Tá teagascóir san ionad aclaíochta a mbínn ag traenáil ann nuair a bhí mé fós i mo chónaí sa Bhrasaíl atá go hiomlán foirfe. Eiseamláir na háilleachta firinne atá ann: láidir, lúfar, ribe gruaige ar bith as áit agus malaí atá in ann a rogha mothúchán a chur in iúl sna pictiúirí a chrochann sé ar Instagram.
Níl mise ar Instagram, ach cuireann duine de mo chuid méiteanna san ionad aclaíochta sin seatanna scáileáin chugam de na grianghraif a phostálann an teagascóir ar na meáin shóisialta (bíodh sin ina rabhadh daoibh a chairde: aon rud a chrochann tú ar an idirlíon, ní leat féin é a thuilleadh!)
Cuireann mo mhéit na pictiúirí sin chugam ag ceapadh go mbeidh uisce le mo chársa mar a bhíonn lena chár féin, ach ní bhíonn.
Tá an teagascóir sin chomh foirfe sin, bail ó dhéithe na haclaíochta air, go bhfuil an chuma air go bhfuil sé déanta as plaisteach.
Níos measa fós, tá pearsantacht fhoirfe aige lena chois. Tá sé lách agus cairdiúil – ach ar bhealach proifisiúnta amháin. Ní hé go bhfuil rud ar bith mímhacánta ag baint leis ach bíonn a réimse chomhrá teoranta dá mbaineann le hábhar amháin: na cleachtaí éagsúla don chorp, aistí bia, uaireanta oscailte agus, más gá, cluiche sacair na hoíche aréir. Ní thugann sé leid ar bith faoina shaol pearsanta, gan trácht ar bhealach isteach chuig comhráite faoi ábhair níos doimhne.
Sárfhostaí atá sa teagascóir sin gan dabht ach ní dhéanfadh sé carachtar maith i bpíosa ficsin. Bíonn sé deacair greim a fháil ar an rud a bhíos róshnasta, róshlachtmhar, gan locht. Bíonn smál éigin, dá laghad féin, ag teastáil; lúb ar lár nó codarsnacht inmheánach éigin a spreagfaidh an tsamhlaíocht.
Tá an rud céanna fíor faoi shaothair ficsin ina n-iomláine. Inné féin agus mé i mbun eagarthóireachta ar m’úrscéal, rith sé liom gur theip orm úsáid a bhaint sa radharc a bhí idir lámha agam as samhail mhealltach ar bhain mé úsáid aisti cúpla radharc roimhe sin; móitíf dheas a bheadh ann dá mbainfinn úsáid as leagan den íomhá chéanna sin arís.
Shocraigh mé gan an deis a thapú. Chuimhnigh mé ar an stoda diamaint sin i gcluas an teagascóra aclaíochta – an sméar mhullaigh ar a chosúlacht fhoirfe – agus ar an ngadhairín beag a bhí á fháisceadh lena ucht aige i gceann de na pictiúirí a chroch sé ar Instagram an lá cheana, Jack Russell donn nach raibh ribe gruaige as áit air ach oiread.
Sprioc í an fhoirfeacht ar fiú díriú uirthi ach ar fearr gan í a bhaint amach – i réimse na litríochta pé scéal é.
Fág freagra ar 'Sprioc í an fhoirfeacht ar fiú díriú uirthi ach ar fearr gan í a bhaint amach'