Fáilte ó Eagarthóir Tuairisc.ie

Seirbhís do phobal uile na Gaeilge in Éirinn agus thar lear is ea Tuairisc.ie

Fáilte ó Eagarthóir Tuairisc.ie

Ciarán Ó Suilleabháin, Matiú Ó Coimín agus Kevin Hickey ó fhoireann Tuairisc.ie. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Seirbhís nuachta atá in Tuairisc.ie nach raibh a leithéid cheana ann agus gan amhras tá a chuid suáilcí agus duáilcí féin ag baint le bheith ag saothrú i ngort branair.

Ach is chun ár leasa é agus sinn ag iarraidh pobal nua léitheoirí a chothú ar líne nach bhfuil lá amhrais orainn faoi cé ar a bhfuil Tuairisc.ie dírithe.

Tá cuireadh tugtha le déanaí ag Aire nua na Gaeltachta do dhaoine dul leis ‘ar aistear foghlama teanga’ agus cé go bhfuil súil againn go mbeidh glacadh coitianta leis an gcuireadh céanna, is ar mhaithe leo siúd a bhfuil an t-aistear sin déanta cheana acu atá Tuairisc.ie.

Ní hionann sin agus á rá go bhfuil fúinn éinne a chur ó dhoras. Beidh fáilte roimh chách ar Tuairisc.ie agus go deimhin tá rannóg ar leith againn d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge, idir óg agus aosta.

Tá súil againn go dtabharfaidh gach éinne a bhfuil Gaeilge acu nó gur spéis leo an teanga cuairt orainn.

Ach ní dhéanfaimid aon leathscéal faoi gur seirbhís do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta atá á sholáthar againn, ná gurb iad siúd ar cainteoirí laethúla Gaeilge iad an croíphobal atá againn.

Ar deireadh thiar, is ann dúinn chun scéal ár bpobail féin a insint inár dteanga féin.

Seirbhís nuálaíoch spreagúil a bheidh i Tuairisc.ie, ach cé go bhfuil an iriseoireacht á chleachtadh agus á roinnt anois ar ardán nua againn, ní thabharfaimid cúl le dea-luachanna an tradisiúin as ar fáisceadh sinn.

Déanfaimid tuairisciú cothrom agus anailís mhacánta ar scéalta náisiúnta, idirnáisiúnta, Gaeilge agus Gaeltachta. Déanfaimid iarracht nuacht, eolas, tuairimíocht agus siamsaíocht ar archaighdeán a chur ar fáil dár léitheoirí.

Ní lomaistriúchán ón mBéarla ar scéalta atá ar fáil in áiteanna eile a bheidh ar bun againn ar Tuairisc.ie. Déanfaimid iarracht rogha bhreise a thabhairt dár léitheoirí seachas athchúrsáil a dhéanamh ar a bhfuil ar fáil go flúirseach cheana dóibh.

Thar aon rud eile, tá súil againn seirbhís a chur ar fáil do phobal na Gaeilge a mbeidh siad bródúil aisti agus ar féidir leo brath uirthi.

Scaipigí an scéal, le bhur dtoil.