‘Faillí’ agus ‘easpa práinne’ le brath ar dhearcadh airí i leith an éilimh ar ghaeloideachas

Pléadh ceist an chórais faoina mbunaítear scoileanna lán-Ghaeilge sa Dáil, mar ar cáineadh ‘easpa gnímh’ beirt airí

‘Faillí’ agus ‘easpa práinne’ le brath ar dhearcadh airí i leith an éilimh ar ghaeloideachas

Tá sé curtha i leith an Aire Oideachais agus Aire Stáit na Gaeltachta nach bhfuil dóthain airde acu ar an “bpráinn” a bhaineann le leasú a dhéanamh ar an gcóras faoina mbunaítear scoileanna lán-Ghaeilge.

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go bhfuil sé ríthábhachtach go dtabharfaí aghaidh ar an éileamh ar an ngaeloideachas agus dúirt sé sa Dáil an mhí seo caite go raibh faoi an cheist a phlé leis an Aire Oideachais.

Ach chuir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Moynihan easpa gnímh i leith an Aire Stáit nuair a dúirt sé nach raibh ach plé neamhfhoirmeálta go fóill aige leis an Aire Oideachais Joe McHugh faoin scéal.

D’fhéadfaí a bheith tar éis feabhas a chur ar an scéal dá mba rud é go raibh níos mó práinne [i gceist]. Iarraim ar an Aire Stáit luí go daingean ar an Aire Oideachais agus Scileanna agus a chinntiú go mbeidh dul chun cinn anseo go práinneach.

“Tá a fhios againn le fada go bhfuil an t-éileamh ann agus tá a fhios againn go bhfuil an córas lochtach. Mar sin, caithfear gníomhú le níos mó fuinnimh agus níos mó práinne. Scaoileadh ar aghaidh an beart deireanach de na scoileanna, in ainneoin is go raibh an córas lochtach agus go raibh an bhearna ann…An dóigh leis an Aire Stáit go bhfuil práinn go leor nó iarracht go leor á dhéanamh ag an Aire? Ní dóigh liomsa go bhfuil. An bhfuil an tAire Stáit sásta leis an gcóras mar atá sé? Cé chomh tapa is a bheidh réiteach ag an Aire Stáit mar tá locht ann, tá bearna agus caithfear dul i ngleic leis go tapa,” arsa an Teachta Dála Aindrias Moynihan.

Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta go raibh sé ag súil i gcónaí le deis a fháil labhairt leis an Aire Oideachais Joe McHugh “chun féachaint an bhfuil bealaí ann le freastal ar an éileamh sin”.

Dúirt Seán Kyne go dtugtar aghaidh ar cheist an éilimh ar an ngaeloideachas i bPlean Gníomhaíochta Cúig Bliana an Rialtais don Ghaeilge.

“Tá an plean leagtha amach. Tá sé leagtha amach freisin go bhfuil amchlár ann don Roinn chun na gníomhartha a chur i bhfeidhm. Beidh mo Roinn agus an Roinn Oideachais agus Scileanna i dteagmháil le chéile.

“Tá an coiste stiúrtha ag déanamh monatóireacht ar chur i bhfeidhm an phlean.

“Tá an plean ann, tá an t-amchlár ann agus tá an coiste stiúrtha chun é a chur i bhfeidhm ann. Tá chuile rud [curtha] le chéile agus beidh dul chun cinn [ann].”

Mhaígh Aindrias Moynihan go raibh faillí á déanamh ar an ngaeloideachas toisc gan dóthain scoileanna a bheith ann le freastal ar an éileamh atá air.

“Caithfidh an tAire Stáit dul i ngleic leis seo agus é a phlé leis an Aire Oideachais agus Scileanna chun scoileanna breise a chur ar fáil sna háiteanna ina bhfuil an t-éileamh.”

Rinne an Foras Pátrúnachta agus na sé cheanneagraíocht Ghaeilge achainí ar an Aire Oideachais Joe McHugh ag deireadh na bliana seo caite seasamh le lucht an ghaeloideachais agus dlús a chur le bunú an chórais atá molta ag an Roinn Oideachais féin chun a gceart a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh scoil lán-Ghaeilge a chur ar bun.

Is mar thoradh ar chinneadh a rinne an Coimisinéir Teanga go raibh an dlí á shárú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcás an éilimh ar Ghaelscoil nua do Dhroim Conrach a gealladh go ndéanfaí leasú ar an gcóras maidir le bunú scoileanna nua chun go mbeadh sé níos éasca scoil lán-Ghaeilge a bhunú. 

Ní raibh an córas nua sin bunaithe áfach in am do phróiseas pátrúnachta na bliana seo.

Dúirt an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua go raibh “dul chun cinn maith” á dhéanamh ag an Roinn Oideachais i dtaobh cheist na gaelscolaíochta agus go raibh eolas curtha ar fáil acu maidir le conas a d’fhéadfaí cur leis an soláthar gaeloideachais.

Dhá bhunscoil lán-Ghaeilge a bhí i measc an 12 bunscoil nua a d’fhógair an Roinn Oideachais mí Feabhra.

Fág freagra ar '‘Faillí’ agus ‘easpa práinne’ le brath ar dhearcadh airí i leith an éilimh ar ghaeloideachas'

  • Aodhán Ó Curaidh

    Náireach

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Ní dóigh liom go bhfuil aon ghá le tuilleadh scoileanna Béarla. Tá na céadta díobh siúd againn cheana. Is mór an daille intinne atá ar na hairí seo más rud é nach bhfeiceann síad é sin.