Faigh cóipleabhar nua agus bí ag cur in úllord na samhlaíochta…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: is ionann le crainn óga iad tograí scríbhneoireachta nua agus b’fhiú don scríbhneoir iad a chothú i bplandlann ar feadh tamaill…

Faigh cóipleabhar nua agus bí ag cur in úllord na samhlaíochta…

Lá mór a bhí ann inné. Chuir mé tús le húrscéal nua. Bhuel, is é sin le rá… níor chuir mé oiread agus focal den saothar féin ar phár go fóill. Ach rug mé ar chóipleabhar nua agus thosaigh mé ag tógáil nótaí.

Dá ghiorracht í, bíonn tréimhse fáis faoi thalamh ag teastáil ó shíolta in ithir na haigne. Tóg an colún seo, mar shampla. Thosaigh mé á scríobh ar maidin gan mo dhóthain machnaimh a bheith déanta agam roimh ré. Tar éis an chéad pháir rith mé amach as rudaí le rá.

Dá mhéid an togra scríbhneoireachta, is ea is faide an tréimhse den fhás dofheicthe seo a bhíonn de dhíth. Ní bheadh rath i ndán d’úrscéal a gcuirfí tús leis ar an bpointe boise, an nóiméad a rithfeadh smaoineamh spreagúil le scríbhneoir. Ach má tá aon mhaith le síol scéil, tiocfaidh an lá go ngobfaidh gas beag glas aníos os cionn talún.

Sin é am na cinniúna. Mura dtugtar aire don phéacán ag an bpointe sin, chuile sheans go seargfaidh sé. Drochsheans go mbeidh fonn ar an scéal céanna péacadh arís.

Ach má chuireann scríbhneoir in iúl don ghas beag glas go bhfuil fáilte roimh chrann óg eile i ngarraí a aigne beidh seans aige fás.

Is leor cóipleabhar ar leith a thosú lena thaispeáint do thogra nua go bhfuil spás ann dó i do shaol.

Sa chóipleabhar sin, breacfaidh tú síos nótaí de réir mar a rithfidh smaointe ábhartha leat.

I gcás an úrscéil ar thosaigh mé cóipleabhar nua fána choinne inné, ba é struchtúr an scéil an chéad rud a rith liom.

Bhreac mé síos nótaí faoi radharc tosaigh agus faoi roinnt de na téamaí freisin, ach níl ach tuairim fhánach agam faoi na príomhcharachtair.

Tiocfaidh sé sin in am trátha.

Beidh an cóipleabhar seo ar mo dheasc go ceann tamaill fhada – go ceann blianta, más aon fhianaise an t-úrscéal deireanach dár chríochnaigh mé. Ach lá éigin amach anseo beidh an cóipleabhar líonta.

Ansin, beidh sé in am an crann óg a thógáil amach as an bplandlann agus a chur in úllord na samhlaíochta, féachaint an dtiocfaidh sé faoi bhláth.

Fág freagra ar 'Faigh cóipleabhar nua agus bí ag cur in úllord na samhlaíochta…'