Evan Ferguson ag ceann an tslua beag Éireannach i bPríomhroinn Shasana

Beidh roinnt Éireannach ag súil le dul chun cinn a dhéanamh lena gclubanna sa Phríomhroinn, atá ag tosú arís anocht

Evan Ferguson ag ceann an tslua beag Éireannach i bPríomhroinn Shasana

Cuirfear tús anocht le séasúr nua Phríomhroinn Shasana nuair a thabharfaidh curaidh an tséasúir seo caite Manchester City aghaidh ar churaidh an Championship, Burnley.

Ag foireann Vincent Kompany, iarchaptaen Manchester City, atá an líon is mó Éireannach sa Phríomhroinn i mbliana.

Duine de laochra an chlub le cúpla bliain anuas é an fear lár páirce Josh Cullen a ndéanfar a fhoighne agus a dhíograis a chúiteamh leis i mbliana agus é ag filleadh ar an bPríomhroinn den chéad uair le cúig bliana.

Trí huaire ar fad a chuaigh Cullen chun páirce sa Phríomhroinn nuair a bhí sé le West Ham agus in 2018 a d’imir sé a chluiche deireanach sa tsraith is airde i Sasana. Chuir Cullen aithne ar Kompany nuair a bhí sé le Anderlecht sa Bheilg agus tá ardmheas ag a bhainisteoir air.

Beidh Dara O’Shea i dteannta Cullen ag Turf Moor i mbliana agus an cosantóir ceannaithe an samhradh seo ag Burnley ó West Bromwich Albion, ar imir sé 28 uair dóibh nuair a bhí siad sa Phríomhroinn in 2020-21.

Tá an Baile Átha Cliathach san iomaíocht le Hjalmar Ekdal d’áit i lár aonad cosanta Burnley anocht agus na Clarets ag iarraidh barrthuisle a bhaint as na seaimpíní.

Ní dócha go mbeidh an Baile Átha Cliathach eile atá ag Burnley, an tosaí Michael Obafemi, ag imirt in aon chor anocht, agus é fós ag teacht chuige féin ón ngortú a bhain dó agus é ag imirt d’Éirinn in aghaidh Ghiobráltar i mí an Mheithimh.

Chiedozie Ogbene. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá Obafemi ceannaithe go buan ag Burnley i ndiaidh dó teacht chucu ar thréimhse iasachta mí Eanáir seo caite, tréimhse inar scóráil sé dhá chúl sa 12 cluiche a d’imir sé. 32 uair a d’imir Obafemi do Southhampton sa Phríomroinn idir 2017 agus 2021. Imreoir é a raibh gealladh faoi agus go leor cainte faoi an uair sin agus beidh bainisteoir na hÉireann, Stephen Kenny, ag súil go mbláthóidh sé agus deis eile faighte aige ag an leibhéal is airde.

Is é Dara Costelloe an ceathrú Éireannach ag Burnley agus é fillte ó thréimhse iasachta le Bradford. Cuibheasach go maith a bhí a thréimhse i League 2 agus níor éirigh leis scóráil sa 11 cluiche a d’imir sé. Níl aon amhras ach go bhfuil mianach sa Luimníoch óg, a bhí ar an duine is óige a d’imir riamh do Galway United nuair a chuaigh sé chun páirce dóibh in 2018 agus gan é ach 15 bliain d’aois, ach b’fhéidir go seasfadh sé leis dá bhfaigheadh sé breis taithí i roinn níos ísle.

Alex Murphy. Pictiúr: NUFC

Iar-imreoir eile de chuid Galway United é Alex Murphy as Eanach Dhúin, cosantóir a d’imir den chéad uair do chéad fhoireann Newcastle United le déanaí nuair a chuir sé chun páirce i gcluiche réamhshéasúir in aghaidh Fiorentina. Chruthaigh sé go maith sa chluiche céanna agus is léir a mhianach cé nach bhfuil sé ach 19 mbliana déag ar éigean.

Is cinnte go mbeidh súil ghéar á coimeád chomh maith ag Stephen Kenny ar an Amex amárach, mar a mbeidh Brighton and Hove Albion, a rinne éacht anuraidh  críochnú sa séú háit, á fhéachaint le Luton Town atá ag filleadh ar an tsraith is airde i Sasana den chéad uair le breis is 30 bliain.

Meastar nach bhfuil aon ní cóir i ndán do Louie Watson ag Luton, an séasúr seo,ach go háirithe, agus is cosúil go bhfuil tréimhse Glen Rea sa chlub ag teacht chun deiridh.

D’fhéadfadh, áfach, go n-imreoidh Éireannach eile, an cliathánaí Chiedozie Ogbene, a chéad chluiche sa Phríomhroinn amárach do na Hatters.

Lá mór a bheadh ann d’Ogbene má roghnaítear é, ach is dócha gur mó aird a bheidh ag lucht tacaíochta na hÉireann agus mórán eile ar Evan Ferguson má bhíonn sé siúd ag imirt do Brighton. Cé nach bhfuil ach 20 cluiche ar fad imeartha aige sa Phríomhroinn, níl aon amhras ach gurb é Ferguson, imreoir óg na bliana seo caite ag a chlub, réalta mhór na hÉireann sa Phríomhroinn. Sé chúl a scóráil Ferguson sa tsraith anuraidh, ceann gach 158 nóiméad a d’imir sé.

