‘Fáilte ar leith’ ag McHugh roimh mhná ar Bhord an Údaráis

Ceist curtha ag Éamon Ó Cuív ar McHugh faoin “éagothromas” atá ar an mbord faoi láthair idir fir agus mná

Language-Centre---Anne-Gallagher---NUI-Maynooth
Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta agus duine don mbeirt bhan atá ar an mBord faoi láthair

Chuirfeadh Aire na Gaeltachta fáilte ar leith roimh mhná a bheadh ag iarraidh bheith ar Bhord Údarás na Gaeltachta.

Tá dhá fholúntas ar Bhord Údarás na Gaeltachta le tamall anuas agus thug an tAire le fios go líonfar ceann acu “go luath”, nuair a cheapfar ar an mbord an té atá ainmnithe ag Comhairle Contae Chorcaí, an Comhairleoir Contae Aindrias Ó Muineacháin.

Is i mí Mhéan Fómhair na bliana seo caite a d’ainmnigh Comhairle Contae Chorcaí an Comhairleoir ó Fhianna Fáil.

Maidir leis an bhfolúntas eile ar an mbord, d’fhiafraigh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív (FF) den Aire i gceist Dála, an raibh sé i gceist aige bean a ainmniú “ag cur i gcuntas an t-éagothromas atá ar an mbord idir fir agus mná”. Níl ach beirt bhan ar Bhord an Údaráis faoi láthair, Dairíona Nic Con Iomaire agus Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach an Bhoird.

Dúirt an tAire McHugh go ndéanfar “léirithe spéise a lorg go luath tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí” don bhfolúntas ach go mbeidh sé ag cur fáilte ar leith roimh léirithe spéise ó mhná a mbeadh na cáilíochtaí cuí acu.

“Tá mé thar a bheith airdeallach go bhfuil sé mar aidhm ag an Rialtas go ndéanfaidh mná suas ar a laghad 40% de chomhaltaí bhoird Stáit.

“Sa chomhthéacs seo, beidh mé ag cur fáilte ar leith roimh léirithe spéise ó mhná a bhfuil na cáilíochtaí cuí agus an taithí chuí acu le ceapadh chuig bord an Údaráis,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh.

Fág freagra ar '‘Fáilte ar leith’ ag McHugh roimh mhná ar Bhord an Údaráis'