Fainic Arlene Foster – nuair a bhíonn an t-uisce te is ea is contúirtí an crogall!

B’fhéidir gur cheart don DUP a bheith airdeallach an uair seo faoi an iomarca muiníne a chur i maslaí agus ionsaithe

Fainic Arlene Foster – nuair a bhíonn an t-uisce te is ea is contúirtí an crogall!

Bhí Arlene Foster, ceannaire an DUP maslach, ionsaitheach agus neamhghéilliúil is í ag seoladh feachtas toghcháin an pháirtí Dé Luain. Chuir a racht alltacht ar dhaoine i bpáirtithe eile, ach i bhfírinne ba chuma mar ní leo a bhí sí ag caint.

Teachtaireacht do na fíréin sa pháirtí a bhí ag an gceannaire. Is binn leo caint tharcaisneach faoi Shinn Féin agus geallúintí gur de réir mar a thograíonn an DUP amháin a roinnfear nó a roinntear cumhacht d’rdealnneoin na rúibricí. Gnáthchleachtas is ea feachtasaíocht den sórt seo san DUP, ach tá sé níos riachtanaí dóibh anois ná riamh.

Ní gá iomarca muiníne a chur i bpobalbhreitheanna chun talamh slán a dhéanamh de go bhfuil dochar mór déanta ag an scannal faoin scéim fuinnimh inathnuaite do cháil Arlene Foster. Léirigh suirbhé leanúnach Lucid Talk gur thit tacaíocht Foster ó 49% roimh an gconspóid go 29% i mí na Nollag agus 21% an mhí seo, an scór ab ísle ag ceannaire ar bith. Bhain na figiúirí sin le seasamh an iarChéad-Aire i measc an phobail trí chéile. Tháinig laghdú ar a tacaíocht i measc lucht leanúna an pháirtí féin agus titim bheag 3% nó mar sin ar líon na ndaoine is dílse don DUP.

Ar ndóigh, deir baill den DUP gurb í an phobalbhreith lá na vótála an ceann tábhachtach, ach is léir go nglacann siad leis gur gá dianfheachtas chun droch-thoghchán a sheachaint. Ní hiontas mar sin gurb iad na cúiseanna traidisiúnta ar leag Arlene Foster béim orthu ag seoladh an fheachtais.

Cuireadh cruth nua ar an tseanghairm chatha. In ionad ‘vótáil DUP chun a chinntiú nach mbeidh Martin McGuinness ina Chéad-Aire’ is é Gerry Adams an t-údar scéine anois acu. Níl i Michelle O’Neill, comharba McGuinness ach puipéad faoi stiúir Adams, dar le Foster.

Bhain sí leas as fainic faoi Adams agus faoi mhóramh do Shinn Fein chun aontachtaithe a ghríosú. “Níl Gerry Adams ar an gcúlráid sa toghchán seo, tá sé ag croílár an fheachtais do Shinn Féin agus an baol ann go mbeidh Sinn Féin i dtús áite tar éis an toghcháin,” a dúirt sí. Bhí fainic thairis sin aici – “samhlaigh an tionchar a bheadh ag clár oibre radacach Adams ar ár slí mhaireachtála”.

Tá Acht na Gaeilge i measc na n-éileamh a gcaithfear an t-eiteachas a thabhairt dóibh chun an bealach aontachtach a chosaint, is léir. Mhaígh sí go raibh níos mó cainteoirí Polainnise ná Gaeilgeoirí i dTuaisceart Éireann agus gur cheart Acht Polainnise a thabhairt isteach dá mbeifí ag tabhairt Acht Gaeilge isteach. Bhí sí dall in aon turas ar chearta teanga do phobal dúchais.

Ach fiú dá nglacfaí lena hargóint de réir na dtéarmaí cúnga a bhí aici féin, ní fios cén staidreamh atá aici mar fhianaise. Níor tháinig mise ar staitisticí a bheadh ag teacht lena hargóint. De réir an daonáirimh is deireanaí, in 2011, bhí 10.65% den phobal 1.7 milliún duine, a raibh eolas de chineál éigin acu ar an nGaeilge. Is fíor gur beag brí atá leis an bhfigiúr sin, ach bhí 3.75% a bhí in ann Gaeilge a labhairt, a léamh agus a scríobh. Ba Pholannaigh 1.02% den daonra.

Ní nach ionadh, theastaigh ó Arlene Foster an teachtaireacht a chraobhscaoileadh nach faoin scéim fuinnimh inathnuaite an toghchán seo. B’fhearr léi agus leis an bpáirtí a bheith ar an ionsaí faoi cheisteanna eile ná a bheith ar a gcosaint faoin bpraiseach sin. Chuige sin, mhaígh sí nárbh í an chonspóid ba chionsiocair le cinneadh Shinn Fáin éirí as an bhfeidhmeannas. Thapaigh siad a ndeis chun aontachtaithe a ionsaí nuair a bhí siad goilliúnach de bharr an achrainn faoin scéim fuinnimh, a dúirt sí.

