Fáilte curtha ag an Taoiseach roimh sheasamh láidir Biden faoin Tuaisceart

Threoraigh Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá dá oifigigh thaidhleoireachta cáineadh a dhéanamh ar Boris Johnson as an bpróiseas síochána a chur i mbaol lena chur chuige i leith an Bhreatimeachta

Fáilte curtha ag an Taoiseach roimh sheasamh láidir Biden faoin Tuaisceart

Deir an Taoiseach gur gníomh “suntasach” an t-achasán atá tugtha ag Uachtarán Mheiriceá Joe Biden do Phríomh-Aire na Breataine i dtaobh chás an Tuaiscirt.

Tuairiscítear gur threoraigh Biden dá oifigigh cáineadh a dhéanamh ar Boris Johnson as an bpróiseas síochána a chur i mbaol lena chur chuige i leith an Bhreatimeachta.

Beidh a gcéad chruinniú aghaidh ar aghaidh inniu ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden agus Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil “mífhoighne” ag teacht ar Biden mar gheall ar aighneas faoi Phrótacal an Tuaiscirt sna cainteanna iarBhreatimeachta.

Tugadh an rabhadh do Johnson gan cur leis an teannas sa Tuaisceart tráth a dtuairiscítear gan mórán dul chun cinn a bheith á dhéanamh sna cainteanna idir an tAontas Eorpach, an Ríocht Aontaithe agus Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi na socruithe trádála iarBhreatimeachta.

D’fháiltigh an Taoiseach roimh sheasamh láidir Biden.

Dúirt sé gurb í an teachtaireacht shoiléir a bhí ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá gurb é an beart “stuama” ná an chomhghuaillíocht idir an tAE, SAM agus an Ríocht Aontaithe.

“Mar sin, is dóigh liom gurb é atá á rá aige leis an Ríocht Aontaithe ná déanaimis an rud stuama anseo.

“Tagaimis ar réiteach tairbheach buan leis an Aontas Eorpach maidir leis an mBreatimeacht, an comhaontú aistarraingthe agus an phrótacail.”

Dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney gur léir go bhfuil léite go maith ag Joe Biden “ar an mbolscaireacht agus an doiléire” atá sa treis i Londain i dtaobh Phrótacal an Tuaiscirt. Ba léir go raibh Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá chun tathant ar Rialtas na Breataine an margadh a rinneadar a chur i gcrích, arsa Coveney.

Fág freagra ar 'Fáilte curtha ag an Taoiseach roimh sheasamh láidir Biden faoin Tuaisceart'

  • An Teanga Bheo

    Nach ndearna Clinton is Blair obair mhaith ar son na cúise roimh Aoine an Chéasta 1998 agus an chuid eile acu freisin.