‘Fáilte anoir go dtí foinse na hoidhreachta ársa’ – súil siar ar Oireachtas Chois Fharraige

Agus Cumann Forbartha Chois Fharraige ag iarraidh Oireachtas na Samhna a thabhairt ar ais go dtí Cois Fharraige in 2024 caitear súil siar anseo ar an Oireachtas a bhí sa cheantar, I 1974

‘Fáilte anoir go dtí foinse na hoidhreachta ársa’ – súil siar ar Oireachtas Chois Fharraige

Tuairiscíodh ar an suíomh seo le gairid go bhfuil iarracht le déanamh Oireachtas na Samhna a thabhairt ar ais go Cois Fharraige i gConamara sa mbliain 2024, 50 bliain ó eagraíodh an fhéile sa gceantar úd den chéad uair i 1974. Tuigtear go mbeadh sé i gceist cuid den fhéile a reáchtáil i gCois Fharraige is go mbeadh an chuid eile di ar bun i gcathair na Gaillimhe.

Tá fás thar chuimse tagtha ar an Oireachtas le 48 bliain anuas, ach is fiú súil a chaitheamh ar chlárleabhar Oireachtais 1974 le léargas a fháil ar leagan amach agus ar eagrú na féile ceannródaíochta úd, a mhair ón Déardaoin 5 Meán Fómhair go Domhnach 15 Meán Fómhair.

Sé cinn d’ionaid áitiúla a úsáideadh, chomh maith le puball a feistíodh go speisialta don ócáid. Ba i nDánlann Uí Chionnaith i mBóthar na Trá, Gaillimh a bhí taispeántas ealaíne na féile.

Na tithe ósta An Poitín Stil agus Tigh Chualáin in Indreabhán; Coláiste Lurgan; Séipéal Chill Éinde, Halla Choláiste Chroí Mhuire agus Coláiste Chonnacht sa Spidéal na hionaid a bhí i gceist. Tá chuile cheann acu sin ann i gcónaí, ach tá an halla damhsa fairsing a bhíodh mar chuid den Phoitín Stil an tráth úd leagtha le fada.

Trasna an bhóthair ó Choláiste Lurgan a bhí an puball feistithe agus ba ann a bhí céilithe na féile, na seirbhísí eaglaise agus ceolchoirm na mbuaiteoirí.

Sa bPoitín Stil a bhí an oscailt oifigiúil agus an fáiltiú. Ba é an cathaoirleach ar an gcoiste áitiúil, Seosamh (Joe Steve) Ó Neachtain, [Seosamh Ó Neachtain a thugtar air sa gclárleabhar] a thug aitheasc na hoscailte.

Ba sa bPoitín Stil a reáchtáladh na comórtais amhránaíochta ar an sean-nós uilig, chomh maith le club na féile. 14 fonnadóir a bhí san iomaíocht i gcomórtas na mban ar an Domhnach, an 8 Meán Fómhair agus ba as Conamara deichniúr acu. £10 an chéad duais a bhí le fáil agus £5 a bhí don dara duais.

B’ionann na duaiseanna i gcomórtas na bhfear an oíche dár gcionn. Scór iomaitheoirí a chas agus ba as áiteanna éagsúla i gConamara 13 duine acu.

San oíche Dé Máirt a reáchtáladh Corn Uí Riada, a bhí á bhronnadh den tríú huair i 1974. Áine Ní Dhonncha as Muiceanach idir Dhá Sháile a thug léi an corn agus £50. San iomaíocht an oíche chéanna, bhí a comharsa Nan Ghriallais, a raibh Corn Uí Riada buaite aici an bhliain roimhe sin.

Tá duine amháin luaite le roinnt imeachtaí i gclárleabhar 1974: sis é sin an fonnadóir agus an cumadóir Tomás Mac Eoin, as an gCeathrú Rua. Ghlac Tomás páirt i gcomórtas Chorn Uí Riada agus sa gcomórtas do Chorn Cuimhneacháin Sheáin Eoin Uí Shúilleabháin níos deireanaí an oíche chéanna. Agus an tráthnóna roimhe sin sa bPoitín Stil, chuir sé féin agus a chomhghleacaí as an gCeathrú Rua, Tomás Mac Con Iomaire, ceann de na lúibíní i láthair. Ní raibh ach trí cinn de lúibíní ann, de réir an chlárleabhair, agus £12 an duais a bhí le fáil ag na buaiteoirí.

Soir an bóthar ón bPoitín, i dTigh Chualáin, a taispeánadh scannáin d’imeachtaí an Oireachtais ón am a caitheadh.  Agus i gColáiste Lurgan a taispeánadh na scannáin a bhí san iomaíocht do dhuais £30 don ghearrscannán ab fhearr. Orthu sin bhí scannán gan ainm a rinne Cinegael ina raibh Helen Quinn, Máirtín Davy Ó Coistealbha agus Seosamh Ó Braonáin ag aisteoireacht.

Ba iad muintir an Chláir is mó a bhí páirteach sa gcomórtas don scéal nuachumtha a reáchtáladh i gColáiste Lurgan. Cláirínigh a bhí in 11 den 14 iomaitheoir sa gcomórtas sin agus ba as Dúlainn cúigear acu.