Chomh maith lena mionn nach nglacfadh an DUP choíche le hAcht Gaeilge, gheall sí nach ngéillfeadh sí d’éilimh faoi shean-fhaltanais ná seanchathanna  Ní cheadódh sí athscríobh na staire, a dúirt sí, agus í ag tacú le feachtas sa Bhreatain chun faoiseamh ó fhiosrú agus ó chúiseamh a fháil do shaighdiúirí agus do phóilíní i leith eachtraí le linn na dTrioblóidí. Amhail Nanny McPhee, d’fhógair sí nach dtabharfadh sí luach saothair d’aon duine as mí-iompar.

Is léir go bhfuil Foster agus cinnireacht an DUP ag brath go mór ar chol na vótóirí aontachtacha le Sinn Féin.

Bhí rath ar an gcur chuige sin anuraidh, go cinnte.

Ach is í an cheist an uair seo, an athróidh daoine a bport i bhfianaise an bhracháin a rinneadh den scéim fuinnimh inathnuaite agus an bealach tútach ar láimhseáil Foster ceisteanna faoi. Cheap siad go raibh sé cliste agus greannmhar lucht Shinn Féin a chur i gcosúlacht le crogaill – ag rá go mbíonn an crogall ag iarraidh a thuilleadh, cuma cé chomh minic is a bheathaítear é. Ach, de réir na saineolaithe, nuair a bhíonn ocras air agus nuair a bhíonn an t-uisce te is ea is contúirtí an crogall.

I bhfianaise an méid teasa atá curtha ar fáil ag Arlene Foster leis an scéim fuinnimh inathnuaite agus chomh gortach is atá sí leis an mbeatha, b’fhéidir gur cheart don DUP a bheith airdeallach ar an bhfíric sin.

Fág freagra ar 'Fainic Arlene Foster – nuair a bhíonn an t-uisce te is ea is contúirtí an crogall!'

  • Mícheál Mac An Rí

    Mar is gnách , óinseach a dhéanamh diot féin Foster…Is maith liom go mór an aisfhreagra le Adams “see you later alligator “…nuair a tiocfaidh sí ar ais beidh port eile aici gan dabht !!

  • Seán Mag Leannáin

    Nuair a chaith sí an púicín di nochtadh aghaidh ghránna an tseicteachais, is oth liom a rá.

  • Deasún ÓSeanáin

    Má tá na mílte ag labhairt Polainnis agus slua eile ag caint Ulster Scots agus méid mór eile ag spalpadh Gaeilge-cé tá ag ag Béarlóireacht sna Sé chontaé?

  • Ciarán Ó Coigligh

    ‘According to the 2011 UK Census, in Northern Ireland 184,898 (10.65%) claim to have some knowledge of Irish, of whom 104,943 (6.05%) can speak the language to varying degrees. Some 4,130 people (0.2%) use Irish as their main home language.’ Tuigeann muid go maith sa bPoblacht, faraor, céard a chiallaíos ‘claim to have some knowledge of Irisih agus ceárd a chiallaíos ‘can speak the language to varying degrees.’

    Cad chuige nár luaigh Iníon Uí Chiaráin an figiúr deireanach a luaigh mé thuas (0.2%)? Is í seo an figiúr is cóir a chur i gcomórtas le líon na gcainteoirí Polainnise (1.02%) a luaigh Arlene Bean Foster.

    B’fhearr dá dtagadh lucht páirte na Gaeilge chun cainte leis an bPáirtí Aontachtach Daonlathach agus go gceanglaíodh Gaeilgeoirí a bhfuil meas acu ar an gcosaint a dhéanas an PAD ar luachanna Críostaí agus a bhfuil meas acu ar na polasaithe atá acu i dtaobh an teaghlaigh , na sláinte, an oideachais, an infrastruchtúir agus jabanna, b’fhearr go gceanglódh a leithéidí leis an bpáirtí agus cúnamh a thabhairt le polasaithe cultúir teanga gus cultúir a chur le chéile in áit a bheith ag caitheamh is ag cáineadh ar an bpáirtí de shíor. Beidh fáilte roimh a leithéidí sa bPáirtí Aontachtach Daonlathach.

  • Mairederoiste

    Caithfidh go bhfuil díomá ar fad ar Arlene Foster go ndearna si óinseach do féin os
    Comhair an tsaoil.
    An bhfuil aon tseans go bhfuil ciall ceannaithe dóite aici?