Eisceacht déanta d’fhoilsiú Acht tábhachtach nua i mBéarla amháin

Tá mír ar leith curtha sa Companies Act 2014, a thiocfaidh i bhfeidhm go luath, a chuireann dualgais teanga ar ceal

Times advert pic

Ní bheidh fáil ar leagan Gaeilge d’Acht na gCuideachtaí 2014, tráth a dtiocfaidh an reachtaíocht sin i bhfeidhm i Meitheamh na bliana seo. Tá an méid sin deimhnithe ag údaráis Thithe an Oireachtais do Tuairisc.ie.

Píosa suntasach reachtaíochta atá anseo a dhéanann nuashonrú ar dhlí na tíre ar fad a bhaineann le riaradh agus stiúradh cuideachtaí in Éirinn. Tá os cionn 1,000 leathanach ann agus tá fógraí i nuachtáin na seachtaine seo ag comhairliú faoi thús feidhme na reachtaíochta.

Ach níl ná ní bheidh leagan Gaeilge den Acht ar fáil faoin am a dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Cé go bhfuil riachtanas ann go bhfoilseofaí leagan clóite de reachtaíocht na tíre go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla, tá eisceacht déanta sa chás seo.

Cuireadh mír ar leith san Acht nua – alt 1447 ar leathanach 1084 – go bhféadfaí an dlí nua seo a fhoilsiú i mBéarla amháin.

Dúirt urlabhraí ó Thithe an Oireachtais go bhfuil “an próiseas aistriúcháin ar an Acht sin ar siúl faoi láthair” ach ní mheastar go mbeidh an tiontú oifigiúil ar fáil faoi thús an Mheithimh.

Thug an t-urlabhraí le fios freisin gur léirigh anailís a rinneadh ar aistriú achtanna “go bhfuil moill shuntasach ann ag céim na heagarthóireachta den phróiseas” agus mar thoradh ar an anailís sin “go bhfuil poist nua eagarthóireachta a chruthú chun dul i ngleic leis an moill”.

Dheimhnigh Oifig Dhíolta Foilseacháin na nOibreacha Poiblí (OPW), atá freagrach as soláthar na reachtaíochta i bhfoirm chlóite, go bhfuil fáil ar chóipeanna den Companies Act 2014 i mBéarla ar chostas €111 an ceann.

Bhíodh riachtanas ann go dtí an bhliain 2011 reachtaíocht a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla. Leasaíodh é sin agus ceadaítear anois reachtaíocht a fhoilsiú i dteanga amháin – Béarla de ghnáth – ar an idirlíon, ach éilítear fós nach bhfoilseofaí leaganacha clóite de reachtaíocht ar bith nó go mbeadh fáil air sa dá theanga, Gaeilge agus Béarla.

Is eisceacht, áfach, an Companies Act 2014 mar gur achtaíodh foráil speisialta a cheadaíonn go bhfoilseofaí i mBéarla amháin é.

D’fhéadfadh amhras, áfach, a bheith i gceist an féidir an tAcht nua a thabhairt i bhfeidhm gan an leagan Gaeilge de a bheith ar fáil.

Sa bhliain 2001, sa chás Ó Beoláin -v- Fahy, thug an Breitheamh Aidrian Hardiman le tuiscint go raibh amhras ann gur sárú ar chearta bunreachtúla a bheadh ann iarracht a dhéanamh an dlí a chur i bhfeidhm gan an tiontú oifigiúil a bheith ar fáil.

Ag caint dó le Tuairisc.ie aréir, dúirt an tAbhcóide Dáithí Mac Cárthaigh “gur géilleadh go dtí seo” don tuiscint sin.

Fág freagra ar 'Eisceacht déanta d’fhoilsiú Acht tábhachtach nua i mBéarla amháin'

  • CríostóirOF

    Is cóir dos na Gaeil gan glacadh go bhfuil feidhm ag aon dlí mura bhfuil sé ar fáil inár dteanga.