Fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh thuarascáil, ar ‘áis agus acmhainn eolais’ í ‘don phobal’

Ba é an tÚdarás a choimisiúnaigh an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011 atá á fhoilsiú ar maidin

Anna Ní Ghallachair

Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh thuarascáil taighde nua ina dtugtar léiriú ar staid reatha na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Dúirt Cathaoirleach Bhord an Údaráis, Anna Ní Ghallachair, gur cabhair a bheadh i bhfaisnéis na tuarascála do na heagraíochtaí atá ag plé leis an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht.

“Is áis agus acmhainn eolais don Údarás, don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus go háirithe do na Ceanneagraíochtaí, an fhaisnéis atá curtha ar fáil sa Nuashonrú agus iad ag dul i ngleic le próiseas pleanála le todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht a chinntiú,” a dúirt Ní Ghallachair.

Déantar cur síos sa tuarascáil, Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011, ar na hathruithe atá tagtha ar phobal na Gaeltachta ó thaobh labhairt na teanga.

Ba é an tÚdarás féin a choimisiúnaigh an tionscadal taighde seo a bhfuil sé mar aidhm aige, a deir siad, eolas a chur ar fáil do na heagraíochtaí pobail atá ag tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú sna ceantair éagsúla Ghaeltachta, ar a dtugtar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta nó LPT.

Is iad údair na tuarascála ná an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin, atá lonnaithe in Oilthigh Gáidhealtachd agus nan Eilean in Albain faoi láthair, agus Martin Charlton ón Lárionad Náisiúnta um Gheoiríomhaireacht in Ollscoil Mhá Nuad.

Cuireadh moill ar fhoilsiú na tuarascála de bharr easaontais idir Ó Giollagáin agus an tÚdarás a bhain le moltaí a rinne na húdáir agus ar foilsíodh go neamhspleách sa deireadh iad.

Deir an tÚdarás gur baineadh leas as na modhanna céanna anailíse is a úsáideadh sa bhunanailís, an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a foilsíodh sa bhliain 2007, chun a chinntiú go mbeadh leanúnachas ann agus go mbeadh eolas cothrom le dáta ar fáil i dtaca leis na limistéir pleanála teanga atá leagtha amach faoi Acht na Gaeltachta, 2012.

Léiríonn an anailís atá déanta sa tuarascáil nár tháinig aon mhaolú ar an ráta a bhfuil an Ghaeilge ag meath mar theanga phobail sa Ghaeltacht ón uair a foilsíodh an chéad tuarascáil taighde An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht in 2007. Dar leis na húdair go bhfuil an meath ag tarlú ar ráta níos tréine ná mar a bhí á thuar sa bhunstaidéar agus go bhfuil gá le gníomh práinneach chun dul i ngleic leis.

Dúirt Cathaoirleach Bhord an Údaráis, Anna Ní Ghallachair go n-aithníonn an tÚdarás “go dtugann an fhaisnéis atá sa tuarascáil seo léargas ar na dúshláin mhóra atá ann do phobal na Gaeltachta agus do na heagraíochtaí Stáit araon”.

Dar léi go “léirítear sa tuarascáil go mion an cúngú atá tagtha ar labhairt na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht, go háirithe sna ceantair is láidre Gaeltachta”.

Dúirt an Cathaoirleach freisin go bhfuil scagadh níos mine le déanamh ar an bhfaisnéis seo ag an leibhéal áitiúil agus go gcaithfear iarracht a dhéanamh tuiscint a fháil ar na cúinsí áitiúla atá i réim agus atá ag imirt tionchair ar iompar teanga an phobail.

Gheall sí go n-oibreodh an tÚdarás “go dícheallach” le tacaíocht a chur ar fáil do na Ceanneagraíochtaí agus do phobal na Gaeltachta “agus iad ag tabhairt faoin obair phráinneach seo”.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Stiofán Ó Cúláin, go léiríonn na staitisticí atá sa taighde nach bhfuil méadú ag teacht ar líon na gcainteoirí gníomhacha Gaeilge sa Ghaeltacht.

Dheimhnigh sé go bhféachfaidh an tÚdarás le hoibriú i bpáirt le pobal na Gaeltachta trí na ceanneagraíochtaí éagsúla atá roghnaithe chun tabhairt faoin bpleanáil teanga. Dhíreofaí aird, a dúirt an Príomhfheidhmeannach, ar cheist na Gaeilge ar bhonn áitiúil.

Dúirt sé go bhfuil plé le déanamh le hionadaithe sinsear Stáit agus le daoine áitiúla “ar na torthaí atá léirithe sa taighde seo”.

Mhol sé díograis na ndaoine “atá ag coinneáil an Ghaeilge beo sa Ghaeltacht” agus dúirt gur “fiú aitheantas a thabhairt” don méid sin.

“Tá a rian sin le feiceáil inniu, go háirithe i bpobail a bhfuil an líon cainteoirí Gaeilge íseal iontu. Níl tomhas ar an díograis sin agus leanfaidh an obair le pobal na Gaeltachta le todhchaí na teanga sa Ghaeltacht a chinntiú,” a dúirt Ó Cúláin.

Cé go bhfuil fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh an tuarascáil agus roimh obair na n-údar, tá ‘fógra séanta’ déanta acu ar an dara leathanach di, áit a ndeirtear an méid seo a leanas: ‘Is ar iarratas ó Údarás na Gaeltachta a ullmhaíodh an tuarascáil seo. Is leis na húdair amháin a bhaineann na tuairimí a chuirtear in iúl sa tuarascáil agus ní gá go mbeidh na tuairimí céanna ag Údarás na Gaeltachta ná ag a chuid comhaltaí’.

Fág freagra ar 'Fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh thuarascáil, ar ‘áis agus acmhainn eolais’ í ‘don phobal’'

  • Seán Mag Leannáin

    “Tá Acht Gaeltachta nua achtaithe agus níor bhain an fháilte a cuireadh roimhe aon mhacalla as cnoic agus gleannta na Gaeltachta. D’athraigh sé an struchtúr atá ar bhord an Údaráis agus bhronn sé cúraimí pleanála teanga nár iarr siad féin ar phobail na Gaeltachta agus na Gaeilge i gcomhar leis an Údarás agus Foras na Gaeilge. Ní ar phobail áitiúla a d’fhágfaí an fhreagracht maidir le pleanáil eacnamaíochta ná ní faoina gcúram a d’fhágfaí cinntí faoi fhorbairt tithíochta, bóithre ná cúrsaí comhshaoil. Ach cúrsaí teanga, bhuel, sin scéal eile!”

    An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin ag an Fhochoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 23 Eanáir 2014.