Eolaithe óga ag teastáil chun páirt a ghlacadh i sraith nua ar TG4

Tá Meangadh Fíbín ag lorg ‘eolaithe óga’ a bhfuil Gaeilge líofa acu le páirt a ghlacadh i gclár nua spraíúil

Science2

Tá daoine óga á gcuardach ag an gcomhlacht Meangadh Fíbín chun páirt a ghlacadh i sraith nua eolaíochta a chraolfar ar TG4 go luath in 2016. Daoine a bhfuil suim faoi leith acu san eolaíocht agus a bhainfeadh sult as páirt a ghlacadh i gclár nua “spraíúil” atá á lorg ag an gcomhlacht léirithe.

Ba mhaith le Meangadh Fíbín go mbeadh na heolaithe óga seo ina gcainteoirí líofa Gaeilge, idir deich mbliana agus dhá bhliain déag d’aois, agus gealgháireach agus cairdiúil.

LogoDhá lá taifeadta an duine a bheidh i gceist ar a mhéad agus ní mór do dhaoine a fhreastalóidh ar an taifeadadh bheith i dteannta tuismitheora nó caomhnóra. Cuirfear lóistín ar fáil do chách a bheidh i láthair.

Le go mbeidís san áireamh chun freastal ar an taifeadadh sin, tá Meangadh Fíbín ag iarraidh ar dhaoine óga físeán gearr a dhéanamh díobh féin agus é a chur chuig an gcomhlacht.

Dúirt léiritheoir na sraithe nua, Siobhán Ní Bhrádaigh:

“Tá an-chur amach ag an lucht féachana ar shaol na teicneolaíochta. Beidh sé sin á cheiliúradh againn sa tsraith ach tá sé mar phríomhaidhm ag ‘Meangadh Fíbín’ an lucht féachana a tharraingt ar ais i dtreo na mbunphrionsabal eolaíochta; ábhair a láimhseáil, ábhair a dhearadh, triail a bhaint as turgnamh agus an timpeallacht mórthimpeall orthu a fhiosrú”.

Is féidir le daoine a bhfíseán a sheoladh ar ríomhphost chuig meangadh@gmail.com roimh an 4 Meán Fómhair 2015 agus tá iarrtha ag Meangadh Fíbín go ndéanfadh duine fásta maoirseacht ar gach iarratas ríomhphoist.

Fág freagra ar 'Eolaithe óga ag teastáil chun páirt a ghlacadh i sraith nua ar TG4'