Achainí déanta ar McHugh go ndéanfadh sé ‘beart de réir a bhriathair’ maidir le bunú scoileanna Gaeilge

Tá an Foras Pátrúnachta agus na ceanneagraíochtaí Gaeilge go léir ag impí ar an Aire Oideachais Joe McHugh tabhairt ar oifigigh a roinne moltaí maidir le córas nua do bhunú scoileanna lán-Ghaeilge a chur i bhfeidhm mar ábhar práinne

Achainí déanta ar McHugh go ndéanfadh sé ‘beart de réir a bhriathair’ maidir le bunú scoileanna Gaeilge

Tá achainí déanta ag an bhForas Pátrúnachta agus na sé cheanneagraíocht Gaeilge ar an Aire Oideachais seasamh le lucht an ghaeloideachais agus dlús a chur le bunú córas nua maidir le bunú scoileanna lán-Ghaeilge.

Is mar thoradh ar chinneadh a rinne an Coimisinéir Teanga go raibh an dlí á shárú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcás an éilimh ar Ghaelscoil nua do Dhroim Conrach atáthar ag féachaint le leasú a dhéanamh ar an gcóras maidir le bunú scoileanna nua chun go mbeadh sé níos éasca scoil lán-Ghaeilge a bhunú.

Is cosúil anois, áfach, nach mbeidh an córas nua sin bunaithe in am do phróiseas patrúnachta na bliana seo chugainn, rud atá ina údar mór imní ag an bhForas Pátrúnachta i bhfianaise líon ard na scoileanna nua atá le ceadú in 2019.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, go rabhthas ag impí ar an Aire Oideachais Joe McHugh tabhairt ar oifigigh a roinne na moltaí maidir leis an gcóras nua a chur i bhfeidhm mar ábhar práinne.

Mhol an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua an mhí seo caite go rachfaí i mbun comhairleoireachta leis na heagrais phátrúnachta faoin gcóras nua, agus tá an Foras Pátrúnachta ag impí ar an Aire go mbeadh an próiseas sin curtha i gcrích sula bhfógrófar torthaí phróiseas pátrúnachta 2019, bliain ina mbeidh 12 bunscoil nua á mbunú.

“Rinne an Coimisinéir Teanga scrúdú faoi seo agus fuair sé amach go raibh an próiseas maidir le bunú scoileanna nua lochtach ó thaobh bunú scoileanna Gaeilge de. Ghlac an Roinn Oideachais leis an méid sin agus mí Aibreáin seo caite rinne siad moltaí maidir le córas nua a bhunú a bheadh níos cothroime.

“Léirigh taighde an ESRI go roghnódh beagnach 25% de thuismitheoirí scoil lán-Ghaeilge dá bpáistí dá mbeadh a leithéid ar fáil. Léirigh pobalbhreith náisiúnta eile go gcreideann 78% den phobal gur ceart oideachas lán-Ghaeilge a bheith ar fáil dóibh siúd ar mian leo é.

“Tá an t-éileamh ann, ach tá an córas lochtach. Tá tuiscint do chás na Gaeilge agus do chur chun cinn na teanga léirithe go minic ag an Aire McHugh agus táimid ag impí anois air feidhmiú dá réir agus treoir a thabhairt d’ofigigh a Roinne tosaíocht a thabhairt do na moltaí seo a chur i bhfeidhm.”

I gcomhráiteas a chuir siad amach aréir, thacaigh ceannairí na sé cheanneagraíocht Gaeilge leis an éileamh sin.

“Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh, TD,  gníomhú láithreach bonn chun an córas bunaithe scoileanna a chur in oiriúint do mhianta tuismitheoirí don oideachas lán-Ghaeilge agus soláthar leordhóthaineach scoileanna lán-Ghaeilge a chinntiú dá réir.

‘Tá práinn faoi leith leis an éileamh seo go dtabharfaí aitheantas faoi leith don éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge ós rud é go bhfuil 42 scoil nua le bunú sa chéad trí bliana eile (13 le hoscailt in 2019) agus nach mbeidh mórán scoileanna nua eile ann ina dhiaidh sin go ceann píosa mar gheall ar an laghdú atá tagtha ar an ráta breithe in Éirinn,” a dúradh i ráiteas cheannairí na gceanneagraíochtaí, Gael Linn, Gaeloideachas, Cumann na bhFiann, Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge agus Glór na nGael.

Dúirt na ceanneagraíochtaí agus Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta gur gá don Aire gníomhú anois chun cothrom na Féinne a thabhairt dóibh siúd arb é an gaeloideachas a rogha. 

“Bheadh sé tubaisteach mura mbeadh an córas nua in áit chun cothrom na Féinne a thabhairt do scoileanna Gaeilge in 2019. Táimid dóchasach mar gheall ar a bhfuil cloiste go minic againn ó Joe McHugh agus mar gheall ar a bhfuil déanta aige féin go seasfaidh sé linn. Tá sé go mór ar son cur chun cinn na Gaeilge ar fud na tíre agus bíonn an ghaelscoil lárnach i gcur chun cinn na teanga i gceantar ar bith nó i measc phobal ar bith sa tír,” a dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta.

Idir an dá linn, tá an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ag bualadh inniu leis an Aire McHugh chun na dualgais ó thaobh na Gaeilge a bhaineann leis an Acht Oideachais a phlé.

Dúirt an Coimisinéir Teanga le Tuairisc.ie aréir go raibh sé “cinnte” go dtiocfadh ceist an chórais nua aníos le linn an chruinnithe sin.

Dúirt an Coimisinéir “nár chóir na maidí a ligean le sruth maidir le moltaí na Roinne a chur i bhfeidhm” agus go raibh “géarghá le freastal níos fearr a dhéanamh ar an éileamh ar an ngaeloideachas”.

Fógraíodh an mhí seo caite go raibh Gaelscoil nua le bunú i gceantar Dhroim Conrach an bhliain seo chugainn, fógra ar chéim chun tosaigh é maidir leis an gcóras nua atá molta chun béim níos mó a chur ar an éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge.

Chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh an Roinn Oideachais an tAcht Oideachais, 1998 nuair nár cuireadh san áireamh a ndualgais reachtúla teanga “go cuí” sa phróiseas a bhain le roghnú pátrúin don bhunscoil nua a bhí le bunú i gceantar pleanála scoile Dhroim Conrach/ Marino.

Mar thoradh ar an imscrúdú sin, mhol an Roinn go mbunófaí córas nua a d’fhágfadh nár ghá gur ag an bpátrún atá ag lorg scoil Ghaeilge a bheadh an líon is mó léirithe spéise.

Faoi mholadh na Roinne bhunófaí dhá scoil – scoil Bhéarla agus scoil Ghaeilge – sa chás go gcruthófaí go raibh éileamh i measc céatadán áirithe tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge.

Phléigh an coiste comhairleach neamhspleách An Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua an tseachtain seo caite moladh na Roinne agus cinneadh go raibh “fiúntas” leis mar mholadh. 

Ag tagairt do mholadh na Roinne maidir leis an gcóras nua, dúirt an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua gur “cheist chasta” a bhí ann agus moladh mar an chéad chéim eile go rachfaí i mbun comhairleoireachta leis na heagrais phátrúnachta fúithi. 

Fág freagra ar 'Achainí déanta ar McHugh go ndéanfadh sé ‘beart de réir a bhriathair’ maidir le bunú scoileanna Gaeilge'