Tá cáineadh déanta ag urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin ar bheartas nua an Rialtais maidir le forbairt na tuaithe.
Seoladh Dé Luain Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, beartas forbartha tuaithe na hÉireann 2021-2025, ach deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh nach bhfuil aon togra nua don Ghaeltacht molta sa cháipéis.
Mheas Ó Snodaigh freisin gur léiriú ar chur chuige an Rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta é gur i mBéarla, den chuid is mó, a foilsíodh an plean forbartha nua cé go raibh sé á ullmhú le dhá bhliain anuas.
Tá 128 leathanach sa cháipéis Bhéarla a foilsíodh ar shuíomh an Rialtais ach níl ach 16 leathanach sa leagan Gaeilge den phlean agus is i mBéarla amháin a fágadh an sliocht faoi sheirbhísí Gaeilge a fháil ón stát.
I measc na mbeartas a luaitear leis an nGaeltacht sa phlean tá Plean Teanga a cheadú agus a chur i bhfeidhm do gach ceann den 26 ceantar Gaeltachta; Bailte Seirbhíse Gaeltachta a fhorbairt i gCeantair Pleanála Teanga na Gaeltachta nó gar dóibh; féiniúlacht agus branda na gceantar Gaeltachta a neartú; Straitéis Turasóireachta a fhorbairt do cheantair Ghaeltachta; agus ionaid gTeic faoi chúram Údarás na Gaeltachta a bhunú ar na hoileáin.
Deir Aengus Ó Snodaigh nach bhfuil “faic nua” don Ghaeltacht sa phlean “in ainneoin géarchéim as cuimse” a bheith ann.
“Níl ann ach athrá,” arsa Ó Snodaigh. “Níl sa bheartas ach athrá ar mholtaí ó sheanpholasaithe nach bhfuil comhlíonta go fóill. Cúpla líne anseo is ansiúd faoi rudaí atá ar bhun ag Údarás na Gaeltachta cheana féin mar gheall ar bhrandáil na Gaeltachta, turasóireacht a phleanáil ansin agus ionaid gTeic a oscailt.”
Deir Ó Snodaigh gur léirigh taighde a rinne an Rialtas chomh fada siar leis an mbliain 2007 [An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht] go bhfuil an baol ann nach mbeidh an Ghaeilge fós ina príomhtheanga labhartha sna ceantair Ghaeltachta is láidre roimh dheireadh na ndeich mbliana seo romhainn. Ina ainneoin sin, deir sé nach bhfuil iarracht déanta dul i ngleic leis na fadhbanna atá ann.
Luaigh Ó Snodaigh go ndeirtear sa phlean nua go mbíonn ‘additional characteristics, challenges and opportunities’ ag baint le ceantair Ghaeltachta.
“Mar is gnách, ní dhéantar plé ar cad iad na tréithe, na dúshláin ná na deiseanna sin atá i gceist, nó conas dul i ngleic leo,” a deir sé.
Tá cáineadh déanta ag Ó Snodaigh chomh maith ar an easpa spriocdhátaí atá sa phlean nua.
“Tá sé áiféiseach go bhfuil alt ann faoi ‘Seirbhísí Gaeilge’ nach luann oiread is sprioc amháin faoi sheirbhísí Gaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht, mar atá á lorg ag Oifigigh Pleanála Teanga na hÉireann, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile ar fud na Gaeltachta.
“An t-aon tagairt don sprioc sin ná go ndéanfar neartú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla “to further ensure that the language Act continues to be an effective support for all those who wish to receive quality services in Irish from the State”.
“Dar leis an rialtas, tá rudaí go breá mar tá “effective support” ann. Sin meon an rialtais, ag déanamh neamhaird ar cé chomh leochaileach agus easnamhach is atá freastal an stáit ar riachtanais phobal labhartha na Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht.”
Deir Ó Snodaigh, atá ina Chathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge gur cheart don Rialtas an deis atá ann faoi láthair tacaíocht bhreise a chur ar fáil don Ghaeilge a thapú.
“Dá mbeadh an Rialtas dáiríre faoi chothrom na Féinne a thabhairt do cheantair Ghaeltachta todhchaí rathúil a bhaint amach trí Ghaeilge ar comhchéim le ceantair tuaithe atá ag feidhmiú trí Bhéarla, bheadh an tAire Chambers ag glacadh le leasuithe uaim ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla a chinnteodh go mbeidh gach seirbhís stáit sa Ghaeltacht á gcur ar fáil trí Ghaeilge faoi dheireadh 2025. Ní léir dom go dtí seo gurb amhlaidh a bheidh.
“Tá sé ráite ag an gCoimisinéir Teanga gurb é seo an seans deiridh le dul i ngleic leis an easpa Gaeilgeoirí sa chóras, agus ní mór dúinn í a thapú sula mbeidh sé ródhéanach.
“Ní fiú féiniúlacht agus brandáil na Gaeltachta a chothú fhad is atá an Ghaeltacht á meath.”
Gabriel Rosenstock
Jóc.
Séamas Mac Coitir
Beatha teanga í a labhairt, buanú teanga í a scríobh. Beidh duine ag brú ar an doicheall sa lá atá inniu ann ina lán de na gaeltachtaí oifigiúla má dhéanann sé/sí iarracht beart gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Is é fírinne an scéil, nach bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar ghnáth-theanga chumarsáide iontu ó lá go lá a thuilleadh. Má tá bréag nó áiféis sa mhéid sin bíodh!