Eolas diúltaithe faoi fhostaithe le Gaeilge toisc gur ‘sárú ar chosaint sonraí’ a bheadh ann

Eolas faoi líon na bhfostaithe le Gaeilge i monaracha i gCorr na Móna ina rún de bharr dualgais faoi chosaint sonraí, ach deir Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí nár léir dóibhsean go mbeadh aon sárú reachtúil i gceist

220-1030-signs-express-mullingar-provide-new-signage-to-rossport-pharmaceutical.full

Diúltaíodh eolas a thabhairt d’Éamon Ó Cuív TD (FF) faoi líon na bhfostaithe sa mhonaracha toitíní leictreonacha i gCorr na Móna ar cainteoirí Gaeilge ón nGaeltacht iad ar an mbunús gur ‘sárú ar chosaint sonraí’ a bheadh i gceist.

Tugadh le fios don Teachta Dála Ó Cuív go ndúirt an comhlacht a bhí i gceist, Ros Dumhach Cógaisíochta, nárbh fhéidir leo eolas a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta faoi líon na gcainteoirí Gaeilge ón nGaeltacht atá ag obair leo de bharr dualgas faoin Acht um Chosaint Sonraí. Níor tugadh le fios cén chuid den Acht sin a bheadh á sárú dá gcuirfí an t-eolas ar fáil.

Ach thug Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí le fios do Tuairisc.ie nár léir dóibhsean go mbeadh aon sárú reachtúil i gceist trí eolas faoi líon na ndaoine le Gaeilge a sholáthar.

Dúirt urlabhraí ón oifig sin nach mbeadh sárú reachtúil i gceist fad is nach bhféadfaí fostaithe ar leith a aithint ón eolas seo.

“Ó tharla nár iarradh ainmneacha na ndaoine aonair, ba chosúil nach mbeadh sonraí pearsanta i gceist. Ní léir go mbeadh baint ag an Acht um Chosaint Sonraí le hábhar”, dar le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí.

Chuir an Teachta Dála Ó Cuív an cheist ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys sa Dáil níos luaithe an tseachtain seo. Thug an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh le fios, thar ceann an Aire Shinsirigh, nárbh fhéidir leis an Údarás an t-eolas sin a thabhairt mar gheall ar an Acht um Chosaint Sonraí.

“Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil coinníollacha sainiúla maidir le húsáid na Gaeilge sa Chomhaontú Deontais leis an gcomhlacht a bhfuil tagairt déanta dó ag an Teachta. Tuigim freisin ón Údarás go bhfuil sé curtha in iúl ag an gcomhlacht dóibh nach féidir leo na sonraí atá iarrtha sa cheist a chur ar fáil mar gheall ar dhualgais an chomhlachta faoin Acht um Chosaint Sonraí,” a dúirt an tAire McHugh le hÉamon Ó Cuív.