Faitíos agus imní atá ag tarraingt na cainte ar fad faoi phrótacal an Tuaiscirt

Tá aontachtaithe buartha nach bhfuil sa phrótacal ach céim amháin eile de phróiseas trína méadóidh an deighilt idir na sé chontae agus an Ríocht Aontaithe

Faitíos agus imní atá ag tarraingt na cainte ar fad faoi phrótacal an Tuaiscirt

‘Dia dá réiteach ach tá caint tarraingthe ag an bprótacal sin’, a chuala mé duine ag rá le gairid. Meas tú céard a tharlóidh? I ré seo na héiginnteachta de bharr cogaidh agus athruithe ó bhonn ar chomhdhéanamh slándála an domhain tá muid fós sáite san achrann a bhaineann le prótacal Thuaisceart Éireann.

Sé an prótacal an cleas a imríodh agus an tseift a aimsíodh ar mhaithe lena chinntiú nach mbeadh aon teorainn ag feidhmiú ar oileán na hÉireann nuair a d’imeodh an Bhreatain as an Aontas Eorpach. Ach an oiread le go leor rudaí eile a bhaineann le rialacha an Aontais Eorpaigh tá sé casta agus go leor leor mionsonraí ag baint leis.

Go bunúsach ciallaíonn sé go bhfuil Tuaisceart Éireann fós ag feidhmiú taobh istigh den mhargadh aonair (sméar mhullaigh an Aontais) mar gheall go bhfuil sé ar oileán na hÉireann ach go bhfuil saorthrádáil aige leis an mBreatain mar chuid den Ríocht Aontaithe. Simplí go maith, shílfeá?

Simplí go maith ar bhonn airgeadais agus tráchtála – tugann sé buntáiste mór do ghnóthaí i dTuaisceart Éireann mar go bhfuil cois acu ar dhá thaobh an mhargaidh. An áit a n-éiríonn sé casta nuair a chuirtear i bhfeidhm é. Ciallaíonn forálacha an phrótacail – an margadh a rinne rialtas Boris Johnson leis an Aontas Eorpach – go gcaitear seiceáil a dhéanamh ar réimse earraí nuair a thagann siad i dtír i dTuaisceart Éireann. Sin an áit a bhfuil an buille marfach – i súile an phobail Aontachtaigh, cruthaíonn sé teorainn nó deighilt idir iad féin agus an Ríocht Aontaithe. Níl agus ní bheidh aon ghlacadh acu leis sin.

Tá easpa solúbthachta curtha i leith an Aontais Eorpaigh ag rialtas na Breataine sa mhargáintíocht seo ar fad. Tá comhairle dlí faighte acu anois a deir gur féidir leo cuid mhór den mhargadh a chaitheamh i dtraipisí gan dochar a dhéanamh. Ach tá ráitis láidre tagtha ón Aontas Eorpach agus ón Teach Bán a deir nach mbeadh aon ghlacadh acusan lena leithéid. Tá sé admhaithe cheana féin freisin ag Státrúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis gur sárú ar chonradh idirnáisiúnta a bheadh i gcealú an phrótacail. Ach tá sé soiléir freisin gurb í tuairim rialtas na Breataine gur cuma faoi sin ar fad.

Ní gnó ná trádáil atá ag déanamh imní d’Aontachtóirí sa scéal seo cé go labhraíonn siad ar na himpleachtaí do chógais leighis agus beatha ainmhithe mar shampla den dochar atá dá dhéanamh. Baineann sé seo le mothúcháin agus an imní atá orthu nach bhfuil sa bprótacal ach céim amháin eile de phróiseas trína méadóidh an deighilt idir na sé chontae ó thuaidh agus an Ríocht Aontaithe.

Tá dearbhú go leor tugtha ag Boris Johnson nach loicfidh sé orthu ach a mhalairt atá ag tarlú. Sin atá ag tarraingt na cainte ar fad i ndeireadh an lae faoi phrótacal Thuaisceart Éireann – faitíos agus imní. 

Braitheann aontachtaithe go bhfuil siad le ligean le sruth. Cén beart is féidir a dhéanamh lena chruthú nach bhfuil a leithéid amhlaidh? Ceist í sin nach bhfuil freagra agamsa uirthi.

Fág freagra ar 'Faitíos agus imní atá ag tarraingt na cainte ar fad faoi phrótacal an Tuaiscirt'

  • Eoin Ó Murchú

    Má tá na hAontachtaithe le ligean le sruth, nach cuma?