Fáilte curtha ag Cearta Oideachais roimh leasú a chosnóidh ceart Gaelscoileanna tús áite a thabhairt do chainteoirí dúchais

Dúirt Cearta Oideachais go mbeidh siad ‘ag scrúdú fhoclaíocht an leasaithe go cúramach’ le cinntiú gur féidir é a chur ‘i bhfeidhm go héifeachtach’

Fáilte curtha ag Cearta Oideachais roimh leasú a chosnóidh ceart Gaelscoileanna tús áite a thabhairt do chainteoirí dúchais

An tAire Oideachais Richard Bruton. Pictiúr: RollingNews.ie

Tá ráite ag Cearta Oideachais, brúghrúpa tuismitheoirí Gaelscoile, go gcuireann siad ‘fáilte’ roimh chinneadh an Rialtais leasú a dhéanamh ar reachtaíocht ar mhaithe le cosaint a dhéanamh ar cheart Gaelscoileanna tús áite a thabhairt do chainteoirí dúchais.

Dúradh i ráiteas a chuir Cearta Oideachais amach inniu gur cheart “ligint do bhunscoileanna lán-Ghaeilge leanúint orthu ag tabhairt tosaíochta ina bpolasaithe iontrála do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge”.

Tuairiscíodh inniu go raibh glactha ag an Rialtas  le leasú a thabharfaidh cosaint sa Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 do chearta an chainteora dúchais Gaeilge. Dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton nach mbeadh sé inmholta ó thaobh polasaí de cosc a chur ar dhaltaí atá líofa sa Ghaeilge leanúint lena n-oideachas trí Ghaeilge.

De réir an leasaithe, ní bheidh cead ag Gaelscoileanna tabhairt ar leanbh freastal ar agallamh nó cruinniú chun a líofacht sa teanga a mheas, ach beidh cead ag tuismitheoirí fianaise eile, físeán, mar shampla, a chur faoi bhráid na scoile mar chruthúnas ar líofacht an linbh.

Thug Cearta Oideachais le fios go mbeidh siad “ag scrúdú fhoclaíocht an leasaithe go cúramach” lena chinntiú gur féidir é a chur “i bhfeidhm go héifeachtach” agus “go mbaineann sé amach an aidhm atá luaite leis”.

“Níl sé soiléir dúinn faoi láthair an bhfuil rud ar bith molta a chinnteodh cearta oideachais páistí atá á dtógáil le Gaeilge ag an leibhéal iarbhunscolaíochta agus beimid ag lorg soiléiriú air seo sna laethanta atá romhainn,” a dúradh i ráiteas Chearta Oideachais.

Tiocfaidh an leasú i bhfeidhm nuair a achtaítear an Bille nua. Baineann an reachtaíocht nua le scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu, mar a tharlaíonn níos minice i gcás Gaelscoileanna ná scoileanna eile.

Dúirt Cearta Oideachais go bhfuil siad ag súil go gcuirfear ‘níos mó Gaelscoileanna ar fáil le cinntiú go mbeidh áit i scoileanna lán-Ghaeilge ar fáil do gach éinne atá á lorg’.

Fág freagra ar 'Fáilte curtha ag Cearta Oideachais roimh leasú a chosnóidh ceart Gaelscoileanna tús áite a thabhairt do chainteoirí dúchais'