Faobhar ar na sceana don toghchán…agus don toghchán ina dhiaidh sin

Tá teachtaireachtaí na bpáirtithe soiléir i ndiaidh bhuiséad an lae inné, ach cé atá ag éisteacht leo

3/10/2009 Lisbon vote. Fine Gael Leader Enda Kenny talks to Sinn Fein's Gerry Adams at Dublin Castle after the second Lisbon Treaty Referendum vote count. Photo. Sean Barrett is in the Right. Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Más cosúil gur ghéill an Taoiseach Enda Kenny d’éileamh truamhéileach Pháirtí an Lucht Oibre nach reáchtálfar an t-olltoghchán go dtí an athbhliain, tá na sceana géaraithe cheana don toghchán ag na páirtithe.

I bhfianaise na bpobalbhreitheanna atá iontach seasmhach le bliain anuas, is beag seans go ndéanfadh sé aon difear cathain a reáchtálfaí an toghchán, ach tá Labour ag súil go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí i bhfianaise na cáinfhaisnéise.

‘Seasmhacht nó anord’ an rogha, dar leis an Taoiseach, agus é ag súil go bhfanfaidh vótóirí le páirtithe an rialtais toisc nach bhfuil aon rogha shoiléir eile ar fáil. Agus níor chabhair ar bith do léamh sin an Taoisigh ar an scéal go raibh easaontas poiblí ann idir an dá phairtí rialtais faoi dháta an toghcháin (nó faoi chursaí tithíochta is cíosa nó eile).

Maíomh eile ag an rialtas, ar ndóigh, ná gur thug siad slán as géarchéim eacnamaíochta muid, is go bhfuil an geilleagar anois ag téarnamh: a chruthúnas sin ná an cháinfhaisnéis fhlaithiúil a fógraíodh inné.

Agus sin é straitéis an rialtais i mbeagán focal: ag rá nach bhfuil aon rogha sheasmhach shoiléir eile ann, agus ag maíomh as dea-fhigiuirí eacnamaíochta.

Agus mar a léirigh an cháinfhaisnéis, tá Fine Gael ag freastal ar a lucht tacaíochta féin trí bhéim a leagan ar an gcabhair atá á tabhairt acu do dhaoine féinfhostaithe agus don lucht gnó.

Ach is iad Labour an fabht is mó san éide. Beidh siadsan ag rá go mbeadh an scéal níos measa don lucht oibre murach iad a bheith sa rialtas chun srian a chur ar Fhine Gael.

Beag rian de sin atá le feiceáil, ámh, sna ceantair a thug vóta do Labour roimhe, agus tá leibhéal tacaíochta an pháirtí tite dá bharr. Tá sé an-deacair a shamhlú go ndéanfadh cúpla pingin bhreise sa gcáinfhaisnéis mórán difear do dhearcadh na ndaoine a bhfuil Páirtí an Lucht Oibre tréigthe acu, ach feicfidh muid linn.

Agus ós rud é gurb iad Sinn Féin an baol is mó do Pháirtí an Lucht Oibre, tá siad ar a seacht ndícheall ag déanamh ionsaithe ar Shinn Féin (agus ar aon iriseoir nach nglacann lena léargas féin ar chúrsaí).

Ach má tá sliabh mór le dreapadh ag ag páirtithe an rialtais, níl aon bhealach éasca roimh Fhianna Fáil ach an oiread. Tá faitíos an domhain orthusan go gcaillfidís vótaí i measc vótóirí na meánaicme dá gceapfadh daoine go rachaidís i mbun rialtais le Sinn Féin, ach tá an tacaíocht a bhíodh ag an páirtí ón lucht oibre go tradisiúnta caillte cuid mhaith freisin.

Tá Fianna Fáil, ar bhealach, ag iarraidh freastal ar an dá thrá: má ta téarnamh ann, is de bharr polasaithe a thug Fianna Fáil isteach é, polasaithe ar chloígh an rialtas leo ina dhiaidh. Ag an am céanna, tá siad ag iarraidh cur in aghaidh na bpolasaithe céanna agus an chaoi ar cuireadh i bhfeidhm iad.

Tá an páirtí ag súil, ar ndóigh, go mbeidh siad chun tosaigh ar Fhine Gael sa toghchán mar a bhí sna toghcháin áitiúla, ach níl móran ann a chuirfeadh airgead mór air sin.

Tá scéal níos simplí is níos soiléire le hinsint ag an eite chlé. Tá Sinn Féin ag rá, go bunúsach, nach raibh sé riachtanach polasaí déine chomh géar sin a chur i bhfeidhm ar an lucht oibre. Dar leo gur cuireadh an déine i bhfeidhm ar mhaithe le lucht an airgid, lucht na mbanc is lucht na maoine – in Éirinn agus, go háirithe, san Eoraip.

Deir siad go bhfuil – is go raibh – bealach eile ann (macalla ‘Frankfurt’s Way nó Labour’s way’, b’fhéidir), tachtaireacht atá ag cabhrú leo vótaí a sciobadh ó Pháirtí an Lucht Oibre.

Tá oidhreacht an chogaidh ó thuaidh ina deacracht dóibh mar sin fhéin, agus sin é an fáth go mbíonn na páirtithe eile ag leagan an oiread sin béime ar scéalta ar nós scéal Mhairia Cahill agus scéal Jean McConville.

Fágann sin gur beag an anailís a dhéantar go fírinneach ar a gcuid polasaithe eacnamaíochta, i dtaobh aontacht na hEorpa, mar shampla.

Ní bheidh mórán tionchair ag na hionsaithe ar an tacaíocht atá ag an bpáirtí faoi láthair, ach b’fhéidir go laghdódh sé líon na n-aistriúchán a thiocfaidh chucu. I mbeagán focal, is í an aidhm atá ag Sinn Féin ná líon a gcuid suíochán a mhéadú go mór agus an méid tacaíochta atá acu a dhaingniú do na toghcháin atá le teacht.

Agus ar ndóigh, ceist eile ná cé a rachaidh i gcomhrialtas leo? Mar tá an eite Throtscaíteach den eite chlé, atá i gcomórtas leo le haghaidh vótaí, naimhdeach dóibh is bíonn na neamhspleáigh eile cúramach faoi dhul róchóngarach dóibh.

Go deimhin, níl na neamhspleáigh ag iarraidh dul congarach do dhream ar bith, mar is é an teachtaireacht atá acu siúd ná go gcuirfidís srian ar gach páirtí eile “ar mhaithe le leas an phobail”.

Agus cás na polaitíochta ag dul chun aimhréidhe, is deacair a fheiceáil go mbeidh bua cinnte ag aon dream. Agus más mar sin a bheas, ní bheidh sa toghchán seo ach réamhchleachtadh do thoghchán eile – toghchán, is dócha, a dhéanfaidh fíorathrú ar pholaitíocht na hÉireann.

Fág freagra ar 'Faobhar ar na sceana don toghchán…agus don toghchán ina dhiaidh sin'