Kyne le córas ‘éagórach’ bunaithe gaelscoileanna a phlé le McHugh

Chuir scata Teachtaí Dála a míshásamh faoina laghad scoileanna lán-Ghaeilge atá á mbunú in iúl sa Dáil agus iad den tuairim go bhfuil éagóir á déanamh ar an ngaeloideachas

Kyne le córas ‘éagórach’ bunaithe gaelscoileanna a phlé le McHugh

Tá Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne chun ceist an chórais faoina mbunaítear scoileanna lán-Ghaeilge agus ceist an liúntais Ghaeltachta a d’íoctaí le múinteoirí a phlé leis an Aire Oideachais.

Dúirt an tAire Stáit go bpléifeadh sé na ceisteanna seo leis an Aire Oideachais Joe McHugh i ndiaidh do roinnt Teachtaí Dála a míshásamh fúthu a chur in iúl sa Dáil. Ba iad na Teachtaí Dála a dúirt go ndéantar éagóir sa chóras bunaithe scoileanna ar an ngaeloideachas ná Dara Calleary, urlabhraí Gaeilge Fhianna Fáil, Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Catherine Connolly (NS), Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, Aindrias Moynihan (FF) agus Bríd Smith (Sol.).

Thagair leascheannaire Fhianna Fáil Dara Calleary don scéala nach raibh ach dhá bhunscoil lán-Ghaeilge i measc an 12 bunscoil nua a d’fhógair an Roinn Oideachais an mhí seo caite.

“Tá sé ráite ag an ESRI go mbeadh suim ag níos mó ná 20% de thuismitheoirí a bpáistí a sheoladh chuig Gaelscoil dá mbeadh Gaelscoil ann.

“Bhí rogha ag an Aire Stáit agus bhí seans ag an Rialtas rud éigin a dhéanamh faoin méid sin, ach níor tógadh an seans. Tá a fhios agam go mbaineann sé seo le Roinn eile. Mura fuil gach Roinn ag obair ar son na Gaeilge agus ar son na Gaeltachta, ní bheidh 20 bliain againn,” arsa Dara Calleary.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh nach raibh “an dul chun cinn” céanna á dhéanamh in earnáil na gaelscolaíochta is a bhíodh agus go bhféadfadh forás níos fearr a bheith ar líon na scoileanna lán-Ghaeilge.

“Nuair a bhí an bogadh ag tarlú maidir lena lán scoileanna nua a bheith á dtógáil nó maidir le hathrú pátrúnachta, níor thapaigh an córas Stáit an deis a bhí ann iad sin ar fad a aistriú isteach sa Ghaelscolaíocht. Ní gá ach féachaint ar an méid a bhí ann mí ó shin nuair a fógraíodh nach raibh ach dhá Ghaelscoil as 12 scoil a fuair aitheantas.

“Is tubaiste é sin amach is amach agus tá na rialacha maidir le Gaelscoil nua a bhunú ag cur bac orthu siúd atá ag iarraidh iad a bhunú. Dúirt mé go minic gur chóir  go mbeadh dualgas ar an Roinn Oideachais agus Scileanna ní hamháin an t-éileamh ar Ghaelscolaíocht a shásamh ach an t-éileamh sin a chruthú chomh maith céanna. Is gá don Roinn stocaireacht a dhéanamh agus cuidiú a thabhairt dá réir,” arsa Ó Snodaigh.

Dúirt Bríd Smith ó Solidarity go bhfuil “éileamh ollmhór” ar an nGaelscolaíocht i gceantair uirbeacha ach nach bhfuiltear ag freastal mar ba chóir ar an éileamh sin.

“Mar shampla, san áit ina bhfuil cónaí orm i mBaile Formaid, is dúshlán mór é do thuismitheoirí a bpáistí a sheoladh chuig bunscoileanna Gaeilge. Níl ann ach Gaelscoil Inse Chór. De ghnáth bíonn sí lán agus ní bhíonn spás ann. Ar leibhéal na meánscoile, níl meánscoil lán-Ghaeilge laistigh de mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 10, nó Baile Átha Cliath 20, agus níl an dara rogha ag daoine ach taisteal lasmuigh dá gceantair féin go ceantair ar nós Leamhcáin nó Chluain Dolcáin.

“Tá tuismitheoirí agus muintir an phobail i mBaile Átha Cliath 10 i mbun feachtais i láthair na huaire chun seanfhoirgneamh De La Salle a úsáid mar ionad scolaíochta ina mbeidh Gaelscoil idirchreidmheach.”

