isteach, gach seans, ag a mhacasamhail sna Stáit, shocraigh Kiduku an mant a fhágáil ina chár.

Níl a fhios agam an cinneadh coinsiasach a bhí ansin, agus arís, níl aon tuiscint ar an Svahaílis agam, ach tá leideanna físiúla go leor sa dara físeán a chroch Kiduku suas ar YouTube, Hot Fire,  gurb í seo an teachtaireacht lárnach atá aige: tá tú ceart go leor an dóigh atá tú.

I dteach saoire agus gairdín breá trópaiceach timpeall air atá Kiduku san fhíseán sin agus an uair seo, ní spéirbhean amháin ach slua spéirbhan atá ina theannta, ag croitheadh a gcuid tóineanna go fíochmhar agus ag déanamh rudaí le ráca atá ar theorainn na gáirsiúlachta. Ach ní spéirmhná mar a léirítear dúinn go hiondúil iad seo ach mná atá go hálainn toisc go bhfuil siad go hiomlán ar a suaimhneas lena gcolainn féin, díreach mar atá Kiduku; dream cairde iad seo, shílfeá, atá ag baint súp as an saol agus as comhluadar a chéile beag beann ar thuairimí an tsaoil mhóir – nó, má theastaíonn uait casadh woke a bhaint as seo, beag beann ar thuairimí an tsaoil mhóir Iartharaigh.

Anois, níl mé chomh saonta sin le go gceapfainn gur fianaise iad físeáin Twaha Kiduku agus na físeáin Bongo Flava eile a chonaic mé gur tír í an Tansáin ina bhfuil gach duine ceart go leor an chaoi atá siad.

Stát aon-pháirtí í an Tansáin ina ngearrtar príosún saoil ar dhaoine a mbíonn gnéas acu le daoine den inscne chéanna (agus níl ansin ach a thús.)

Agus cé go luaitear i gcuid mhaith alt agus aistí a léigh mé le seachtain anuas gur ‘meabhair’ is brí le ‘Bongo’ agus gur ceol agóide atá sa Bongo Flava, bealach d’ógánaigh sa Tansáin cur i gcoinne réimeas an pháirtí shóisialaigh, i gcoinne thuairimí na nglúnta a tháinig rompu agus i gcoinne lear mór rudaí eile, is baolach gur cosúil go bhfuil an gheis ar an ngnéas idir daoine den inscne chéanna chomh mór sin gur theip ar algartam YouTube aon fhíseán Bongo Flava a aimsiú dom a léireodh tacaíocht do chúrsaí LADT+ nó fiú amháin tuiscint orthu.

Má shíl mé go raibh rud éigin tochtmhar, géarmhilis ag baint leis an Bongo Flava sula ndearna mé an píosa taighde sin, is cinnte go gceapaim sin anois.

Fág freagra ar 'Faoi gheasa ag ‘Bongo Flava’ na Tansáine'