Fanfaidh Rialtas na hÉireann go ndéarfar leo cén dearcadh is cóir dóibh a bheith acu…

Tá an Breatimeacht imithe rófhada mar scéal anois go gcuirfí stop leis ach tá neart fadhbanna eile le réiteach ag an AE agus neart dúshlán roimh Rialtas na hÉireann

Fanfaidh Rialtas na hÉireann go ndéarfar leo cén dearcadh is cóir dóibh a bheith acu…

An Taoiseach Leo Varadkar. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie 

Tá na hEoraidhíograiseóirí i Sasana ag déanamh a ndíchill i gcónaí stop a chur leis an mBreatimeacht agus tá a macasamhail anseo in Éirinn ag tacú go tréan agus in airde a nglórtha leo.

Ach is cosúil nach dtuigeann siad, fiú má chuirtear moill fhada ar an mBreatimeacht, go bhfuiltear imithe rófhada leis an scéal cheana féin agus go bhfuil gnó eile idir lámha ag an Aontas Eorpach anois.

Seachas na deacrachtaí a bhaineann le hiarracht Macron na Fraince athchóiriú a dhéanamh chun an tAontas a lárú, tá fadhbanna móra eile ann maidir le cúrsaí eacnamaíochta agus le limistéar an euro go háirithe.

I gcomparáid leis na Stáit Aontaithe, agus fiú an tSín, níl oiread sin comhlachtaí móra tagtha chun cinn san Eoraip le fiche bliain anuas, is níl tada mórán á fhorbairt san Eoraip in earnáil na hintleachta saorga.

Tá dul chun cinn níos gasta á dhéanamh sa tSín sa réimse sin agus tá bagairt mhór ann do chomhlachtaí móra na Stát Aontaithe dá bharr– rud a thuigeann Donald Trump go maith.

Tugadh an euro isteach 30 bliain ó shin ar an tuiscint go gcabhródh an t-airgeadra Eorpach aonair leis an margadh aonair a dhéanamh níos éifeachtaí. Ní mar sin a tharla. Is mí-éifeachtaí ná riamh an limistéar euro ó thaobh na heacnamaíochta.

Is léir go bhfuil cur chuige difriúil ag teastáil go géar, ach cén chaoi a bhféadfar teacht ar aontas faoin bhfadhb seo? Bheadh sé fíordheacair, go háirithe dá ligfí don Bhreatain fanacht san Aontas.

’Sea, má bhí Macron sásta tráth tuilleadh ama a thabhairt don Bhreatain le himeacht, tá sé meáite anois go n-imeoidís tapa.

Níl Uachtarán na Comhairle, Donald Tusk, ar aon tuaraim leis faoi sin ar ndóigh, ach is beag tábhacht a bhaineann le Tusk.  Tá an Ghearmáin níos tábhachtaí sa scéal, agus tá leas mór ag an nGearmáin sa trádáil le Sasana. 

Ar a laghad, fiú murar féidir leis an nGearmáin Sasana a choinneáil san Aontas – agus feictear dom go dtuigeann siadsan freisin nach féidir sin a dhéanamh sa bhfadtéarma –  beidh socrú oiriúnach (dóibh féin is don Fhrainc) á lorg acu i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Má tá éinne in amhras faoin anailís seo breathnaíodh siad ar na scéalta seo.

Léiríonn figiúirí faoi limistéar an euro, a foilsíodh le déanaí, go bhfuil an fás eacnamaíochta an-lag ann i gcónaí. Tá an cúigiú cúlú eacnamaíochta le fiche bliain ar siúl san Iodáil agus iad i gcoimhlint leis an gCoimisiún maidir leis an réiteach ar mhaith leo a chur i bhfeidhm.

Agus tá geilleagar na Gearmáine, ina bhfuil tús áite ag easpórtáil earraí, buailte go dona ag an lag trá eacnamaíochta domhanda.

I bhfianaise laige na mbanc Eorpach, tá eacnamaithe anois ag caint faoin ngá le comhtháthú breise airgeadais, agus Macron ag moladh comhtháthú eacnamaíochta – i gcúrsaí cánach freisin – mar chuid dá fhís nua don Aontas.

Níl a fhios ag Rialtas na hÉireann cén seasamh atá acu faoi seo uilig.  Fanfaidh siad go ndéarfar leo cén dearcadh ba chóir dóibh a bheith acu.