Mura mbeadh conradh nua sínithe ag Ferguson le foireann Roberto de Zebri, is cinnte go mbeadh suim léirithe ann ag cuid de mhórchlubannna na hEorpa. Beidh an tosaí óg ag imirt san Europa League i ndiaidh ghaiscí Brighton an séasúr seo caite, ach má choimeádann an tosaí óg ag feabhsú leis, seans gur sa Champions League a bheidh sé ag imirt lá níos faide anonn.

D’imir Andy Moran, Baile Átha Cliathach óg eile, a chéad chluiche do Brighton anuraidh nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí in aghaidh Everton i mí Eanáir. Shínigh Moran conradh nua ceithre bliana le Brighton i mbliana agus ní foláir go bhfuil meas ag de Zebri ar an bhfear lár páirce nach bhfuil 20 bliain d’aois go fóill. Tuairiscítear go bhfuil cuid mhaith clubanna sa Championship ag iarraidh Moran a fháil ar iasacht don séasúr nua.

Matt Doherty. Pictiúr: INPHO/Nick Elliott

D’fhéadfadh go mbeadh beirt Éireannach ag Wolves agus iad ag triall ar Old Trafford Dé Luain. Tá Matt Doherty fillte ar a sheanchlub i ndiaidh dó tréimhse nach raibh thar mholadh beirte a chaitheamh le Spurs agus ar iasacht ag Atletico Madrid.  Beifear ag súil go gcuirfidh an t-athrú beocht nua sa chosantóir a bhí ina laoch ag Wolves nuair a bhí sé ann cheana.

Más seanfhondúir é Doherty atá ag iarraidh teacht aniar a dhéanamh, a mhalairt de scéal é ag an Éireannach eile atá ag Wolves, Joe Hodge. D’imir an fear lár páirce, a bhuaigh an FA Youth Cup le Manchester City in 2020, do Wolves sé bhabhta sa Phríomhroinn an séasúr seo caite agus beidh sé ag súil le tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh sna míonna romhainn.

Seamus Coleman. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tá conradh bliana eile sínithe le Everton ag Seamus Coleman, duine de mhórlaochra a chlub agus a thíre. Tá Coleman sa Táin in Merseyside mar a mbíonn lucht leanta Everton ag canadh i gcónaí faoin €60,000 a tugadh do Sligo Rovers air mí Eanáir 2009, agus cuirfear fáilte mhór roimhe nuair a fhillfidh sé ón drochghortú a bhain dó anuraidh.

Níl cinneadh déanta fós ag tosaí óg Everton Tom Cannon an roghnóidh sé Éire nó Sasana, ach is cinnte go bhfuil mianach sa naoscaire fiche bliain d’aois a scóráil ocht gcúl sa 21 cluiche a d’imir sé sa Championship an séasúr seo caite le linn a thréimhse iasachta le Preston North End. Tá caint ann go bhfuil Preston ag iarraidh é a fháil ar iasacht arís agus go bhfuil suim ag Sunderland ann chomh maith.

John Egan. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá John Egan ag filleadh ar an bPríomhroinn mar chaptaen ar Sheffield United i mbliana agus beidh a fhoireann ag brath go mór air más áil leo fanacht thuas. Faraor, seans gur ag snámh in aghaidh easa a bheidh Egan agus a chomhghleacaithe d’uireasa réalta na bliana seo caite, Iliman Ndiaye.

Ag Brentford a bheidh an t-imreoir Éireannach is costasaí riamh an séasúr seo agus €25 milliún tugtha do Wolves air. Club a bhfuil borradh fúthu iad Brentford agus beifear ag súil go mbláthóidh an cosantóir as Cill Dara a thuilleadh faoi stiúir Thomas Frank, duine de na bainisteoirí is cumasaí sa Phríomhroinn.

Beidh an Corcaíoch Caoimhín Kelleher séasúr eile ina chúl báire ionaid ag Liverpool. Beidh sé ag súil tuilleadh cluichí a imirt agus a chruthú nach botún a bhí ann fanacht. Beidh Troy Parrot ag súil le tús úr faoi Ange Postecoglou ag Tottenham Hotspur, ach d’fhéadfadh gurbh fhearr a d’oirfeadh club eile dó faoin tráth seo. Tá an scéal amhlaidh ag Jeff Hendrick nach bhfuil sa phlean atá ag Eddie Howe do Newcastle.

Tá conradh ag Harry Arter le Nottingham Forest i gcónaí ach níor imir sé dóibh ó mhí Eanáir 2001.

Agus tús á chur leis an séasúr nua acu anocht, beidh Manchester City ag iarraidh a bheith ar an gcéad chlub chun príomhshraith Shasana a bhuachan ceithre bliana as a chéile. Tá airgead mór caite ag leithéidí Arsenal, Manchester United agus Liverpool ag iarraidh breith suas leo ach is iad foireann Pep Guardiola, a bhí ag ceiliúradh faoi thrí anuraidh, rogha láidir na coitiantachta chun an beart a dhéanamh arís.

Fág freagra ar 'Evan Ferguson ag ceann an tslua beag Éireannach i bPríomhroinn Shasana'