Bhí foirne as Conamara, Ciarraí agus Co. an Chláir san iomaíocht sna rásaí curach a bhí ar bun sa Spidéal an chéad Domhnach den fhéile agus suim mhór airgid, £100, le fáil ag na buaiteoirí.

Reáchtáladh dhá shiompóisiam i gColáiste Lurgan le linn Oireachtais 1974. Oideachas Gaeltachta a bhí faoi chaibidil sa gcéad cheann acu agus ba é Peadar Mac an Iomaire a bhí ina riarthóir air agus ba é Gearóid Mac Eoin a bhí ina riarthóir ar an “siompóisiam chun Údarás na Gaeltachta a phlé” a bhí ar bun an lá deiridh den fhéile.

I gColáiste Chonnacht a cuireadh an dráma grinn ‘Cailín an Ósta’ le Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coistealbha ar stáitse Céadaoin na féile. Bhí Johnny é féin ina bhall den chliar in éineacht le Máire Ní Mhaoileoin, Tomás Ó Mainín agus Diarmaid Mac an Adhastair. Agus ba i gColáiste Chonnacht a bhí an taispeántas tionsclaíoch agus na comórtais éagsúla do chóir, seachas an comórtas do chóir eaglaise a bhí ar siúl i gCill Éinde.

Reáchtáladh slám imeachtaí eile le linn na féile, idir chomórtais cheoil is amhránaíochta agus imeachtaí do dhaoine óga.

Cuireadh críoch le hOireachtas 1974 i gCois Fharraige sa bPoitín Stil le ceolchoirm mhór a d’eagraigh Raidió na Gaeltachta, a bhí dhá bhliain ar an bhfód. Orthu siúd a bhí páirteach, bhí An Chlannad (mar atá scríofa sa gclárleabhar), Na Cloigne Folmha, Cóilín Cliseam, Nioclás Tóibín, Diarmuid Ó Súilleabháin agus na Ceannabháin (Tomás agus Pádraig).

Is díol suntais do dhaoine i gcónaí na fógraí i seanfhoilseachán ar bith agus tá an clárleabhar d’Oireachtas 1974 breactha leo. D’fhéadfaí cóip den leabhar Cois Fharraige le mo Linnse le Seán Ó Conghaola (a bhí ina bhall de choiste áitiúil na féile) a ordú sa bpost ó Chlódhanna Teo. i mBaile Átha Cliath ar £1.80 do chóip le clúdach crua nó ar £1.50 ar cheann le clúdach bog.

D’fhéadfá an fadcheirnín Amhráin as Árainn agus as Conamara le Treasa Ní Mhiolláin is Micheál Seoighe a ordú ó Ghael Linn, in éindí le fadcheirníní le Darach Ó Catháin agus Tony MacMahon agus an ‘popamhrán singil’, ‘An Damhán Alla’ leis Na Cloigne Folmha.

Ollduais £200,000 a bhí le buachan sa scuabgheall nó sa sweep ar mhaithe le hOspidéil na hÉireann i 1974, a deir fhógra eile. £1 an costas a bhí ar thicéad.

Tá fógraí ann nach gceadófaí sa lá atá inniu ann do na ‘fags’: Carrolls Number 1 ‘the taste of good tobacco’ agus Player’s No.6 ‘your kind of cigarette’.

Agus bhí sé ina imní faoin dochar a dhéanann an plaisteach don timpeallacht 48 bliain ó shin. ‘Tá glas gleoite – ná loit é’ an cheannlíne ar fhógra ó Nítrigin Éireann Teoranta ag impí ar fheilméaraí gan na málaí folmha leasú talún a chaitheamh uathu ‘go míchúramach’.

Scór duine a bhí ar an gcoiste áitiúil d’Oireachtas 1974. Cé go bhfuil roinnt mhaith den scór sin ar shlí na fírinne, tá cuid acu fós linn, ina measc Bairbre Bean Uí Churraidhín, Bernadette Bean Uí Mhuirí, Colm Ó Donnchadha, Peadar Mac an Iomaire, Niall Ó Murchú agus Aodán Glynn. Daoine iad uilig a bhí bainteach le himeachtaí is le coistí go leor eile ó shin i leith.

1974 an chéad bhliain a reáchtáladh an tOireachtas taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus an chéad uair a bhí an fhéile ar bun sa nGaeltacht. Thug Mairéad Nic Dhonnchadha, a bhí ina huachtarán ar Oireachtas 1974, aitheantas dó sin sa ‘Fáilte agus Focal’ fileata a scríobh sí sa gclárleabhar.

Chuir sí ‘fáilte anoir go dtí foinse na hoidhreachta ársa’ rompu siúd a bhí ag freastal ar an bhféile. Ba chúis áthais di go raibh an tOireachtas ‘ag aíocht ar leac an dúchais’.

‘Is fada muid ag tnúthán leis an lá seo,’ a scríobh sí. Cé gur reáchtáladh an tOireachtas arís i gCois Fharraige i 1976, is fada muintir an cheantair úd is muintir Chonamara fré chéile ag tnúthán leis an lá go bhfillfidh féile mhór na nGael ar an áit.

Fág freagra ar '‘Fáilte anoir go dtí foinse na hoidhreachta ársa’ – súil siar ar Oireachtas Chois Fharraige'