Cabhróidh sé leis an rialtas má chuirtear an Breatimeacht ar an méar fhada, ach is seachmall amach is amach é a bheith ag ceapadh gur féidir neamhní a dhéanamh de ag an bpointe seo. Is é bun agus barr an scéil go gcaithfear cos a choinneáil sa dá mhargadh – san Eoraip agus sa mBreatain.  Ach ní léir go bhfuil an fhéinmhuinín againn anois tabhairt faoin idirbheartaíocht dhéthaobhach a bheadh ag teastáil.

Níl an Iodáil chomh drogallach céanna linn. Scaoil siadsan ceangal na hEorpa nuair a d’fhógair siad go nglacfadh siad páirt sa bhfiontar Síneach a dtugtar ‘Crios is Bóthar’ air.

Is léir mar sin go bhfuil fadhbanna móra ag an Aontas Eorpach más leo smacht a chur ar na ballstáit eile, gan trácht ar an gceann atá ag iarraidh imeacht.

’Sea, tagann scaoll ar Macron nuair a shamhlaíonn sé an ról a imreoidh leithéidí Boris Johnson i gcúrsaí na hEorpa dá gcuirfí an Breatimeacht ar ceal, nó, níos measa fós, dá mbeadh Corbyn i réim agus clár sóisialach á chur i bhfeidhm aige mar mhalairt ar an nualiobrálachas a bhfuil an tAontas bunaithe air agus ar cuid lárnach de phlean Macron é i gcónaí.

I bhfianaise na ndeacrachtaí seo go léir ag an Aontas, níl aon am acu a bheith i mbun síorchoimhlinte le Sasana. B’fhearr iad a bheith amuigh agus socruithe trádála a dhéanamh leo a oireann don chuid eile den Aontas – an Ghearmáin ar dtús agus muide ag deireadh na scuaine, bíodh an cúlstad ann nó ná bíodh.

Mar murar féidir leis an Aontas na fadhbanna a bhaineann leis an aontas airgeadra a shocrú, ní thiocfar ar aon réiteach ar fhadhb ar bith eile.

Fág freagra ar 'Fanfaidh Rialtas na hÉireann go ndéarfar leo cén dearcadh is cóir dóibh a bheith acu…'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Caithfidh go bhfuil díomá an mhór ar Eoin, nár tharla mar a bhí á thuar aige le fada: nach seasfadh na tíortha eile san AE le Éirinn.

  • Mícheál Ó hAodha

    An ceart ag Eoin. D’fhógair an Bhreatain tamall fada ó shin go bhfuil sé i gceist acu cúl a thabhairt ar an AE ach tá na meáin agus cuid mhór polaiteoirí in Éirinn fós ag cur ina lui orainn go mbeidh réiteach eile ann, an dara reifrean, agus go bhfanfaidh said linn… blah blah…Ráiméis.
    An “end-game” tosaithe anois agus ba chóir d’ár máistrí san Eoraip (agus na “hintleachtóirí” atá i gceannas orainn anseo in Éirinn) diriú ar na socruithe trádála a dhéanamh leis na Sasanaigh a oireann don chuid eile den Aontas– muidne san áireamh.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá an ceart agat, a Mhichíl, gur fhógair an Bhreatain ‘ go bhfuil sé i gceist acu cúl a thabhairt ar an AE’. Glacann an AE leis go bhfuil an ceart sin ag an mBreatain ach mar is eol do éinne atá ag leanacht an scéil, níl Parlaimint na Breataine in ann tíocht ar shocrú faoin mbealach a bhfuil Ríocht Aontaithe ag iarraidh imeacht ón AE. Ta socrú déanta ag rialtas na Breataine leis an AE ach níl Theresa May in ann a dóthain vótaí a fháil óna páirtí féin i dTeach na Parlaiminte le gur féidir an Bhreatimeacht a chur i gcrích. B’fhéidir go bhfuil mé ag cailliúnt cuid den scéal ach ní fheicim cén caoi a bhféadfadh an locht a bheith orainne sa tír seo nó ar an AE faoi cliseadh Theresa May an móramh a theastaíonn uaithi a fháil. Ar mhiste leat é a mhíniú dom? Nó an amhlaidh go gceapann tú go mba cheart an conradh a deineadh mar thoradh ar socrú Aoine Céasta a chur ar leataobh le mbeadh an DUP in ann tacú leis an socrú?

    Ach an rud nár tharla go fóill gur thug tíortha an AE cúl le Éirinn sa phróiséas, mar a bhí Eoin ag tuar agus ag súil leis. Ach le bheith faireáilte le Eoin, tá eisean ag ag súil nach mbeidh sa Bhreatimeacht ach tús le próiséas ina dtitfidh an AE as a chéile, amhail is gur rud maith a bheadh ansin.