Fadhb Iarnród Éireann leis an ‘síneadh fada’ réitithe

Tá síntí fada na Gaeilge á dtaispeáint i gceart ar scáileáin ar thraenacha anois, a deir Iarnród Éireann, ach tá obair idir lámha acu fós le fadhbanna eile a réiteach leis an teanga ar an gcóras le suíocháin a chur in áirithe

Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland
Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Tá sé deimhnithe ag Iarnród Éireann do Tuairisc.ie go bhfuil an comhlacht tar éis theacht ar réiteach ar dheacracht a bhí acu le húsaid an tsínidh fhada i nGaeilge ar thicéid agus ar scáileáin de chuid na seirbhíse traenach. Go dtí seo, ní raibh córais an chomhlachta in ann gutaí le síneadh fada orthu a thaispeáint i gceart ar thicéid, ríomhphoist ná ar na scáileáin os cionn na suíochán ar a bhfeictear ainm an duine a raibh suíochán traenach curtha in áirithe acu. 

D’fheictí carachtair Áiseacha agus siombailí eile in áit na síntí fada i gcáipéisí a chuir Iarnród Éireann ar fáil. Bhain an fhadhb chéanna le litreacha áirithe i dteangacha eile ar nós umlaut na Gearmáinise (ü).

Gheall Iarnród Éireann sa bhliain 2012 go rabhthas ag obair ar réiteach na faidhbe agus go gcuirfí “cúrsaí ina gceart go luath”.

Dúirt urlabhraí Iarnród Éireann le Tuairisc.ie go bhfuil síntí fada agus umlaut á dtaispeáint i gceart anois ar ainmneacha os cionn na suíochán ar thraenacha agus go mbeidh an deacracht a bhain le síntí fada ar an suíomh gréasáin IrishRail.ie nuair a bhíonn áirithintí á ndéanamh, curtha ina ceart go luath.

Fág freagra ar 'Fadhb Iarnród Éireann leis an ‘síneadh fada’ réitithe'

  • sean o rathaille

    Nil aon sinti fada agam fein is baolach ach
    an dtuigeann Iarnrod Eireann an deifir idir Bear (gan sineadh fada)
    agus Bear ( sineadh fada ar an ‘a’)?

  • Deasún ÓSeanáin

    Agus b’fhéidir nach dtuigeann siad an deifir idir portar agus póirtear sa mbeár nó sa mbuifé!!