‘Fadhb theicniúil’ a d’fhág gur i mBéarla amháin a bhí córas glórphoist Fhoras na Gaeilge

Deir Foras na Gaeilge gurb é an nuashonrú a rinne comhlacht seachtrach ar a gcóras glórphoist ba chúis le Béarla amháin a bheith le cloisteáil air ar feadh tamaill

‘Fadhb theicniúil’ a d’fhág gur i mBéarla amháin a bhí córas glórphoist Fhoras na Gaeilge

D’fhág “fadhb theicniúil” gur teachtaireacht i mBéarla amháin a fuair daoine a ghlaoigh ar Fhoras na Gaeilge le linn na Nollag.

D’fhág nuashonrú ar an gcóras glórphoist atá in úsáid ag an bhForas gur scriosadh na teachtaireachtaí Gaeilge a bhí cruthaithe agus gur freagra i mBéarla amháin a bhí ar fáil nuair a ghlaotaí ar oifigí na heagraíochta trasteorann. Bhí an uimhir a bhaineann le ceannáras an Fhorais i mBaile Átha Cliath i measc na gcinn athraíodh.

Sárú ar Acht na dTeangacha a bheadh ann fógraí taifeadta béil i mBéarla amháin a bheith in úsáid ag comhlacht poiblí agus tuigtear go ndearnadh gearán le hoifig an Choimisinéara Teanga mar gheall ar an bhfadhb. Socraíodh nach raibh gá aon fhiosrúchán a dhéanamh tar éis don Fhoras an fhadhb a aithint agus iarrachtaí a chur ar bun chun í a réiteach.

Dúirt Foras na Gaeilge le Tuairisc.ie gur thosaigh an fhadhb nuair a rinne an an soláthróir a chuireann an córas glórphoist ar fáil dóibh nuashonrú ar an gcóras. Nuair a tháinig an fhadhb chun solais, cuireadh tús leis an obair chun na teachtaireachtaí Gaeilge a chur ar an gcóras arís agus dúirt an Foras go raibh súil acu go mbeadh na teachtaireachtaí Gaeilge ar ais ar fud an chórais roimh dheireadh na seachtaine seo caite nuair a bheadh formhór na foirne ar ais ó laethanta saoire na Nollag.

“Tháinig fadhb theicniúil chun cinn le fearais ghutháin Fhoras na Gaeilge le linn mhí na Nollag nuair a bhí foireann Fhoras na Gaeilge ar laethanta saoire,” a dúirt urlabhraí ón bhForas. “Chuir soláthróir tríú páirtí nuashonrú uathoibríoch i bhfeidhm dá gcustaiméirí uile. Iompaíodh roinnt teachtaireachtaí glórphoist a bhaineann le huimhreacha teagmhála Fhoras na Gaeilge go teachtaireachtaí Béarla amháin de thaisme dá bharr.

“A luaithe is a tháinig an fhadhb chun solas, thosaigh na baill foirne chuí ag obair ar réiteach leis na teachtaireachtaí a athrú go Gaeilge. Ba chóir go mbeadh na teachtaireachtaí glórphoist uilig i nGaeilge faoi dheireadh na seachtaine seo, an 7 Eanáir.”

Fág freagra ar '‘Fadhb theicniúil’ a d’fhág gur i mBéarla amháin a bhí córas glórphoist Fhoras na Gaeilge'

  • Éamonn Ó Gribín

    Deir Foras na Gaeilge an méid seo a leanas; “Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le foireann an Choiste Téarmaíochta trí ríomhphost a sheoladh chuig tearmai@forasnagaeilge.ie nó trí ghlaoch ar 01-6398418.” (Tagairt: https://www.forasnagaeilge.ie/maidir-le-foras-na-gaeilge/focloireacht-tearmaiocht/)

    Inniu, nuair a ghlaoigh mé ar an uimhir ghutháin thuas luaite fuair mé an t-aisfhreagra seo a leanas; “IM Media mail, password, login incorrect, mailbox…srl Goodbye!”

  • Seosamh Ó Beirgin.

    Is breá liom an tagairt. Ní go minic a fheictear í sa dioscúrsa faoin nGaeilge