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go bhfuil sé “thar a bheith soiléir nach bhfuil an córas pátrúnachta feiliúnach chun freastal ar an éileamh leanúnach ar a thuilleadh Gaelscoileanna nua”.

“Mar shampla, léiríonn suirbhé a rinne an ESRI in 2015 go roghnódh 23% den phobal ó dheas an Ghaelscolaíocht dá gcuid páistí dá mbeadh Gaelscoil in aice leo ach nach bhfuil ach soláthar 5% ann don bhunscolaíocht Ghaeilge faoi láthair,” arsa Catherine Connolly.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Moynihan gur chóir an liúntas Gaeltachta do mhúinteoirí a thabhairt ar ais.

Dúirt Séan Kyne go bpléifeadh sé córas bunaithe na scoileanna nua leis an Aire Oideachais ó tharla a míshástacht faoi a bheith curtha in iúl “ag a lán daoine”.

B’fhéidir go mbeidh sé [Joe McHugh] sásta páirt a ghlacadh i ndíospóireacht trí mheán na Gaeilge ar an ábhar tábhachtach sin agus ar chaighdeán na múinteoirí, liúntais do mhúinteoirí agus rudaí mar sin,” arsa Seán Kyne.

Rinne an Foras Pátrúnachta agus na sé cheanneagraíocht Ghaeilge achainí ar an Aire Oideachais Joe McHugh ag deireadh na bliana seo caite seasamh le lucht an ghaeloideachais agus dlús a chur le bunú an chórais atá molta ag an Roinn Oideachais féin chun a gceart a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh scoil lán-Ghaeilge a chur ar bun.

Is mar thoradh ar chinneadh a rinne an Coimisinéir Teanga go raibh an dlí á shárú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcás an éilimh ar Ghaelscoil nua do Dhroim Conrach a gealladh go ndéanfaí leasú ar an gcóras maidir le bunú scoileanna nua chun go mbeadh sé níos éasca scoil lán-Ghaeilge a bhunú. 

Ní raibh an córas nua sin bunaithe áfach in am do phróiseas pátrúnachta na bliana seo.

Dúirt an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua go raibh “dul chun cinn maith” á dhéanamh ag an Roinn Oideachais i dtaobh cheist na gaelscolaíochta agus go raibh eolas curtha ar fáil acu maidir le conas a d’fhéadfaí cur leis an soláthar gaeloideachais.

Fág freagra ar 'Kyne le córas ‘éagórach’ bunaithe gaelscoileanna a phlé le McHugh'

  • Seán Mac Gearailt

    Déanfaidh Joe an cheist a phlé . Gheallfaidh sé seo siúd is eile agus ansin chuirfidh sé gach rud ar an méar fhada, mar is dual dó i gcónaí.

  • Seán Fennell

    Bunaigh níos mó scoileanna, fásfaidh an teanga, labhróidh níos mó daoine Gaeilge, spreagfaidh na páistí na tuismitheoirí, cothóidh seo pobal.
    Tá an t-eileamh ann, féach ó thuaidh ar ról na ngaelscoileanna sna Sé Chontae, go háirithe sna ceantracha is mó a d’fhulaing de dheasca na coimhlinte. Tá borradh faoin ghaeloideachas fud fad an oileáin.

    Is iad na gaelscoileanna todhchaí na teanga!

  • Sibéal

    Seo deis dúinn go léír.

    Is fúinne an brú a chur ar pholaiteoiri chun go mbunófar scoileanna lánGhaeilge. Ba chóir do Ghaeilgeoirí go bhfuil am le spáráil acu tacú le tuismitheoirí le coiste a bhunú chun Gaelscoil a lorg.

    Ag an am céanna ní mór brú a chur freisin go mbunófar coláistí oideachais lánGhaeilge chun bunmhúinteoirí agus meánmhúinteoirí a thraenáíl don teagasc tré mheán na Gaeilge.

  • Mairéad

    “Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Moynihan gur chóir an liúntas Gaeltachta do mhúinteoirí a thabhairt ar ais.”

    Tá an liúntas Gaeltachta a fhaigheann múinteoirí a fuair post roimh comhaontú Páirc an Chrócaiogh bunaithe ar an scoil a bheith suite i gceantair oifigiúil “Gaeltachta” ní ar teanga teagaisc an mhúinteora. An bhfuil i gceist ag an teachta Ó Muíneacháin go mbeidh coinníol nua ann go mbeidh ar mhúinteoiri do bheith ag teagasc tré mheán na Gaeilge chun a bheith i dteideal liúntais Gaeltachta feasta?