Fáilte go baile dúchais Totò Schillaci, arsa an tiománaí tacsaí liom

Thug ár gcolúnaí cuairt ar Palermo na hIodáíle mar a mbeidh sean-namhaid na hÉireann Totò Schillaci ina laoch choíche

Fáilte go baile dúchais Totò Schillaci, arsa an tiománaí tacsaí liom

Salvatore Schillaci ag ceiliúradh tar éis dó scóráil i gcoinne na hÉireann ag Corn an Domhain 1990. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

“Irlandese. Benvenuto utto nella patria di Totò Schillaci”.

(Irlandese, Fáilte go baile dúchais Totò Schillaci).

Sin a dúirt tiománaí an tacsaí liom agus meangadh ar a héadan nuair a chonaic sí ainm mo thíre scríofa ar an t-léine a bhí á caitheamh agam agus mé suite isteach ina gluaisteán taobh amuigh d’aerfort Palermo, an tseachtain seo caite.

Is laoch a bheas choíche i Schillaci sa gcathair inar saolaíodh é as ucht a chuid imeartha i gCorn an Domhain 1990 agus ba mhaith a bhí a fhios ag mo thiománaí go maireann a cháil anseo freisin siocair gurbh é a scóráil an cúl i mbabhta ceathrú ceannais a thug bata agus bóthar d’fhoireann Jack Charlton as an gcomórtas sin – chomh mór sin agus nach bhfuil sé i bhfad ó shin ó bhí sé i bhfógra teilifíse a rinne grúdlann éicint, más buan mo chuimhne.

Rud nach raibh a fhios ag an tiománaí go raibh baint ag mo chuairt leis an gcúis go bhfuil an chumhacht ag Totò beoir a dhíol in Éirinn beagnach deich mbliana fichead tar éis dó ‘An Bhuatais Óir’ a bhuachan ag Corn an Domhain 1990.

Bhí fúm seachtain a chaitheamh in Palermo agus lena linn sin, chomh maith le beagán de theas na gréine a aireachtáil ar mo dhroim arís , ba é mo rún cuairt a thabhairt ar Stadio La Favorita, áit ar chinntigh na comhscóir leis an Éigipt agus leis an Ollainn gur bhain Éire an chéad bhabhta eile amach in Italia Novanta.

“Cén chaoi a bhfuil Totò breá ar an saol seo?”, a d’fhiafraigh mé di. “Eeese very goood, leeeving heere in Palermo where hee have foootball acadamee,” a deir sí. “Totò eeese not like othera foootball playeerse. He not spende his moneee on wines, weemens and songs.”

Mheas sí go raibh chuile sheans ann go gcasfadh sé dom agus mé ag siúl na sráide in Palermo ach nach n-aithneoinn é. Scútar beag an modh taistil a bhíonn aige agus murab ionann agus an chuid is mó dá leathbhádóirí is gnách leis clogad a chaitheamh.

Thréig an mheidhir mo thiománaí nuair a d’fhiafraigh mé di faoi fhoireann sacair Palermo féin agus faoi pháirc La Favorita.

Is beag athrú atá ar an staid, a dúirt sí ach gur Stadio Renzo Barbera a thugtar anois uirthi i gcuimhne ar an gcathaoirleach a bhí i gceannas nuair a bhain Palermo Serie A amach den chéad uair sna 1950idí, ach is scéala eile é an ceann a bhaineann leis an bhfoireann.

Go gairid tar éis d’fhear gnó áitiúil Maurizio Zamparini an club a cheannacht in 2002 bhaineadar Serie A amach arís, áit ar chaitheadar na déaga de bhlianta. Bhí rian den amhras ag baint leis an úinéir nua i gcónaí, ach fad agus a bhíodar ag coinneáil a n-áit sa bpríomhroinn bhíothas sásta go leor – fiú nuair a gearradh tréimhse fionraíochta air 6 bliana ó shin agus ainneoin go raibh 45 bainisteoir éagsúil i gceannas le linn a thréimhse.

Dhá bhliain ó shin agus a fhoireann fillte ar Serie B, d’fhógair Zamparini go raibh an club díolta aige le comhlacht Meiriceánach, ach thit an socrú as a chéile. Ansin i dtús na bliana seo thug sé le fios go raibh comhlacht Sasanach tar éis é a cheannacht ar €10. Ceithre seachtaine a d’fhan na húinéirí nua i seilbh sular thugadar an club ar láimh don mháthairchomhlacht Palermo FC ar an airgead céanna.

Níor mhiste leat ach le linn an ama sin bhí an fhoireann go láidir san iomaíocht d’ardú céime ar ais chuig Serie A. Níor chailleadar ach 5 cinn de na 36 cluiche a d’imir siad agus faoi dheireadh an tséasúir buaileadh iad sna babhtaí cáilithe.

Ansin coicís ó shin tháinig scéal an uafáis. De bharr mírialtachtaí airgeadais a raibh daoine a bhí na stiúrthóirí ar an gclub freagrach astu, cuireadh Palermo FC go bun an tábla. Is i Serie C a bheas siad an séasúr seo chugainn.

Le ‘poll dé’ an mhaidin i ndiaidh mo thuras sa tacsaí bhí mé i mo sheasamh taobh amuigh de La Favorita.

Fiú mura mbeadh an t-eolas faoin aighneas agam ba léir go raibh rud éicint as cor. Anseo agus ansiúd bhí buíonta triúr agus ceathrar fear ag cogarnaíl lena chéile agus duine acu ag dul ar an gcúlráid anois agus arís le deis a fháil labhairt ar an fón, a raibh ceann acu i nglac chuile dhuine.

Feidhmeannaigh ab ea iad siúd a bhí dea-ghléasta, a mheas mé agus iriseoirí na gioblacháin.

Scaoil an bheirt oibrithe slándála a bhí ag an ngeata tharstu mé gan aon dua agus bhí fáilte romham sa siopa beag a bhí ag díol feisteas an chumainn. Ní raibh ansiúd ach buachaill freastail agus é in aonar. Blas ar bith ach go raibh de chumhacht aige an scipéad a oscailt, déarfainn, ach bhí an-fháilte aige romham nuair a d’inis mé mo scéal dó.

B’in eile a raibh de mhaith dom ann.

Tháinig ógánach eile a bhí i bpost níos sinsearaí, má bhí. Thabharfadh a chuid mífhoighde, an fuadar a bhí faoi, an scaball a bhí timpeall a mhuiníl agus an cluasán a bhí i bpoll a chluaise le fios go raibh údarás éicint aige ar chuma ar bith.

“Close-ed” a dúirt sé sin gan fiú breathnú ar mo t-léine uaine agus gan é de mhúineadh air fanacht go gcloisfeadh sé cuid de na scéala breátha a bhí agam faoi Salvatore Totò Schillaci.

Fág freagra ar 'Fáilte go baile dúchais Totò Schillaci, arsa an tiománaí tacsaí liom'