Fainic ón té a chaill an cath in aghaidh an Covid sa deireadh – boc cliste é

An cloigeann a d'ionsaigh sé ar dtús - roicéid bheaga nimhe a bhí aige

Fainic ón té a chaill an cath in aghaidh an Covid sa deireadh – boc cliste é

Mar is dual don treallchogaí gan cuireadh ná iarraidh a tháinig sé agus le taithí na mblianta rinne a bhealach isteach sa dúnfort nach raibh chomh daingean agus a cheap an t-údarás.

An cloigeann a d’ionsaigh sé ar dtús – roicéid bheaga nimhe a bhí aige agus smionagar a rinneadar dá raibh istigh faoin mblaosc – meabhair is foighid is stuaim scriosta.

Síos leis an mbastairdín ansin gur fhág meall de phléascán nimhneach sa scornach a bhí chomh héifeachtach le longa cogaidh Phutin sa Muir Dhubh mar bhac ar shlogadh. Scaití scaoileadh sé corrshaighead leis an bpléascán le casacht a tharraingt – céasadh gan choinne breise. Ar chomhairle óna réamhfhórsa scarúnaithe a bhí neadaithe ansin le fada, roghnaigh sé páirc an áir – scamhóga an namhad.

Tharraing sé slabhra meirgeach ar na málaí aeir sin agus nuair a bhí siad ina ngríscíní foirgthe aige steall sé ceaintín piobair is silí te bruite ina mullach.

Ach a bhfuair an gallóglach an namhaid cloíte, rinne sé neamhaird iomlán den Háig agus cearta an duine agus thug cead a chinn dá mhianach santach coilíneach.

Ceapord a thug chuile ruifíneach dá bhratainn bhréan leis agus thosaigh ag liúradh chuile chnámh sa gcolainn. Ar a dtuirsiú dóibh, thosaíodar ag stealladh a gcuid fuail agus eisiltí amhrasacha eile anuas trína polláirí agus na súile -á chaochadh agus ag bánú choillte na cruinne.

An raibh arm ar bith beo ag an té a ionsaíodh? Bhí boiscíní gorma de philéir bheag bhána nach raibh ceadúnas lena lainseáil ach chuile cheithre uair an chloig, uisce Éireann, mascanna, vacsaíní, dáileoga treisithe, seachaint na bplód gan mhascanna ach is léir nár leor iad.

Mar a deir an tÚcránach leis an AE, nuair atá an namhaid ag scaoileadh leat ón aer, is beag an mhaith duit do ghunna láimhe.

Feicim go bhfuil na polaiteoirí ar an gclaí faoi mhascanna ar an gcóras poiblí iompair agus in áiteanna poiblí agus an chluas bhodhar á tabhairt acu arís do chomhairle lucht leighis agus na n-altraí atá ar aghaidh an ghunna.

Fainic ón té a chaill an cath – boc cliste é Omicron agus is beag a bheann ar shláinte, ar vacsaín ná ar cháiréis.  Coinnigh súil ghéar air mar mioscais is céasadh a cheird!

Fág freagra ar 'Fainic ón té a chaill an cath in aghaidh an Covid sa deireadh – boc cliste é'

  • Antóin

    Aon seans go raibh ballaí cosanta do dhúnfoirt pollta ó ligeadh isteach an capall adhmaid? Is maith gur bhuaigh tú an cogadh áfach.