El Cois Fharraigó tugtha leo ag an Spidéal agus Cill na Martra ag ceiliúradh ó dheas

Ag an Spidéal atá na cearta gaisce i gConamara i ndiaidh dóibh an ceann is fearr a fháil ar na Breatnaigh faoi dheireadh i gcraobh idirmheánach na Gaillimhe agus bhuaigh peileadóirí Chill na Martra Craobh Idirmheánach Chorcaí den chéad uair riamh

El Cois Fharraigó tugtha leo ag an Spidéal agus Cill na Martra ag ceiliúradh ó dheas

Is iad an Spidéal seaimpíní chraobh idirmheánach peile na Gaillimhe 2018 tar éis dóibh Micheál Breathnach a chloí inné. Theastaigh dhá chluiche agus am breise chun na comharsana a scaradh óna chéile ach, faoi deireadh, seans go raibh sé tuillte ar éigean ag fir an Spidéil an chreach a thabhairt leo agus an bua faighte acu 1-13 in aghaidh 1-11.

Ní raibh cuma na maitheasa orthu ag leath ama i Staid an Phiarsaigh Dé Domhnaigh. Cé nach raibh na Breathnaigh ach aon phointe amháin chun cinn, 1-4 in aghaidh 1-3, bheadh fear sa bhreis acu don dara leath uile tar éis do Chiarán Ó Droighneáin cárta dearg a fháil díreach roimh an mbriseadh.

Mar sin rinne an Spidéal ar fheabhas sa dara leath chun fanacht sa chluiche. Bhí Micheál Breathnach ag brath rómhór ar chumas Ruadháin Uí Churraoin ó na ciceanna saora agus níor thug an Spidéal cead dá gcéilithe comhraic ceannas a ghlacadh ar an imirt.

Mar sin féin, d’fhéadfadh go mbeadh an cluiche seo buaite ag na Breathnaigh murach na gaiscí a rinne cúl báire an Spidéil, Maghnus Breathnach. Agus an t-am beagnach caite, chuaigh an Breathnach ar ruathar suas an pháirc, bhuaigh sé cic saor 40m amach ón gcúl agus sheol sé féin iarracht ghleoite thar an trasnán, iarracht a chinntigh go mbeadh am breise ann.

Níorbh é sin an chéad uair sa ar tháinig Breathnach i gcabhair ar an Spidéal ach an oiread. Shábháil sé iarracht ó Rónán Mac Donnacha agus gan ach ocht nóiméad imeartha agus cé gur éirigh le Mac Donnacha cúl a aimsiú cúpla nóiméad ina dhiaidh sin, d’aimsigh Dara Mac an Rí cúl den scoth don Spidéal cúig nóiméad roimh leath ama.

Agus cúigear déag arís ag an Spidéal d’am breise, ba iad an fhoireann ab fhearr le linn na tréimhse sin. D’aimsigh Mac an Rí, ar bronnadh laoch na himeartha air, Finnian Ó Laoi agus Antaine Ó Laoi cúilíní cinniúnacha dóibh sa 20 nóiméad breise sin chun an bua a chinntiú dóibh, bua a fhágann gur i ngrád na sinsear a bheidh fir an Spidéil an chéad bhliain eile.

Cill Na Martra ag ceiliúradh ©INPHO/Laszlo Geczo

Corcaigh

Bhuaigh peileadóirí Chill na Martra Craobh Idirmheánach Chorcaí den chéad uair riamh Dé Domhnaigh nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Achadh Bolg, 2-17 in aghaidh 1-10  i bPáirc Uí Chaoimh, Chaill an fhoireann Ghaeltachta trí chluiche leathcheannais le ceithre bliana anuas ach ba chuma faoi sin agus bua breá acu i gcluiche ina raibh siad i gceannas ó thús go deireadh.

Bhí Achadh Bolg ag imirt le cóir na gaoithe sa chéad leath agus cé gur aimsigh siad cúl tar éis 20 nóiméad a d’fhág aon phointe amháin chun cinn iad, ní raibh aon mhórúdar míshásaimh ag Cill na Martra a bhí ag imirt go maith.

Bhí Micheál Ó Deasúna an-chruinn ó na ciceanna saora agus d’éirigh leis an bhfoireann Ghaeltachta dhá scór déag as a chéile a fháil agus iad ina máistrí ar fad ar an imirt.

Bhí siad ceithre phointe chun cinn ag leath ama, 0-10 in aghaidh 1-3, agus nuair a d’aimsigh Shane Ó Duinnín cúl agus fiche nóiméad fágtha, bhí cuma na maitheasa orthu. D’aimsigh Ó Duinnín cúl eile deich nóiméad ina dhiaidh sin, scór a d’fhág 16 pointe chun cinn iad, 2-16 in aghaidh 1-6. Cé gur éirigh le Achadh Bolg cúpla scór a fháil roimh dheireadh na himeartha ní raibh aon amhras ann ach gurbh é captaen Chill na Martra, Graham Ó Mocháin a bheadh ag ardú an choirn.

Fionn Fitzgerald na gCrócach agus Paul Geaney an Daingin  á fhéachaint lena chéile ©INPHO/James Crombie

Ciarraí

Níl deireadh tagtha fós le forlámhas na gCrócach i gCraobh Shinsir an Chontae i gCiarraí agus Corn an Easpaig Uí Mhuineacháin tugtha leo acu den seachtú huair ó 2010 tar éis dóibh Daingean-Uí Chúis a chloí i dTrá Lí inné. Farasbarr sé phointe a bhí ag na Crócaigh ar deireadh, 1-15 in aghaidh 0-12.

Is beag a bhí idir na foirne den chuid is mó den chluiche, agus ba é cúl na gCrócach, a fuair Gavin White agus 57 nóiméad imeartha, an scór cinniúnach. Bhí an bua tuillte ag foireann Chill Áirne agus d’éirigh leo Paul Geaney a choinneáil faoi chois don chuid is mó. Níor aimsigh an lántosach ach pointe amháin ón imirt, agus ar an dtaobh eile ba bhuntáiste mór é do na Crócaigh go raibh scata imreoirí acu ar éirigh leo scóranna a fháil nuair ba ghá. Fuair David Shaw ceithre cinn ón imirt, trí cinn acu ag sa chéad leath nuair a bhí na Crócaigh i gceannas.

Bhí siad sé phointe chun cinn ag tráth amháin sa chéad leath sin, 0-8 in aghaidh 0-2, ach d’éirigh leis an Daingean an bhearna a laghdú agus ní raibh ach dhá phointe idir na foirne ag leath ama.

Ní éirigh leo an bhearna a laghdú tuilleadh áfach agus tá fir an Daingin fós ag fanacht ar a gcéad chraobh ó 1948.

Fág freagra ar 'El Cois Fharraigó tugtha leo ag an Spidéal agus Cill na Martra ag ceiliúradh ó dheas'