Dhá Ghaelscoil nua le bunú in 2019 ach ‘ní leor é’

Tá dhá Ghaelscoil i measc an 12 bunscoil nua a d’fhógair an Roinn Oideachais agus ‘deis caillte’ ag an Roinn freastal ar an éileamh ar an ngaelscolaíocht dar le Conradh na Gaeilge

Dhá Ghaelscoil nua le bunú in 2019 ach ‘ní leor é’

Tá dhá bhunscoil lán-Ghaeilge i measc an 12 bunscoil nua a d’fhógair an Roinn Oideachais inniu.

Sa Charraig Dhubh i mBaile Átha Cliath agus i Maigh Nuad i gcontae Chill Dara a bheidh an dá scoil lán-Ghaeilge nua a bheidh faoi phátrúnacht an Fhorais Phátrúnachta.

Scoileanna ocht seomra ranga a bheidh sa scoil nua i Maigh Nuad agus sa scoil nua i mBaile an Bhóthair sa Charraig Dubh i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Fógraíodh cheana féin go mbeadh gaelscoil nua á bunú chomh maith i mbliana i nDroim Conrach i dtuaisceart na cathrach.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an bhfógra faoin dá ghaelscoil nua ach rinne an eagraíocht cáineadh láidir ar an Roinn Oideachais as gan a thuilleadh Gaelscoileanna a cheadú.

Dúradh go raibh bearna mhór idir an soláthar gaelscolaíochta agus an t-éileamh atá uirthi i measc tuismitheoirí agus nach ndéanfadh fógra an lae inniu “aon difear” maidir leis an mbearna sin a iamh.

Rinne an Foras Pátrúnachta agus na sé cheanneagraíocht Gaeilge achainí ar an Aire Oideachais Joe McHugh ag deireadh na bliana seo caite seasamh le lucht an ghaeloideachais agus dlús a chur le bunú an chórais atá molta ag an Roinn Oideachais féin chun a gceart a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh scoil lán-Ghaeilge a chur ar bun.

Is mar thoradh ar chinneadh a rinne an Coimisinéir Teanga go raibh an dlí á shárú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcás an éilimh ar Ghaelscoil nua do Dhroim Conrach a gealladh go ndéanfaí leasú ar an gcóras maidir le bunú scoileanna nua chun go mbeadh sé níos éasca scoil lán-Ghaeilge a bhunú. 

Ní raibh an córas nua sin bunaithe áfach in am do phróiseas pátrúnachta na bliana seo.

Dúirt an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nuainniu go raibh “dul chun cinn maith” á dhéanamh ag an Roinn Oideachais i dtaobh cheist na gaelscolaíochta agus go raibh eolas curtha ar fáil acu don Ghrúpa maidir le conas a d’fhéadfaí cur leis an soláthar gaeloideachais.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge go raibh “deis iontach” freastal ar an éileamh ar an ngaelscolaíocht caillte ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Dúirt Uachtarán an Chonartha nach raibh cinneadh na Roinne ag teacht le sprioc na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 go gcuirfí oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arbh é sin mian a dtuismitheoirí.

“De réir suirbhé de chuid an ESRI in 2015 roghnódh 23% den phobal ó dheas gaelscoil dá bpáistí dá mbeadh ceann in aice leo, ach níl ach soláthar do 5% ann i measc bunscoileanna na tíre faoi láthair. Ní athróidh dhá scoil nua sin, cé go gcuirfimid fáilte rompu, sin.”

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur léir go bhfuil próiseas na Roinne Oideachais “lochtach” agus nach ndéanann sé dáiríre ach rogha a thabhairt do thuismitheoirí oideachas ilchreidmheach a fháil dá leanaí.

“Tá an ghaelscolaíocht thíos leis. Tá an Conradh ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh ceannas a ghlacadh ar an gcóras le scoileanna nua a bhunú agus rogha na gaelscolaíochta a chur ar fáil don phobal.”

“Táimid ag lorg cruinniú práinneach leis chun an t-ábhar seo a phlé. Idir an dá linn, beidh Conradh na Gaeilge ag fiosrú na mbealaí gur féidir cur i gcoinne an chinneadh lochtach a glacadh agus na bealaí gur féidir a chinntiú nach dtarlóidh a leithéid de phraiseach arís.”

Fág freagra ar 'Dhá Ghaelscoil nua le bunú in 2019 ach ‘ní leor é’'

  • Cearta Gael

    Ná déanaimis dearmad go bhfuil an Roinn Oideachas agus bocanna FFFG ag dul aghaidh ag brú scoileanna Bhéarla ar saoránaigh Éireannacha in aghaidh a dtola. Mar a bhí i gcónaí ní mór do saoránaigh (brúghrúpaí tuistí go háirithe) raic a thógaint chun Gaelscoileanna a thosnú as a stuaim fhéin chun cothrom na Féinne a fháil dár bpáistí. D’fhás an Gaeloideachas as iarrachtaí tuismitheoirí a bhí ag streachailt in aghaidh an Stáit go minic.

    In alt a foillsíodh mí na Samhna 2018 mínítear gur “léirigh taighde an ESRI go roghnódh beagnach 25% de thuismitheoirí scoil lán-Ghaeilge dá bpáistí dá mbeadh a leithéid ar fáil. Léirigh pobalbhreith náisiúnta eile go gcreideann 78% den phobal gur ceart oideachas lán-Ghaeilge a bheith ar fáil dóibh siúd ar mian leo é.
    https://tuairisc.ie/an-foras-patrunachta-dochasach-go-ndeanfaidh-mchugh-beart-de-reir-a-bhriathair-maidir-le-bunu-scoileanna-gaeilge/

  • Alanagh Ní Chonghaile Ní Ghríofa

    Ní leor é seo, agus freisin ba cheart go mbeadh tuilleadh Gaelscoileannaí curtha ar fáil in Iarthar na tíre, áit atá neart daoine óga agus gasúir. Dá gcuirfí gaelscoileannaí ann, mhealladh siad níos mó daoine agus múinteoirí. Is ábhar tábhachtach é seo go háirid le haghaidh dream na hardteiste a chaithfidh a gcinneadh a dhéanamh suas faoina slí beatha ag aois an-óg. Bheadh siad ag iarraidh fanacht sa mbaile, thiar i gconamara, in áit a bheith ag timaistriú ó áit go háit. Dá mhó scoileannaí Gaeilge atá ann, dá mhó múinteoirí, fostaíocht agus brabús a dhéanadh seirbhísí áitiúil.